#493180
Cleamhnas idir anord shráideanna Kinshasa agus ord frithbhuailteach an func.
Cleamhnas idir anord shráideanna Kinshasa agus ord frithbhuailteach an func.
Cleamhnas sultmhar idir anord shráideanna Kinshasa agus ord frithbhuailteach an func.
Grúpa ceoltóirí gan dídean ab ea Staff Benda Bilili ar dtús, bhídís le clos ag buscáil gar don zú i Kinshasa, príomhchathair Phoblacht Dhaonlathach an Chongó.
Ba é Doctor L (Liam Farrell), áfach, léiritheoir Éireannach Páras-lonnaithe (agus dord-ghiotáraí Mbongwana Star) an príomhfhórsa cruthaitheach laistiar de From Kinshasa.
Cúis amháin leis an léim mhór chun tosaigh ná an oiread fola nua a bhfuil le clos ar From Kinshasa, idir an giotáraí/amhránaí R9 (chuirfeadh glór a ghiotáir Slash Guns ‘n’ Roses i gcuimhne duit uaireanta), an drumadóir Randy Makana Kalambayi agus an MC aigeantach Sage.
Thug Farrell téipeanna stiúideo From Kinshasa abhaile leis go Páras, agus ina iarracht chun béim a leagadh ar groove uirlise Mbongwana Star fuair sé réidh le 70% dá raibh taifeadta ag an ngrúpa – amhránaíocht iomarcach ach go háirithe.
Mbongwana Star – From Kinshasa (World Circuit) Núicléas an ghrúpa Mbongwana Star iad Théo Nzonza Nsutuvuidi agus Coco Yakala Ngambali, beirt ceoltóirí paraipléigeacha a bhí ina mbaill bhunaidh den ngrúpa soukous Congólach, Staff Benda Bilili.