Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

337 toradh in 237 doiciméad

  1. #275774

    Seo a leanas Reibiliúnaigh Amharclann na Mainistreach: Sean Connolly, ball d'Arm Cathartha na hÉireann, agus an chéad reibiliúnach a fuair bás, Máire Nic Shiubhlaigh, ball de Chumann na mBan; Helena Molony, ceannaire ceardchumainn agus ceannaire san Arm Cathartha; Ellen Bushell, uiséir; Barney Murphy, giolla stáitse agus duine d'Óglaigh na hÉireann; Arthur Shields, duine d'Óglaigh na hÉireann a raibh cáil air mar aisteoir in Hollywood agus Peadar Kearney, maor fearais agus údar Amhrán na bhFiann.

  2. #1297012

    Ba dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann é Tomás Ághas agus bhí sé i gceannas ar chuid den ghníomhaíocht is suntasaí de chuid na nÓglach taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath le linn Éirí Amach 1916.  Bhí sé i gceannas ar an 5ú Cathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath Óglaigh na hÉireann (Briogáid Fhine Gall) a chuaigh chun troda agus a fuair an lámh in uachtar ar bhuíon póilíní i gCill Dhéagláin, Co na Mí.  Cainteoir dúchais Gaeilge as Lios Póil, Co Chiarraí, ab ea an tÁghsach.

  3. #1374093

    Tá laigí tugtha faoi ndeara i gcleachtais oibre Óglaigh na hÉireann na linne sin ag iar-bhreitheamh a bhí i mbun athbhreithnithe ar gach ar tharla do bheirt saighdiúir de chuid Óglaigh na hÉireann a dúnmaraíodh sa Liobáin 37 bliain ó shin.  Dúnmharaíodh an saighdiúir singil, Hugh Doherty fad a bhí sé ar dualgas lasmuigh de bhaile beag i ndeisceart na Liobáine agus fuadaíodh a chomhghleacaí, an saighdiúir singil Caomhán Seoighe as Inis Oírr agus ceaptar gur dúnmaraíodh eisean freisin.

  4. #260525

    Tá sé curtha i leith Chumann Ionadaíoch an Gharda Síochána ag an Aire Dlí agus Cirt go bhfuil siad ag déanamh beag de Óglaigh na hÉireann.

  5. #317609

    Feictear thuas leathanach ó dhialann Thomáis Uí Chléirigh a scríobhadh taobh istigh d’Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca 1916 nuair a bhí an áit gafa ag Óglaigh na hÉireann.