#476128
ciallaíonn ‘árachóir údaraithe’ aon ghnóthas (nach gnóthas comhaltais shrianta) atá taifeadta i gClár na nGnóthas Sochar Sláinte, agus a sheolann go dleathach an gnó árachais liachta sin dá dtagraítear sa mhíniú ar ‘conradh iomchuí’ ach, i ndáil le pearsa aonair, ciallaíonn sé freisin aon ghnóthas (nach gnóthas comhaltais shrianta) arna údarú de bhun Threoir Uimh. 73/239/CEE an 24 Iúil 1973 ón gComhairle, Threoir Uimh. 88/357/CEE an 22 Meitheamh 1988 ón gComhairle agus Threoir Uimh. 92/49/CEE an 18 Meitheamh 1992 ón gComhairle, i gcás gur cuireadh conradh den sórt sin i gcrích leis an bpearsa aonair tráth nach raibh cónaí ar an bpearsa aonair sa Stát ach go raibh cónaí air nó uirthi i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha;
‘authorised insurer’ means any undertaking (not being a restricted membership undertaking) entered in The Register of Health Benefits Undertakings, lawfully carrying on such business of medical insurance referred to in the definition of ‘relevant contract’ but, in relation to an individual, also means any undertaking (not being a restricted membership undertaking) authorised pursuant to Council Directive No. 73/239/EEC of 24 July 1973, Council Directive No. 88/357/EEC of 22 June 1988, and Council Directive No. 92/49/EEC of 18 June 1992, where such a contract was effected with the individual when the individual was not resident in the State but was resident in another Member State of the European Communities;