Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

2,592 toradh in 1,467 doiciméad

  1. #279988

    Cuireadh tús le taispeántas dar teideal 'Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca' ag Músaem an Túir i nDoire inniu.  Is taispeántas de chuid Chonradh na Gaeilge é seo a thugann léargas ar stair na Gaeilge ó aimsir an Ghorta Mhóir suas go dtí aimsir na hAthbheochana.  Díríonn an taispeántas go mór mór ar ról na Gaeilge san fhís a ghin Éirí Amach na Cásca.

  2. #285076

    An chéad cheann de shraith taispeántas a léiríonn portráidí áille de scríbhneoirí na Gaeilge.

  3. #285077

    Is le Máire Uí Mhaicín an taispeántas; sárghrianghrafadóir agus sároide Gaeilge atá ar shlí na fírinne.

  4. #285126

    Déanann Williams cuid mhaith den scannán a iompar agus tugann sí taispeántas den scoth uaithi.

  5. #285955

    Ní faoin Uileloscadh a bhí an taispeántas sealadach seo, ach faoi shaoirse phearsanta an duine.

  6. #285965

    Nuair a eagraíodh an taispeántas úd, ní raibh ach bliain caite ó seoladh an chéad iPhone.

  7. #294854

    Is beag taispeántas a thugadar uathu i mbliana agus Ruan Pienaar in easnamh orthu.

  8. #295031

    Tugann Law taispeántas cumasach uaidh ach níor léir dom cén fáth gur Albanach é.

  9. #299045

    Dar liom go bhféadfaí taispeántas Redmayne a chur i gcomparáid le taispeántas Daniel Day-Lewis in My Left Foot (1989), agus is moladh mór é a bheith inchurtha le draoi Chill Mhantáin.