#1512466
D’ardaigh astaíochtaí mearcair san atmaisféar ó ré na réabhlóide tionsclaíche go dtí an lá inniu. Go dtí seo níorbh eol cá háit a raibh an mearcair seo ag dul i ndiaidh dó titim as an atmaisféar. Ach in alt a foilsíodh san iris Science, tugtar le fios go nglacann diatóim nó algaí san fharraige isteach an mearcair seo, go dtiteann sé go grinneall na farraige agus go mbailíonn sé ann i láib faoi leith ar a dtugtar púscán diatóm.