Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

74 toradh in 62 doiciméad

  1. #1002151

    Ná ar an ngáire croíúil a lean smearadh an Vaseline.

    Codladh na hoíche – Ailín Ní Chonchúir

  2. #1014395

    Is í an tsamhlaíocht bháúil ola an tsaoil ach í a smearadh i gceart.

    Scaipeadh an airgid – Alan Titley

  3. #791186

    Bhí a aghaidh ar fad á smearadh leis an stuif aici an uair seo agus b’ábhar faoisimh dó é sin; ní fheicfeadh Chico an bhail a bhí fágtha ag Wellington air.

  4. #974083

    Is dócha go mbeadh sé rud beag níos deacra an t-ór a smearadh ar d'éadan ach ní shin an pointe.

    Cen praghas ar ailleacht? – Aine Ni Chosgrain

  5. #974669

    Na leabhair scoile sin a raibh mus na múinteoireachta orthu, agus an smearadh dúigh a thug séala na barántúlachta dóibh.

    Leamh gan toil – Alan Titley

  6. #987811

    Chun a bheith níos pointeáilte faoi, seacht lá dhéag atá caite ó dhein na Dubanna smearadh ar mhórshaothar ealaíne Cholm Cooper.

    Buartha faoi Mhaigh Eo – Seán Tadhg Ó Gairbhí

  7. #1002143

    Thugas faoi deara nach é an Vaseline an táirge is measa a bhuail liom fós maidir le rudaí a bheadh á smearadh ar ghruaig agus ar chraiceann.

    Codladh na hoíche – Ailín Ní Chonchúir

  8. #1013297

    Ní iardhearcadh é seo; b'é tuiscint aon duine a raibh smearadh beag de chúilfhéith i bpoll tí liabáin a chloiginn é ag an am.

    Blath fola – Alan Titley

  9. #1016958

    Cúis amháin leis seo ná gur daoine meánaosta iad formhór na gcustaiméirí agus iad chomh istigh sin ar an saghas seo freastail gur beag suntas a thabharfaidís do smearadh béaldatha ar chupán.

    Bealdath ar an gcupan – Alan Desmond

  10. #1560350

    D’admhaigh Quest go ndearna siad míléamh ar 2 shleamhnán smearadh as an gceirbheacs i 2010 agus arís i 2013.

  11. #1719527

    Nuair a théadh sé tríd an doras úd, chailleadh sé an cuibheas agus cibé smearadh den tsibhialtacht a bhain leis.

  12. #2018241

    Baineann cás Joan Lucey le míléamh, mímhíníú nó míthuairisciú a líomhnaítear a rinneadh ar dhá thástáil ar smearadh as an gceirbheacs a rinneadh uirthi in 2011.

  13. #190024

    Chonaic an seanfhear mar a bhí óglaigh ag titim duine ar dhuine agus i mullach a chéile; deirge na fallainge ag sceitheadh isteach ina n-éadan; a lámha á loscadh ag fearthainn feannta na bhflaitheas agus an t-allas fola ag smearadh na cataíola as a ngruaig.

  14. #204889

    Andúil a dhuine,’ ar sí ag smearadh anlann na feola le blúire aráin, agus blas á fháil aici ar an gcogaint, ‘seacláidí, french fries, soitheach Coke, bhíos chomh séidte le cráin, aon rud ach an craos a shásamh.’

  15. #730284

    Muna raibh, níor léir go raibh an iomarca scaoill ar Obama, agus dóibh siúd a bhfuil smearadh den mhata acu, seo an fáth: ní chaitear vótaí go díreach don uachtarán, ach go hindíreach.