Gaois

Mic léinn

Is grúpa taighde é Gaois agus cuirtear fáilte roimh mhic léinn páirt a ghlacadh san obair. Déantar é sin ar dhá bhealach:

  1. Cuirtear fáilte roimh fhiosruithe ó mhic léinn ar mian leo intéirneachtaí nó tréimhsí taithí oibre a eagrú leis an ngrúpa taighde. Tá tréimhsí caite ag mic léinn fochéime agus iarchéime as UCC, UL, UCD, Ollscoil na Gaillimhe, Notre Dame agus DCU féin linn. Faigheann na mic léinn taithí ar na tionscadail éagsúla de réir a gcuid spéiseanna féin agus riachtanais oibre na foirne (tá blagmhír anseo ó dhuine acu). Ní ghlactar ach le mic léinn ag a bhfuil na scileanna teanga cuí le feidhmiú i bpost lán-Ghaeilge.

  2. Glactar chomh maith le mic léinn taighde (M.A. agus PhD) ó am go ham. Tá réimse leathan ábhair spéise ag an triúr léachtóirí sa ghrúpa taighde, an Dr Úna Bhreathnach, an Dr Gearóid Ó Cleircín agus an Dr Brian Ó Raghallaigh. D’fhéadfaí taighde a bhunú ar obair na dtionscadal éagsúil, ar réimse ábhair amhail:

  • an téarmeolaíocht
  • an ainmeolaíocht
  • an béaloideas
  • na daonnachtaí digiteacha
  • beathaisnéisí
  • obair chorpais
  • an fhoclóireacht
  • an sluafhoinsiú
  • foghraíocht
  • fóineolaíocht
  • frásaíocht
  • teicneolaíocht urlabhra
  • mionteangacha
  • acmhainní gréasáin
  • bunachair léacsacha
  • teicneolaíocht teanga

Mic léinn reatha

Orlaith Hickey (faoi stiúir an Dr Úna Bhreathnach agus an Dr Pádraig Uí Liatháin): Staidéar ar ról imeallach na mban i mbeathaisnéisí na Gaeilge: Ról Ainm in athshlánú scéalta ban. Tá dhá phríomhaidhm ag an tionscadal PhD seo: scrúdú a dhéanamh ar bheathaisnéisí reatha na mban sa bhunachar náisiúnta beathaisnéisí Gaeilge, Ainm.ie, agus iarracht a dhéanamh cur le líon na mbeathaisnéisí baineanna in Ainm.

Teresa Clifford (faoi stiúir an Dr Brian Ó Raghallaigh agus an Dr Mícheál J. Ó Meachair): Tá BA comhchéim onóracha sa Nua-Ghaeilge agus Drámaíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, le tráchtas scríofa acu faoi dhioscónna in Éirinn do dhéagóirí trí lionsa léann an taibhléirithe. Tá taithí acu a bheith ag obair le nathanna ilfhoclacha, neamh-chomhdhéantacht agus coimeádaíocht sonraí uaidh a cuid oibre le hIonad ADAPT agus an togra eSTÓR. Baineann a gcuid taighde faoi láthair le measúnú, débhrí agus NLP.

Céimithe

An Dr Aindí Mac Giolla Chomhghaill (faoi stiúir an Dr Gearóid Ó Cleircín agus an Dr Brian Ó Raghallaigh): Mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge i ngleannta Chontae Bhaile Átha Cliath (tráchtas PhD, 2024). Bhain taighde Aindí le mionlogainmneacha de bhunadh Gaeilge sna gleannta i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Cuireadh san áireamh idir pháircainmneacha an lae inniu (e.g. an cnuasach The Field Names of Glenasmole le Pat Lee, a bhfuil leagan de ar fáil ar meitheal.logainm.ie), mhionainmneacha a bailíodh ó na cainteoirí dúchais deireanacha san 19ú haois, mhionainmneacha a bailíodh sa 20ú haois — cuid díobh as an gcartlann fuaime sa Chnuasach Bhéaloideasa — agus ainmneacha stairiúla. Deimhníodh fuaimniú gach logainm bheo agus bailíodh ainmneacha breise le linn obair pháirce. Ón taighde seo a cuireadh corpas le chéile. Rinneadh anailís teangeolaíochta ar gach logainm agus moladh foirm Ghaeilge, go ndearnadh anailís tíopeolaíochta ar na foirmeacha Gaeilge sin. Cuireadh an corpas i gcomparáid le cnuasaigh eile as na contaetha teorantacha i gCúige Laighean ó thaobh na logainmníochta de agus pléadh roinnt phointí canúineolaíochta a tháinig chun solais. Cruthaíodh léarscáileanna agus léaráidí chun gnéithe éagsúla den taighde a léiriú. Tá an t-ábhar go léir le cur ar fáil ar meitheal.logainm.ie.

An Dr Michelle Dunne (faoi stiúir an Dr Úna Bhreathnach agus an Dr Críostóir Mac Cárthaigh (UCD)): Saintréithe de Thraidisiún Béil na mBan agus de Ghaeilge Luaigh i gCnuasach Sheáin Mhic Mhathúna (tráchtas PhD, 2023). Bhain a cuid taighde le heolas faoi mhná agus ó mhná sa chnuasach béaloidis a bhailigh Seán Mac Mathúna (1876-1949) in iarthuasiceart an Chláir. Tugadh léargas ar an gcanúint áitiúil a labhraíodh sa limistéar taighde. Fiosraíodh iompar agus ról (traidisiúnta) na mban agus an bhanúlacht 'idéalach' mar a rinneadh cur síos orthu sna lámhscríbhinní freisin.

An Dr Jamie Murphy (faoi stiúir an Ollaimh Ciarán Mac Murchaidh agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh): An bhfuil athghabháil na Gaeilge mar skopos i ndrámaí aistrithe na Gaeilge? Anailís fheidhmiúlach ar chnuasach aistriúchán Gaeilge ó dhrámaí de chuid Martin McDonagh agus J.M. Synge (tráchtas PhD, 2023). Is é aidhm an tráchtais seo anailís fheidhmiúlach a dhéanamh ar chnuasach drámaí aistrithe de chuid Martin McDonagh agus J.M. Synge. Bunaítear fráma na modheolaíochta trí chéile ar ‘skopos’ arb ionann é agus ‘aidhm’ sa Ghaeilge. Áitítear sa tráchtas seo gurb é aidhm chúlghabhálach na n-aistriúchán atá á n-anailísiú ná ‘athghabháil na Gaeilge’.

An Dr Justin Ó Gliasáin (Faoi stiúir an Dr Gearóid Ó Cleircín agus an Dr Aengus Finnegan (UL)): Mionlogainmneacha i mbarúntachtaí Uíbh Fhailí thoir agus Uíbh Fhailí thiar, Contae Chill Dara (tráchtas PhD, 2022). Is é aidhm an tráchtais seo bailiúchán mionlogainmneacha i mBarúntachtaí Uíbh Fhailí Thoir agus Uíbh Fhailí Thiar, Contae Chill Dara, a chur i láthair, agus grinnanailís a dhéanamh ar gach ainm d’fhonn a shanasaíocht agus a bhunfhoirm a dhéanamh amach agus, i gcás mionlogainmneacha de bhunadh na Gaeilge, d’fhonn ceannfhoirm Ghaeilge a mholadh.

An Dr Katie Ní Loingsigh (faoi stiúir an Dr Brian Ó Raghallaigh agus an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín): Tiomsú agus rangú i mbunachar sonraí ar chnuasach nathanna Gaeilge as saothar Pheadair Uí Laoghaire (tráchtas PhD, 2016). Mar chuid den taighde, thiomsaigh Katie corpas leictreonach de shaothar foilsithe Pheadair Uí Laoghaire, chnuasaigh sí léacsacan nathanna as Foclóir Uí Dhónaill agus Foclóir Dinneen, agus chruthaigh sí bunachar nathanna as corpas Pheadair Uí Laoghaire. Tá an bunachar nathanna ar fáil anseo.

An Dr Fionnuala de Barra-Cusack (faoi stiúir an Dr Dorothy Kenny, SALIS; maoinithe faoi scáth thionscadal Focal): A user-oriented study of metadata in focal.ie (tráchtas PhD, 2014). Tugadh faoin taighde seo le maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do chomhaltacht taighde chun athstruchtúrú a dhéanamh ar ordlathas réimsí focal.ie (téarma.ie anois).

Cáit Nic Fhionnlaoich (faoi stiúir an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín): Cóiriú cartlann fuaime logainmneacha (tráchtas MA, 2012). Ba é sprioc an tráchtais seo ná Cartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha (1,200 uair an chloig d’ábhar fuaime a bailíodh sa tréimhse 1961–2000) a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach ar líne d’fhoireann an Bhrainse Logainmneacha agus do thaighdeoirí logainmneacha araon. Rinneadh bunchatalóg lámhscríofa an Bhrainse Logainmneacha a thras-scríobh agus a chur in eagar mar threoir taighde don bhunachar ar líne. Roghnaíodh an t-ábhar ó Ghabhla i dTír Chonaill mar thacar samplach le mionstaidéar a dhéanamh air. Rinneadh liosta logainmneacha a ghiniúint ón tacar céanna agus cuireadh eolas breise ar fáil mar gheall orthu siúd, ar nós ainmneacha Béarla, leaganacha scríofa ón litríocht agus leaganacha foghraíochta.

An Dr Úna Bhreathnach (faoi stiúir an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín agus an Dr Rute Costa (Universidade Nova de Lisboa)): A Best-Practice Model for Term Planning (tráchtas PhD, 2011). Bhain a cuid taighde leis an dea-chleachtas i bpleanáil na hoibre téarmeolaíochta, ag féachaint ar thrí chás-staidéar: TermCat na Catalóine, Terminologicentrum TNC na Sualaine agus eagraíochtaí pleanála téarmaíochta na Gaeilge.