Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

20 toradh in 12 doiciméad

  1. #378352

    Cé gur pléadh a chás i bParlaimint na Vallúine agus go raibh na teachtaí ar aon fhocal le giúistís Bruges nuair a dhiúltaigh sé Westphael a ligean amach ar bannaí, is é a tharla seacht mí ina dhiaidh sin gur eagraigh teachtaí Liège (a bhaile dúchais) cruinniú poiblí faoina chás mar go raibh imní orthu go raibh an tréimhse choinneála ag éirí rófhada agus gur le lámh láidir a bhí cúirteanna Pléimeannacha Bruges ag déileáil lena chás i ngeall gur Frainciseoir é.

  2. #1737085

    Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide!

  3. #1216785

    Creidtear an cúlra seo a bheith le jin, ach mar a tharlaíonn go minic ní mar a shíltear a bhítear nó tá tagairt do jin i gcáipéis chiclipéideach, Der Naturen Bloeme, a foilsíodh in Bruges sa tríú céad déag.

  4. #1237110

    Chonaic sé Briostoll, Falmue, Plemue, Lime, agus ansin ar chósta thuaidh na Fraince Le Croisic, Nauntes, St Maloe, Baie de Brest, Havre de Grace, Calais, agus i dtreo na nÍsealtíortha, Dunkerque, Ostende, Bruges.

  5. #1462282

    Sa bhliain 1905 chaith sé cúig sheachtainí sa Bheilg ag déanamh staidéir ar an gcóras oideachais a bhí i bhfeidhm ansin.Thug sé cuairt ar scoileanna sa Bhruiséil agus in Antwerp, Ghent agus Bruges.

  6. #1979734

    Meabhraíonn sé seo radharc cáiliúil ón scannán In Bruges (2008) dúinn nuair a chaitheann an gunnadóir gonta Ken (Brendan Gleeson) léim chráite chun a bháis anuas ó bharr an chloigthí chéanna, siobairne chleasach idir dhá mheán éagsúla agus dhá ré ama éagsúla á cruthú d'aon oghaim ag Mac Cóil.

    An Litir Abú, an Litir Amú: Tríológ Liam Mhic Cóil