#484163
Grianghraf eile, seomra eile: Archie Mac Aodhagáin ina theach féin taobh amuigh de Bhun Abhann Dalla.
Grianghraf eile, seomra eile: Archie Mac Aodhagáin ina theach féin taobh amuigh de Bhun Abhann Dalla.
Mar sin, thug mé faoi liosta de bhun-fhrásaí ‘Eadar-Ghaeilg’ a chur le chéile.
Uair sa mhí, gearrann Mamaí leathorlach de bhun na gruaige agus leathorlach dá frainse.
Bronnadh na ceadúnais de bhun chomórtas oscailte agus neamhspleách, agus mairfidh na ceadúnais 3 bliana.
Shroich sé an cladach ó dheas de bhun Life.
Cinneadh air seo de bhun torthaí an scrúdú iarbháis tráthnóna.
Deonaíodh an urghaire san Ard-Chúírt inné de bhun iarrtas ó Dawn Meats agus ABP.
An deargolc ba chúis leis an fhulaingt mhillteanach sin – olc de bhun tola.
Áitíonn seisean nach bhfuil de bhun le Scarúnachas na mBascach ach deargchinníochas, agus nach bhfuil de bhun le Scarúnachas na gCatalónach ach toirtéis: is amhlaidh a thuigtear do na Catalónaigh, a deir sé, gurb iad féin an dream is dul-chun-cinniúla sa Leithinis Ibéarach ar fad, agus go raibh sé i gceist ag Scarúnaithe na Catalóine, i dtosach a ndreise dóibh, impireacht nua Ibéarach a chur ar bun faoina gceannasaíocht féin, agus go ngabhfadh an impireacht nua ar ais na páirteanna sin den Afraic a bhí faoin Spáinn tráth.
Dúirt an tAire áfach, ar an gclár céanna, gur ghníomhaigh an Roinn go suntasach de bhun na gceisteanna a tharraing múinteoirí anuas, ach gur faoi mhúinteoirí a bhí sé anois gníomhú.
Tháinig an agóid dhlithiúil seo de bhun chlár ó Ionad Imscrúdúcháin RTÉ a léirigh nach raibh an fhianaise a tugadh don ECHR iontaofa.
Tháinig bille an lae inniu de bhun fheachtas a bhunaigh Wille Penrose, Páirtí an Lucht Oibre, a chuir a bhille féin faoi bhráid na Dála mí na Márta.
I láthair na huaire agus aon tríú cuid d’imirt an tséasúir déanta, tá Blackpool greamaithe de bhun an Championship.
I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe tráthnóna fuarthas fear de bhun na Liotuáine ciontach as robáil armtha de luach €1.1 milliún ó shiopa seodóra i nGaillimh anuraidh.
Ach anois bíonn orm píosa páipéir a ghreamú de bhun an scáileáin nó rud éigin a chur os a chomhair leis an méid atá á rá a thuiscint.
Bhí an téip bainte de bhun an chlabhair agus poll beag curtha sa chlár féin, poll ceithre nó cúig centiméadar, leithead píobáin.
Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil in iarthar na tíre agus ina Chomhairleoir Contae de chuid an pháirtí i gConamara sna Tríochaidí.
B’ansin a fuair sé a chuid Gaeilge ón Bhráthair de Nógla, an fear céanna a réitigh an leagan Ultach de Bhun-Ghraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí.
De bhun sonraí ó aon tuarascáil ón gCoimisinéir, is ceadmhach don Aire scéimeanna cúitimh a shocrú do dhaoine i leith aon mhainneachtana ag comhlacht forálacha an Achta a chomhlíonadh.
Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí; Gach beart riachtanach atá faoi réir a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta; Imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheith déanta leis nó léi ag aon duine, maidir le haon mhainneachtain ag comhlacht poiblí forálacha an Achta a chomhlíonadh; Comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoin Acht seo; Comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht; Imscrúdú a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheith déanta leis nó léi ag aon duine, chun a fháil amach an amhlaidh nach raibh nó nach bhfuil aon fhoráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid teangacha oifigiúla á chomhlíonadh.
Tá go leor athruithe tagtha ar Foinse (Ind) agus ní de bhun tola a tharla siad ar fad.
Tháinig mé go hAlbain de bhun an chuiridh fanacht i Drochaid Èireann agus ba é sin an chúis ar roghnaigh mé Peairt mar ionad tosaigh taighde in Albain.
Tháinig an cás faoi bhráid na Cúirte Dúiche san Ardchathair inniu, de bhun thoghairm a eisíodh mí Dheireadh Fómhair.
Cuirtear na táblaí le chéile de bhun eolas agus sonraí a chuireann na hollscoileanna ar fáil, agus ní dhéantar fíorú neamhspleách orthu.
Tugann an dá fhocal úd, náisiúnta agus Gaeilge, leid láidir dúinn faoi mhianach agus nádúr na seirbhíse a seoladh i 1996 agus a buanaíodh de bhun leasaithe reachtúil sa bhliain 2009.
Cuireadh tuarascáil i dtoll a chéile de bhun cigireacht gan choinne a rinneadh mí Dheireadh Fómhair seo caite.
Agus ní gan dánaíocht ná gan dásacht a stríoc an cabhlach allúrach a gcuid seolta anaithnide in ascaill an oileáin gur thriomaigh siad barr na maidí rámha de bhun na scamall féin.
Is é cultúr ceann de bhun-chlocha na Fraince, gné atá thar a bheith tarraingteach do chuairteoirí.
Higgins atofa anois, leanfaidh sé cúrsa Éamonn de Valera, an t-aon Uachtarán a bhuaigh dara téarma de bhun vóta.
Thosaigh an dearthóir Kim Davis as North Carolina ag dul trína bailiuchán grianghrafanna de bhun spéire Nua-Eabhrac i ndiaidh 9/11, ag cuartú pictiúr de na túir.
De bhun fhigiúirí a fuarthas ón nGearmáin, rinne an Roinn Sláinte uasdhátú ar na figiúírí don Stát aréir.
Ach rinneadh sin de bhun chumann ionadaíocht na n-iarrthóirí dídine dul i dteagmháil leis an Roinn Dlí agus Cirt.
Ba ghnách leo a bheith níos gaire de bhun an tábla ná dá bharr go dtí sin ach le teacht na beirte bhuaigh siad an Superbowl trí huaire in imeacht ceithre bliana.
Liatroma ar maidin go raibh 'dóthain ráite cheana féin' faoin ábhar, agus de bhun chomhairle dlí, nach mbeadh a thuilleadh le rá aige.
Deir an Chomhairle Contae go raibh páirteanna de Bhun Dobhráin, Na Frasa, agus Lathaigh faoi chuid mhór uisce agus gur buaileadh ceantar Bhaile Dhún na nGall go holc.
Bhí dhá chúis leis seo; ar an gcéad dul síos is ainmneacha iad a aithnítear leis an an scéal, go háirithe de bhun an scannáin a rinne MGM.
D'fhógair sé inniu go bhfuil an DUP ag tarraingt siar ó na forais thuaidh-theas a bunaíodh de bhun Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Bhí úsáid na meiteashonraí den sórt sin ag Gardaí bunaithe ar Acht Teileachumarsáide 2011, a achtaíodh de bhun Treoir ón AE i 2006.
Rachadh sin "díreach i gcoinne stádas na teanga mar an phríomhtheanga oifigiúil de bhun Airteagal 8 den Bhunreacht," arsa an Breitheamh.
Deánann an t-aonad cúram de 28 duine a bhfuil riachtanaisí casta leighis acu, néaltrú agus máchail amhairc ina measc. Foilsíodh na tuarascála de bhun cigireacht gan choinne atá déánta roinnt uaireanta.
Sa scéim atá faoi láthair ag an Roinn deirtear go mbeidh an scéim féin “i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana” ón 1 Bealtaine 2012, “nó go dtí go mbeidh Scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, cibé dáta is túisce.” De réir na foclaíochta sin – ‘cibé dáta is túisce’ – tá an Roinn ag feidhmiú gan aon scéim teanga acu le naoi mí anuas.
Dúirt an chúirt "gurb ionann agus íde mhídhaonna na coinníollacha faoinár coinníodh Behring ar uaigneas ar feadh beagnach cúig bliana." Dúirt an Breitheamh Helen Andenaes Sekulic gur "ceann de bhun luachanna an tsochaí dhaonlathaigh cosc a chur ar íde mhídhaonna agus tháireach.
Nuair a bhí scaird tae ólta acu a bhí chomh láidir le fual gearráin, daba de cháca bácúis a bhí sciobtha de bhun fuinneoige síos faoin mbaile agus péire uibheacha lachan scaoilte síos le fána an tsiúta, tháinig smailcín.
An chontúirt á gcur ag princeam le teann gliondair nuair a d’aimsigh siad stuaic a raibh áit a gcos air i bhfoisceacht cúpla troigh de bhun scáinte an rópa.An stolladh á bhfáisceadh isteach in aghaidh éadan na haille de réir mar a chrácáileadar a mbealach ar fhad na stuaice.
Ar éigean a bhogadh sí i rith an ama sin, dá bhfágfaí as an áireamh an gníomh ba ghá le toitín eile a ghlacadh as an mbosca i bpóca a cóta agus é a
Ba chuid de bhun-idé-eolaíocht an stáit nua é 'Francaigh' a dhéanamh de na daoine sin uile, tríd an bhFraincis a chur ina luí ar phobail na ndúichí éagsúla mar theanga nua dhúchais (Weber 1976).
Ba chuid de bhun-idé-eolaíocht an stáit nua é 'Francaigh' a dhéanamh de na daoine sin uile, tríd an bhFraincis a chur ina luí ar phobail na ndúichí éagsúla mar theanga nua dhúchais (Weber 1976).
Ní shílim go dtuigeann Airí nó formhór Theachtaí Dála Fhianna Fáil a tábhacht; nach bhfuil níos mó de bhunadh Fhine Gael faoi láthair atá go tuisceanach ar son aithréimiú na Gaeilge ná de bhunadh Fhianna Fáil?
Bhíodh sé ag rith anseo is ansiúd, an staighre suas agus an staighre síos, ar a thóir sin agus á lorg seo, ag caint ar an nguthán is ag freastal ar chruinnithe agus níorbh annamh na braoiníní allais ar sileadh de bhun na smige air le teann saothair.
Chuir an Coimisiún fiosrúchán ar bun de bhun ghearán a rinne iar-Mheára Dhún na nGall Noel McBride agus an Príomhfheidhmeannach Séamus Neely, faoi go ndearna Brian Ó Domhnaill éileamh ar chostaisí ón dá eagraíocht ar na dátaí céanna, ar thrí ócáid i rith 2006.