Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

aistrí

aistrigh

idirnáisiúnta

arm

4 thoradh in 4 dhoiciméad

  1. #1873573

    Is iad cuspóirí an Chinnidh seo rialuithe feabhsaithe ar aistrithe arm ag tríú tíortha a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil idirnáisiúnta i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú.

    The objectives of this Decision are to promote improved controls on arms transfers by third countries and to support third countries’ efforts, at national and regional levels, to render international trade in conventional weapons more responsible and transparent, and to mitigate the risk of the diversion of arms to unauthorised users.

    Cinneadh (CBES) 2020/1464 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn

  2. #2271647

    Bunaíodh an Chomhshocraíocht Wassenaar (WA) chun cuidiú le slándáil agus cobhsaíocht réigiúnach agus idirnáisiúnta trí trédhearcacht agus freagracht níos mó a chur chun cinn maidir le haistrithe na ngnáth-arm agus na n-earraí agus na dteicneolaíochtaí dé-úsáide, rud a chuireann cosc le carnadh a d’fhéadfadh díchobhsaíocht a chruthú.

    The Wassenaar Arrangement (WA) has been established in order to contribute to regional and international security and stability, by promoting transparency and greater responsibility in transfers of conventional arms and dual-use goods and technologies, thus preventing destabilising accumulations.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-ítimí dé-úsáide

  3. #2391573

    An Córas Leictreonach le haghaidh Sásra Réigiúnach Cumarsáide um Aistrithe Dleathacha Arm Tine agus Armlóin (MCTA) a chlársceidealú, ar sásra réigiúnach é chun fógra a thabhairt agus faisnéis a mhalartú maidir le haistriú dleathach arm tine agus ar forbraíodh a gcreat agus a gceanglais theicniúla le linn Chéim I. Tá sé ar aon dul leis an taithí dhearfach a fuair an tAontas Eorpach agus ligfidh sé do thíortha leochaileachtaí agus rioscaí atreoraithe maidir le tráchtáil dhlíthiúil idirnáisiúnta arm tine a shainaithint agus a tharchur go tapa.

    Programming of the Electronic System for the Regional Communication Mechanism on Licit Transfers of Firearms and Ammunition (MCTA), a regional mechanism for the notification and exchange of information on the licit transfer of firearms, whose framework and technical requirements were developed during Phase I. It mirrors the positive experience of the European Union and will allow countries to quickly identify and communicate about vulnerabilities and diversion risks on the international legal commerce of firearms.

    Cinneadh (CBES) 2022/847 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leathadh agus gáinneáil aindleathach mionarm agus arm éadrom (SALW) agus armlón agus a dtionchar i gcríocha Mheiriceá a chosc agus a chomhrac

  4. #2924678

    Is iad cuspóirí an Chinnidh seo rialuithe feabhsaithe ar aistrithe arm arna dhéanamh ag tríú tíortha a chur chun cinn agus tacú le hiarrachtaí tríú tíortha, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, trádáil idirnáisiúnta i ngnáth-airm a dhéanamh níos freagraí agus níos trédhearcaí, agus an baol go ndéanfaí airm a atreorú chuig úsáideoirí neamhúdaraithe a mhaolú.

    The objectives of this Decision are to promote improved controls on arms transfers by third countries and to support third countries’ efforts, at national and regional levels, to render international trade in conventional weapons more responsible and transparent, and to mitigate the risk of the diversion of arms to unauthorised users.

    Cinneadh (CBES) 2023/2539 ón gComhairle an 13 Samhain 2023 lena dtacaítear le tionscadal maidir le rialuithe éifeachtacha ar onnmhairiú arm a chur chun cinn