Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

47 toradh in 20 doiciméad

  1. #283953

    Gan amhras, tá Angela Merkel faoi bhrú ón ngrúpa nua seo atá ag baint vótaí óna páirtí (CDU).

  2. #283955

    Ach tá an borradh faoin AfD agus an chaoi ar baol iad don CDU ag déanamh cinnte de seo.

  3. #296152

    Tá an páirtí cuid mhaith níos coimeádaí ná an CDU; agus tá cáil ar a lucht ceannais as a bheith ceanndána agus sách amscaí ina bplé leis an bpobal.

  4. #1561131

    D'fhógair sí freisin go bhfuil sí le n-éirí as ceannaireacht a páirtí, An tAontas Daonlathach Críostaí (CDU) i mí na Nollag.

  5. #296151

    Is de bharr an neamhspleáchais cheanndána sin nár ghabh caomhaigh sa cheantar isteach leis an mórpháirtí, an CDU; choinnigh siad a bpáirtí réigiúnach atá i gceannas ar Rialtas an tSaorstáit gan briseadh ó bhí 1958 ann.

  6. #521884

    Rud eile ar an dtaobh polaitiúil ná nach bhfuil seans in aon chor go dtabharfaidh Angela Merkel agus a páirtí CDU/CSU aon fhaoiseamh do Syriza a bhfuil roinnt mhaith dá bhaill go fada ar an eite chlé mar go dtabharfadh sé croí do dhreamanna cosúil leis an Anti-Austerity Alliance sa tír seo agus a mhacasamhail sa Spáinn agus sa Phortaingéil.

  7. #1286933

    Seo iad na figiúirí le trí thoghchán anuas ar mhaithe le comparáid: comhpháirtí an rialtais, an CDU-CSU – 34%, 41%, 33% i 2009, 2013 agus 2017 faoi seach; SPD – 23%, 26%, 21%; FDP (Páirtí an Rachmais) – 15%, 4.8%, 11%; Die Linke (An Páirtí Clé); 11%, 8%, 9% i 2009, 2013 agus 2017 faoi seach.

  8. #1287044

    In olltoghchán an Domhnaigh seo caite sa Ghearmáin, sciob an páirtí frith-inimirce, frith-Eorpach, frith-Ioslamach (agus go bunúsach faisisteach) Alternative für Deutschland (AfD) milliún vóta ó pháirtí Angela Merkel, CDU/CSU.

  9. #1341435

    Seo é an rún a bhí ann: ‘Glacaimse leis an bprionsabal gur cheart do pháirtí an SPD a dhul i mbun cainteanna leis an CDU-CSU [Merkel-Seehofer] le comhrialtas a chur ar bun go ceann ceithre bliana.’ Ní hiontas ar bith an díocas a bhí ar cheannaire an SPD.

  10. #1342141

    Ach nuair a theip ar na cainteanna a bhí ag an CDU leis na Liobrálaigh agus Glasaigh, bhí an chuma air nach mbeadh rialtas ar bith ag an nGearmáin agus go mbeadh gá le toghchán eile – toghchán, b’fhéidir, a thabharfadh tuilleadh vótaí do lucht na heite atá i bhfad ar dheis, an AfD, agus a bhainfeadh tuilleadh vótaí ón SPD féin.

  11. #1342147

    Níl mórán á thairiscint don SPD sa dréachtmhargadh a d’aontaigh na ceannairí cheana maidir leis an saibhreas a roinnt nó feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí, ach tá go leor géillte ag an CDU maidir leis an Eoraip.

  12. #1531568

    Chualathas  osna faoisimh ar fud na hEorpa nuair a tháinig an scéala gur éirigh le Annegret Kramp-Karrenbauer (nó AKK mar a thugtar uirthi) ceannaireacht an CDU, príomhpháirtí na Gearmáine, a bhaint amach.

  13. #1531570

    Mar sin féin, tá comharthaí ann go dteastaíonn ó AKK seasamh níos láidre a thógáil ar cheist achrannach na hinimirce, agus í ag iarraidh vótaí a mhealladh ar ais ón AfD, páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis, agus  an CDU féin a aontú.

  14. #1531573

    Ach ní léir go mbeidh sé éasca bundeacrachtaí chóras polaitiúil na Gearmáine a réiteach, mar tá go leor dá gcuid tacaíochta á cailliúint ag an dá pháirtí is mó go traidisiúnta, an CDU agus na daonlathaigh shóisialta (SPD).

  15. #1580566

    Is bua gan choinne a bhí acu i NRW, dúchas na mianadóireachta agus ceantar an Ruhrgebiet a raibh cáil an ghuail air go dtí na hochtóidí.Más fíor don tuar, agus mura dtagann ceannasaí eile i réim ar an CDU go fóill, rud nach dóigh beag nó mór, is í Angela Merkel a bheas ina Kanzlerin go dtí 2021, ós uair sna ceithre bliana a bhíos toghchán an Bundestag ann.

  16. #1580569

    Tá brú uirthi dá réir sin le hoidhreacht ar fónamh a fhágáil ina diaidh, ach bíodh duine ar aon intinn leis na polasaithe a chuireann sí féin agus an CDU chun cinn nó ná bíodh, ní féidir a shéanadh gur sárthaidhleoir atá inti, cainteoir cumasach, agus duine ar ardéirim.

  17. #296143

    Líne fhánach i bplécháipéis ar ghnóthaí inimirce a spreag díospóireacht teasaí faoi chúrsaí teanga sa Bhaváir Tá ‘stoirm’ sna meáin agus go háirithe sna meáin shóisialta de bharr líne fhánach i bplécháipéis ar ghnóthaí inimirce a réitíodh do Chomhdháil an CSU – an páirtí sa Bhaváir atá gaolta le CDU Angela Merkel.

  18. #1531588

    Bheadh na Meiriceánaigh in ann brath ar Mherz, ach níl an oiread sin meas ag Merkel ar dhearcadh Trump agus ní cosúil go bhfuil ag AKK ach an oiread, Léiríonn na figiúirí go bhfuil an CDU scoilte, agus mar sin gurb é an chéad jab a bheidh le déanamh ag AKK an páirtí a aontú.