#1238464
Faoin am a tháinig Lúcás agus Séamas fad leis an nGeata Beag bhí aird na saighdiúirí ar fad ar an slua beag glórach a bhí ag teacht taobh thiar díobh anuas an bóthar: an Fear Mór ag brú duine roimhe ar léir go raibh sé ar meisce ar na heascainí a bhí sé a chaitheamh le lucht a ghafa agus Tomás ag iompar fir eile thar a ghualainn, duine nach bhféadfaí a shéanadh ach gur fionn a bhí sé.