Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

122 toradh in 91 doiciméad

  1. #1690564

    Sin an fáth go dtuigeann an Páirtí Daonlathach a thábhachtaí is atá sé, an bille a rith láithreach.

  2. #1690565

    Sheas an tUachtarán Obama don uachtaránacht leis an ngeallúint go n-athródh sé an córas sláinte, agus tá an Páirtí Daonlathach i gcoitinne ceangailte leis an rud anois.

  3. #1720515

    I ndiaidh breis agus ceithre bliana go leith i gcumhacht, tá comhrialtas Fhianna Fáil/An Páirtí Daonlathach ag ullmhú d'olltoghchán ag deireadh mhí Aibreáin nó tús mhí na Bealtaine.

  4. #1720519

    Tiocfaidh fadhb chun cinn, áfach, mura mbíonn tromlach suíochán ag an chomhcheangal seo, nó ag Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach ach an oiread.

  5. #1720526

    Tá sé ráite ag Fianna Fáil, Fine Gael, an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach nach nglacfadh siad leo i gcomhrialtas de thairbhe go bhfuil baint acu leis an IRA.

  6. #1721317

    Tháinig an Páirtí Daonlathach ach go háirithe, agus an Comhaontas Glas go pointe, i dtír ar easpa eagair Fhine Gael i 2002.

  7. #1739662

    I ndeireadh báire, ámh, is córas dhá pháirtí é an córas Meiriceánach: an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Poblachtánach.

  8. #1789566

    Nuair a thit comhrialtas Fianna Fáil/An Páirtí Daonlathach as a chéile ag deireadh 1992 is comhrialtas idir Fianna Fáil agus an Lucht Oibre a tháinig ina áit agus ceapadh Michael D.

  9. #1792219

    Tá faitíos orthu freisin mar tá an freasúra, na Poblachtánaigh, ag vótáil en bloc chun stop a chur le gach rud a dhéanann an Páirtí Daonlathach, agus breathnaíonn na Daonlathaigh lagtha.

  10. #1799129

    Is fada na gnólachtaí móra ag tacú leis an Pháirtí Poblachtánach - chonacthas an Páirtí Daonlathach mar pháirtí na haicme oibre, na ngnáthdhaoine.

  11. #1811635

    Is coiste é sin a dhéanann an Páirtí Daonlathach a stiúradh agus tá sé go mór faoi thionchar billiúnaithe agus na meán corparáideach ar nós CNN agus ABC.

  12. #1959229

    Ní fios cad a bhí i gceist ag Nally le “current circumstances” ach bhí idirbheartaíocht ar bun idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach faoi bhunú rialtais úir.

    Amhras ar Ó hEochaidh faoi cheapadh cathaoirleach nua ar Údarás: Faoin rialtas a bhí sé an Cathaoirleach agus beirt bhall ainmnithe a roghnú ar bhord úr Údarás na Gaeltachta – Breandán Delap

  13. #266546

    Dúirt Banjamin Netanyahu go seasfadh Iosrael i gcoinne na hIaráine, agus go seasann Meiriceá le hIosrael.  Ní mó ná sásta a bhí an páirtí Daonlathach leis an gcuireadh a thug an páirtí Poblachtach don Uasal Netanyahu leis an aitheasc seo a thabhairt.

  14. #415358

    Léiríonn na pobalbhreitheanna is deireanaí ón tír sin go bhfuil an páirtí daonlathach sóisialach (PSOE) díbeartha anois go dtí an tríú háit ag an gcomhghuaillíocht idir Unidos (comheagras ón eite chlé de chumannaigh is eile) agus Podemos (an páirtí nua frithdhéine).

  15. #664894

    Baineann an deacracht agus an mhoill leis an mbeirt eile atá le ceapadh, deacracht atá ann ó chaill Seán Creaven (an Páirtí Daonlathach) an séú suíochán i nGaillimh do Phádraig Ó Biadha (Fianna Fáil) agus gan ach vóta amháin eatarthu!

  16. #716103

    Rachainn chomh fada lena rá, murach na tuairimí láidre forbartha agus eacnamaíochta, a shíolraigh ach go háirithe ó John Maynard Keynes agus an dream a chuir ‘New Deal’ Roosevelt agus an Páirtí Daonlathach le chéile ó 1932 ar aghaidh, nach mbainfí an rud ar ar thug Galbraith ‘the affluent society’ ina leabhar iomráiteach a scríobhadh in 1958 ach a tháinig amach, sna 1960í – i ré JFK, ach ré Lyndon Johnson freisin lena chlár don ‘Great Society’ a rinne níos mó do bhochtáin ghorma dheisceart na Stát, ná Poncánach ar bith ó na stáit ó thuaidh.

  17. #716218

    Ach á fhágáil sin ar leataobh, tá an páirtí Daonlathach anois i gceannas sa dá theach, agus is cinnte go mbeidh na blianta deireanacha de chuid Bush níos deacra ná mar ba mhaith leis iad a bheith agus go mbeidh dianstreachailt ann anois faoi chúrsaí buiséid agus ceapacháin.

  18. #726935

    Bhí an páirtí Daonlathach Críostaí páirteach iontu ar fad, áfach, agus chreid an pobal (beag beann ar a dtacaíocht páirtí) go raibh uisce faoi thalamh go forleathan i measc an aicme polaitíochta: breabaireacht is a leithéid á dhéanamh ar mhaithe le lucht tionscail.

  19. #732984

    Tríocha éigin bliain níos déanaí, i 1985, a bhunaigh Deasún Ó Máille agus a chairde an Páirtí Daonlathach – ní aistriúchán cruinn é sin ar ‘Progressive Democrats’ ach b’in an leagan Gaeilge a roghnaíodh.

  20. #751185

    An móramh sin – daoine atá á maslú gan stad gan staonadh ag Donald Trump – a mhealladh chuig na bothanna vótála lá an toghcháin, sin é an dúshlán a bheidh roimh Hillary Clinton agus an Páirtí Daonlathach.

  21. #766204

    Nuair a rinne Pádhraic Ó Ciardha grinnanailís ar na figiúirí in 1992, chonacthas dó go raibh cothrom an mhéid a bheadh de dhíth le haghaidh gréasán Ghlac an tAire Geoghegan-Quinn go fonnmhar leis an mholadh seo ach thit an comhrialtas idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach sula bhfuair sí deis tuilleadh a dhéanamh.

  22. #800739

    Ní mó ná sásta a bhí an Teachta Dála ón Lucht Oibre, Micheál D. Ó hUigínn (fiche bliain ar aghaidh bheadh sé tofa ina Uachtarán ar Éirinn), leis an gcomóradh oifigiúil agus dúirt sé go raibh an chuma ar an gcomhrialtas idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach gur mhothaigh siad náire faoin Éirí Amach (‘ashamed, forgetful and subservient’).

  23. #910354

    Tharraing iarrthóir an pháirtí Phoblachtánaigh conspóid air féin arís le seachtain anuas nuair a d’fhógair sé ar Twitter gur chreid sé nach gcaillfeadh sé an toghchán ach go raibh an páirtí Daonlathach i mbun camastaíl bhallóide agus gur chreid sé go mbeadh caimiléireacht ar siúl sna hionaid vótála ar an 8 Samhain, lá an toghcháin.

  24. #968279

    Tá Fianna Fáil, an Páirtí Daonlathach, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas ar aon fhocal amháin faoi thábhacht na teanga agus tá cúpla focal moltach faoi oidhreacht na teanga le fáil ina gcuid forógraí nó ina gclár rialtais i gcás Fhine Gael de.

    Na pairtithe polaitiochta ar lorg votai na Gaeilge – Eagarthoir Gaeilge: Pol O Muiri

  25. #987426

    Bhíodh an Páirtí Daonlathach i bhfábhar deireadh a chur leis an Seanad cé gur bhaineadar an-tairbhe as le hainmniúchán Taoisigh ach is é iarcheannaire an pháirtí sin, Michael McDowell, is minice a chloisfidh tú ag argóint ar a shon anois.

    Amhras ar an phobal faoin Rialtas – Pomuiri

  26. #1003857

    Ach má dhéanann sé beart de réir a bhriathair, beidh Micheál Martin ag moladh gurbh fhearr fanacht faoi fhrustrachas ar bhinsí an fhreasúra ná an chríoch a d’fhulaing an Páirtí Daonlathach agus an Páirtí Glas tar éis comhrialtais.

    Athbhliain agus atoghadh? – Seán Ó Héalaí

  27. #1023507

    Ní móide go rachaidh Féine Fóill an bóthar céanna is a chuaigh Aontacht Éireann, agus Clann na Poblachta, agus Clann na Talmhan, agus An Daonlathas Clé, agus Poblacht Chríostúil, agus An Páirtí Críostaí Láir, agus Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre, agus An Páirtí Daonlathach fós, ach phlab siad de phlimp mar a thiteann uachtar reoite ar do bhróg i lár an tsamhraidh.

    Fine Geal an Lae – Alan Titley

  28. #1027429

    Vótáileann daoine ar son Fhianna Fáil toisc nach Fine Gael iad; vótáileann daoine ar son Fhine Gael toisc nach Fianna Fáil iad; vótáileann daoine ar son an Lucht Oibre toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael iad; vótáileann daoine ar son na nglasraí toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael ná An Lucht Oibre iad; vótáileann daoine ar son Sinn Féin toisc nach Fianna Fáil ná Fine Gael ná An Lucht Oibre ná na glasraí ná na hAontachtóirí ná an DUP ná An Páirtí Daonlathach ná An Páirtí Cumannach ná Clann na Talmhan ná na Caomhaigh ná Plaid Cymru ná Agenda Nua ná An Dream Eile Sin iad.

    Cén rogha? – Alan Titley

  29. #1027430

    Vótáileann daoine ar son Fhianna Fáil toisc go rachaidh siad i gcomhrialtas le dream ar bith; vótáileann daoine ar son Fhine Gael toisc go rachaidh siad i gcomhrialtas leis an Lucht Oibre agus le dream ar bith eile seachas le Sinn Féin; vótáileann daoine ar son An Lucht Oibre mar go rachaidh siad i gcomhrialtas le Fine Gael, agus le Fianna Fáil ar an drochsheans; vótáileann daoine ar son Shinn Féin toisc nach rachaidh siad i gcomhrialtas le dream ar bith eile seachas leis na haontachtóirí, an DUP, Plaid Cymru, Clann na Talmhan, An Páirtí Daonlathach, Macra na Rudaí...

    Cén rogha? – Alan Titley

  30. #1256398

    Dá gceapfaí roimh an toghchán gurbh í creill bháis an pháirtí Phoblachtánaigh a bheadh ann, ba é a mhalairt a bhí fíor: ba é an páirtí Daonlathach a bhí in umar an éadóchais tar éis an toghcháin; is iad an mionlach sa Seanad anois (48 v.

  31. #1325434

    Obair fhadálach a bheadh ann beocheist a dhéanamh den éileamh ar stáisiún Gaeilge agus tabhairt ar an gcomhrialtas nua idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach beart a dhéanamh de réir a mbriathair.

  32. #1325571

    Ba bheag an tsuim a bhí ag an Aire nua i gceist na teilifíse Gaeilge, ach mar dhuine a bhain leis an eite dheis d’Fhianna Fáil as ar eascair an Páirtí Daonlathach agus a fhealsúnacht eacnamaíochta nua-liobrálach, bhí sé buartha faoin gcaiteachas stáit ar an togra nua.

  33. #1349954

    Cé nach bhfuil difear mór idir lucht na gCúig Réalta agus an Páirtí Daonlathach maidir leis an mbéim a chuireann siad ar riachtanais shóisialta na ndaoine is boichte, tá bearna mhór eatarthu maidir leis an Eoraip agus leagan amach na polaitíochta féin.

  34. #1357665

    Is léir go bhfuil tús áite á thabhairt don tsochaí agus do chomhrialtas idir na trí pháirtí is mó, Siumut (an páirtí daonlathach sóisialta), Inuit Ataqatigiit, páirtí de chuid na heite clé, agus Demokraterne (na Daonlathaigh).

  35. #1487362

    Cuimhnigh go ndearnadh socrú mar sin idir Fine Gael agus an Páirtí Daonlathach i 1989 ach gur neadaigh an PD i mbrollach teolaí Chathail Uí Eochaidh ag deireadh an lae.Agus cuimhnigh gurb iad an bheirt a rinne an socrú ar son Fhianna Fáil ná Albert Reynolds agus Bertie.

  36. #1487553

    Tríocha éigin bliain níos déanaí, i 1985, a bhunaigh Deasún Ó Máille agus a chairde an Páirtí Daonlathach – ní aistriúchán cruinn é sin ar “Progressive Democrats” ach b’in an leagan Gaeilge a roghnaíodh.

  37. #1561535

    Is í Nancy Pelosi cathaoirleach nua Theach na nIonadaithe agus dúirt sí go n-oibreodh an Páirtí Daonlathach leis na Poblachtánaigh leis an deighilt idir an dá dhream a réiteach.  Cé nach mbíonn líon na ndaoine a chaitheann vóta chomh hard sna toghcháin lár tearma agus a bhíonn sa toghchán uachtaránachta, tháinig an líon is mó daoine amach le vóta a chaitheamh sa toghchán seo ná mar a bhí i gceist le leathchéad bliain.  Sna toghcháin áitiúla, toghadh bean a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Chonamara ina hionadaí Daonlathacht i dTeach na Comhdhála i stát Maine.