#761280
—I gcás toghthóir de dháilcheanntar ar bith a bheith i bhfostuíocht ag ceann comhrimh an dáilcheanntair sin chun aon críche a bhainfidh le toghachán i gcóir an dáilcheanntair sin, agus go ndéanfadh cúrsaí fostuíochta an toghthóra san, dar leis an gceann comhrimh, é do chosc ar vótáil sa stáisiún vótaíochta 'na mbeadh teideal ag an dtoghthóir sin chun vótáil ann mara mbeadh na cúrsaí sin, féadfaidh an ceann comhrimh údarás do thabhairt don toghthóir sin, le teisteas a tabharfar sa bhfuirm cheaptha, chun vótáil in aon stáisiún vótaíochta eile sa dáilcheanntar, agus, chun críche Riail a 16 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear gurb é an stáisiún vótaíochta san a ceapadh mar stáisiún vótaíochta don toghthóir sin.
—Where an elector for any constituency is employed by the returning officer for that constituency for any purpose in connection with an election for that constituency, and the circumstances of that elector's employment are, in the opinion of the returning officer, such as to prevent him from voting at the polling station at which that elector would otherwise be entitled to vote, the returning officer may authorise such elector, by a certificate given in the prescribed form, to vote at any other polling station in the constituency, and that polling station shall, for the purpose of Rule 16 of the Fifth Schedule to this Act be deemed to be the polling station allotted to that elector.