#1921846
Dúirt Aodán Mac Donnchadha ó Choiste Forbartha An Spidéil le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh sé i dteagmháil le Comhairle Chontae na Gaillimhe inniu, ag iarraidh orthu na tóchair ar thaobhanna na mbóithre a ghlanadh. Fiosrúchán CRU faoin gcríochfort gáis nach mór críochnaithe Tá sé tugtha le fios ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntas, an CRU, gur gearr go mbeidh an fiosrúchán atá ar bun acusan faoin ngás nádúrtha - nach bhfuil aon bholadh uaidh - a chuaigh isteach i gcóras an tobair ag Críochfort Gáis na Coiribe i mBéal an Átha Buí mí Mheán Fómhair seo caite, críochnaithe.