Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

231 toradh in 192 doiciméad

  1. #1679593

    Beidh orthu an farasbarr a thabhairt don bhanc mar a bheadh aisíoc ar an mhorgáiste.

  2. #521877

    Is féidir an ráta úis a ghearradh go neamhní ach arís níl ansin ach ag cur i géill go bhfuil na Gréagaigh ag aisíoc a gcuid iasachtaí mar mura bhfuil siad ag díol ús nó an bun-suim, bhuel níl siad ag aisíoc?

  3. #665120

    Níorbh annamh i rith na mblianta san go rabhamar ar an ollscoil iasachtaí beaga airgid, mar shampla, do bheith á dtabhairt againn dá chéile, ach ní raibh sé de charadas eadrainn gan an t-airgead a aisíoc chomh luath in Éirinn agus dob fhéidir linn – cé nár bhaol go lorgódh ceachtar againn an t-aisíoc, mura dtairgeofaí dúinn é; b’shin í an nósmhaireacht i measc na muintire dar díobh sinn.

  4. #1309834

    Is de bharr na spéaclaí a bheith aige go bhfuil sé ábalta litir a léamh, agus guíonn sé ar Dhia féin an t-aisíoc cuí a dhéanamh ar an bpátrún dá bharr seo ag an deireadh: “Go n-íoca Dia red dhreich ndil /bronnadh lé léighim litir.” Ábhar spéise dúinn is ea an focal ‘íoc’ – sampla den tslí ina bhfuil aisíoc intuigthe le buíochas.

    Altú agus buíochas – dán agus dinnéar – Cathal De Paor

  5. #1893580

    Dúirt an teachta Ó Dochartaigh go bhfuil 165 mac léinn sa tír a chaithfeas an tairgead a aisíoc agus go ndeachaigh mic léinn as Dún na nGall i dteagmháil leis féin a chaithfeas an deontas a fuair siad a aisíoc anois.

  6. #281645

    Dúirt sé gur cóir do dhaoine a gcuid billí uisce a íoc agus nach bhfuil toghchán eile de dhíth ar dhuine ar bith.  Bhí an Taoiseach ag labhairt ag ócáid seolta taispeántais 1916 i nDún Uí Choileáin i mBaile Atha Cliath áit ar dhúirt sé go soláthródh Fine Gael, an páirtí is mó tofa rialtas.  D'admhaigh Kenny gur toghchán cruálach a bhí ann ach go dtreabhfadh an páirtí ar aghaidh le comhrialtas a bhunú ar mhaithe na ndaoine agus go labhródh sé le gach páirtí, Fianna Fáil ina measc.  Dúirt sé gur botún fíor-chostasach agus stairiúil a bheadh ann áisíneacht naisiúnta soláthar uisce a chur ar ceal anois.  Bhí sé ráite ag an Aire Talmhaíochta ar maidin go mbeadh FG sásta labhairt le páirtithe eile faoi tháillí uisce.  Dúirt Barry Cowen, urlabhraí comhshaoil Fhianna Fáil go gcuirfeadh FF deireadh le táillí uisce ach nach dtabharfaí aon airgead ar ais.  Bhí Mary-Lou McDonald i measc an tslua agóidithe a bhí ag éileamh deireadh le táillí uisce ag agóid os comhair na Dála ar maidin agus ar aon fhocal le FF, nach dtabharfaí aon aisíoc dóibh-san a bhfuil a dtáillí íochtha acu.  Dar leis na Daonlathaigh Sóisialacha, ba chóir na táillí atá íoctha a aisíoc leo-san a d'íoc ach nár cóir du sa tóir orthu siúd nár íoc iad.  Tá Richard Boyd-Barrett ón gComhghuailíocht Frith Dhéine/Daoine Roimh Bhrabús ar aon-fhocal gur cóir aon táille atá íoctha a aisíoc.  Dúirt Shane Ross ón gComhghuailíocht Neamhspleach go raibh Coveney ag tabhairt droch-chomhairle do dhaoine - amhail's go mbeadh sé amaideach do dhaoine a gcuiod billí a íoc.

  7. #259837

    Tá sé ordaithe do Jim Mansfield, úinéir óstán, breis is € 214 milliún a aisíoc le Bank of Scotland Ireland.

  8. #271386

    Tá Rialtas na Gréige le €3.5 billiún euro ar a laghad a aisíoc leis an mBanc Ceannais Eorpach inniu.

  9. #312711

    An drochscéala – Tá méadú ag teacht ar fho-roinn thábhachtach sna figiúirí sin, is é sin líon na ndaoine atá chun deiridh ar aisíoc ar feadh dhá bhliain ar a laghad.

  10. #513321

    Ar an léamh is fearr tá sábhálacha móra le déanamh i mbliana agus go cionn deich mbliana eile toisc nach mbeidh an t-aisíoc míle milliún le déanamh.