#1988438
Caithfimid bheith in ann dearmad a dhéanamh ar nithe áirithe, eachtraí aisteacha a ligean ar dearmad.
Caithfimid bheith in ann dearmad a dhéanamh ar nithe áirithe, eachtraí aisteacha a ligean ar dearmad.
Bhain Aodh leas as teicnící éagsúla lena chuid scéalta a bhrú chun cinn, mar atá, freangadh ama (Oíche le Pádraig, Caifé-Ar-Ais), teanga raiméise (Muirc), amharclannaíocht na héigéille (Caifé-Ar-Ais, Dearmad na Fola), an t-osréalachas (Fido, Republica), an carachtar diamhair uile-eolach ar rúin gach duine eile (CaiféAr-Ais, Ar Deireadh), trasghearradh (Bean ar tí Léime, Idir an Dá Shúil), an scéal noir (Na Leabhra, An Duairceán, Dearmad na Fola), dráma bunaithe ar fhíorscéal reatha (Idir an Dá Shúil), dráma taobh istigh de dhráma (Lón Leningrad), trealamh teicneolaíochta (Céim in Airde, Banzai, Dearmad na Fola), teannas agus uafás (An Duairceán, Banzai, Dearmad na Fola), an zombaí balbh (Republica).
Chúlaigh sí amach as an bpluais ar na ceithre boinn agus rinne dearmad ar na seilidí.
Má bhí dearmad déanta aici ar rud éigin, bíodh.
Tamall ina dhiaidh sin rinne sí dearmad iomlán air.
Bhí dearmad glan déanta aici na seilidí a lua le Naoise.
Bhí dearmad déanta aici air sin.
‘Rinne mé dearmad go raibh an ceann seo orm.
Rinne Rebekka dearmad ar spás agus ar am.
Adhlacadh corp Shéamuis sa cheantar agus le himeacht na mblianta rinneadh dearmad ar láthair na huaighe.
Bheadh dearmad déanta aici ar an easaontas…'
Tá beirt agaibh ann, ná déan dearmad.
Bhí dearmad iomlán déanta aige ar an uamhan clóis, an chlástrafóibe.
Dheineas dearmad ar rud a rá leat.’
‘Ná deinimis dearmad más iníon í le Havers, gurb é siúd is athair di.
Deinimis dearmad orthu.’
Le himeacht ama dhéanfaí dearmad glan ar nasc éigin idir Nathy agus an dúnmharú.
‘Ná déanaimis dearmad ar an dleacht eastáit.
Ná dearmad na clips le haghaidh do threabhsar.
– Déan dearmad air, a Chumhaillín.
– Hé, Noah, ná dearmad na heilifintí!
A mhamaí, tá mé ag dul go dtí an siopa le Máire, tá tú a stór, ná dearmad an mála, ní dhéanfaidh a mhamaí, bollóg agus bainne, ná dearmad an tae.
Déan dearmad air.
‘Ach tá dearmad déanta orainn sna rialacha a bhaineann leis an ngnó.
Bhí dearmad déanta aige ar na paisinéirí eile sa charráiste.
Dearmad a dhéanamh.
Dearmad déanta aige ar an am.
Rinne mé dearmad a rá go bhfuil an subh oráiste go hiontach blasta.
Ná déanaimis dearmad ar an Araibis.
Agus d’fhreagair Marietta go raibh dearmad glan déanta aici (mar dhea) ar an ionad siopadóireachta.
Dearmad mór a bhí ann.
Tá gach rud foirfe anseo, ná dearmad é sin!
Bhí an mhaidin chomh gnóthach sin go ndearna sí dearmad glan air.
‘Bhí dearmad déanta agam.
Bhí dearmad déanta aige ar bhosca veasailín a thabhairt leis.
Nach raibh dearmad déanta aige arís na buataisí rubair a thabhairt leis!
(Rinne sí dearmad nach raibh sé ag freagairt).
Bhí dearmad glan déanta aige go raibh cúldoras ann.
Bhí dearmad glan déanta aige go raibh sé aige.
Rinne mé dearmad iomlán oraibh an lá cheana.'
‘Haidhe, rinne mé dearmad ar do rud.
‘Dhein mé dearmad ar mo Walkman.’
Rinne mé dearmad glan air, go dtí anois.
Bhí dearmad déanta agam uirthi siúd.
Ná dearmad an smideadh!’
Ní dhéanfainn dearmad air go deo!
Eisean a chuireann bac cainte orm agus déanaim dearmad ar gach rud.
‘Ní dhéanfaidh mé dearmad,’ arsa Róise.
An ndearna tú dearmad í a thaispeáint dom?’
Déan dearmad air.’