#265481
Tá reachtaíocht á moladh ag beirt shanadóirí chun na rialacháin faoi fhíol agus faoi mhargaíocht e-toitíní in Éirinn a shrianúDe réir an bhille a sheolfaidh na Seanadóirí Averil Power,Fianna Fáil, agus an tOllamh John Crowne, chaithfí mar an gcéanna le e-toitíní agus le táirgí bunaithe ar thobac.Le blianta beaga anuas tá an-éileamh ar na e-toitíní, agus é maíte go bhfuil siad nios saoire agus nios fearr fearr don tsláinte ná na gnáth-thoitíní.D’aithin an Seanadóir Power ar RTÉ ar maidin gur fearr ná gnáth-thoitíní iad na e-toitíní, ach gur údar imní fós iad de bharr leibhéil arda nicitín agus tocsainí bheith iontu.Faoi láthair níl aon rialachán i bheidhm ar e-toitíní, a dúirt sí, agus dá bharr sin ní bhíonn foláirimh sláinte orthu, agus is féidir iad a dhíol le páistí.An bhliain seo chugainn, cuirfidh an tAontas Eorpach rialacháin i bhfeidhm ar an tionscal, agus mhol an Eagraíocht Dhomnanda Sláinte (WHO) anuraidh go gcuirfí srianta láidre i bhfeidhm.Cabhair mhór iad na e-toitíní don té atá ag éirí as an tobac, dar le roinnt eolaithe, agus rachaidh srianta láidre ina gcoinne siúd.Níor thug aon eagraíocht sláinte a thacaíocht don e-toitín fós mar ghléas laghdaithe tobac.