Gaois

Dhá Scoláireacht Taighde PhD

Blog post is available in Irish only

Fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu cur isteach ar dhá chomhaltacht PhD atá á dtairiscint faoi láthair ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Beidh an taighde bunaithe ar obair Gaois, i.e. an logainmíocht, an aimneolaíocht, taighde téarmeolaíochta agus corpais, canúintí, béaloideas, agus teicneolaíochtaí teanga (féach tuilleadh eolais ar shuíomh Gaois).

An Chomhaltacht:

Beidh luach €25,000 (stipinn) per annum ag gabháil leis an gcomhaltacht agus clúdófar na táillí clárúcháin bliantúla go ceann tréimhse 4 bliana ar chuntar go ndéanfaidh an mac léinn an dul chun cinn acadúil riachtanach ó bhliain go chéile. Beidh an mac léinn cláraithe le haghaidh PhD le Fiontar & Scoil na Gaeilge agus beidh an taighde faoi stiúir bhaill foirne na Scoile. Lonnófar an mac léinn ag stáisiún oibre in oifig chuí sa Scoil agus beidh fáil aici/aige ar ríomhaire agus ar acmhainní agus seirbhísí taighde iarchéime na hOllsoile. Beidh an mac léinn faoi réir Rialacháin Acadúla um Iarchéimeanna Taighde na hOllscoile maidir le gach gné dá c(h)lár taighde.

Cáilíochtaí Riachtanacha:

Ní mór cáilíochtaí sa réimse cuí a bheith ag iarratasóirí le haghaidh an chláir PhD de réir mar atá leagtha amach i Rialacháin Acadúla um Iarchéimeanna Taighde na hOllscoile (§3.3):

Bunchéim (Leibhéal 8): Céad Onóracha nó Dara Onóracha, Grad 1

Máistreacht (Leibhéal 9): Céad Onóracha nó Dara Onóracha

An Próiseas Iarratais:

Ní mór do dhaoine ar suim leo an chomhaltacht iarratas a réiteach ina mbeidh na nithe seo a leanas san áireamh: (1) CV (nach faide ná trí leathanach) ina mbeidh cur síos ar a dtaithí acadúil go dtí seo; (2) liosta d’aon fhoilseacháin/imeachtaí acadúla; (3) cur síos ar thogra taighde (gan dul thar 1,000 focal) a bhfuil suim acu tabhairt faoi. Níor mhór go dtiocfadh an togra sin le raon sainchumas taighde na mball foirne sa Scoil. D’fhéadfadh agallaimh a bheith i gceist mar chuid den phróiseas iarratais.

Féadfaidh iarratasóirí gné ar bith den phróiseas a fhiosrú le gaois@dcu.ie nó go díreach le duine de léachtóirí ghrúpa taighde Gaois, i.e. Gearóid Ó Cleircín, Brian Ó Raghallaigh, Úna Bhreathnach, Ciarán Mac Murchaidh nó Mícheál J Ó Meachair. Moltar an t-iarratas a phlé go neamhfhoirmiúil roimh é a aighniú. Ba chóir d’iarrthóirí iarratas leictreonach a chur ar aghaidh chuig gaois@dcu.ie faoi 1200h, Dé hAoine 30 Samhain 2025. Ní ghlacfar le hiarratais chrua.

Aguisín: samplaí de thaighde PhD (ní liosta cuimsitheach atá anseo):

  • Logainm: Taighde a dhéanamh ar thacar mionlogainmneacha i gceantar ar leith, agus foirmeacha stairiúla na logainmneacha sin a rianú siar trí cháipéisí stairiúla agus ceartfhoirmeacha Gaeilge a mholadh más cuí; déanfar na torthaí a fhoilsiú ar Meitheal Logainm. Féach tráchtas Aindí Mac Giolla Chomhghaill (2024) agus tráchtas Justin Ó Gliasáin (2022).
  • Logainm: Staidéar comparáideach a dhéanamh ar chatagóir logainm ar leith e.g. ainmneacha aibhneacha, ainmneacha sléibhte. Corpas cuimsitheach de na logainmneacha sin a chur le chéile agus anailís a dhéanamh ar chursaí dáileacháin, pátrúin teangeolaíochta, stór focal etc. Leas a bhaint as bogearraí úrscothacha mapála agus físiú sonraí chun na torthaí taighde a chur i láthair.
  • Corpas: Sainchorpas nua a fhorbairt, as ábhar Comhar mar shampla, agus taighde a bhunú air. Féach tráchtas Katie Ní Loingsigh (2016).
  • Corpas: Taighde nua teangeolaíochta a bhunú ar Chorpas Náisiúnta na Gaeilge, e.g. iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den Ghaeilge atá ag athrú, anailís dioscúrsa bunaithe ar théama nó topaic ar leith, na comharthaí sóirt a bhaineann le réimse teanga áirithe a scrúdú (e.g. Gaeilge na reachtaíochta).
  • Canúint: Díriú ar réigiún nó ar chainteoir ar leith tríd an dtionscadal Canúint, rud a mhéadóidh an stór focal agus taifeadtaí atá ar fáil tríd an suíomh agus a ligfidh don mac léinn saineolas a fháil ar mhionchanúint ar leith. Mar shampla, d’fhéadfaí cláracha ‘Joe Daly sa Chúinne’ ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a thras-scríobh agus a chur ar fáil trí Chanúint. Díríonn na cláracha seo ar bhéaloideas agus ar chanúint Chorca Dhuibhne. Bheadh obair canúneolaíochta, téarmeolaíochta agus códú ríomhaireachta i gceist.
  • Dúchas: Taighde ar bhailitheoir nó ar ghné áirithe den bhéaloideas (féach tráchtas Michelle Dunne (2023)).
  • Ainm: Tionscadal ina ndíreofaí ar Ghaeilgeoirí Mheiriceá Thuaidh (SAM, Ceanada).
  • Ainm: Tionscadal ina ndéanfaí iniúchadh ar bhearnaí sa bhunachar (e.g. gannionadaíocht ar mhionlaigh ar leith).
  • Eile: Taighde ríomhtheangeolaíochta, teicneolaíochta teanga, eolaíochta sonraí teanga, etc., a bhainfeadh leas as sonraí teanga Gaois.