Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

conradh

cáin

145 toradh in 121 doiciméad

  1. #642273

    Bhí sé i gConradh na Talún mar a bhí go leor eile agus b’in é an fáth ba mhó gur cuireadh as a sheilbh é. Chomh maith leis sin, file a bhí ann agus bhíodh sé ag cumadh amhrán agus dánta ag magadh faoi na tiarnaí agus dá gcáineadh.

  2. #901875

    Is fíor go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh go mbeadh lámh aige i gcúrsaí cánach na tíre seo, fiú is go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil a leithéid ceadaithe faoi Chonarthaí an Aontais.  Tá an ceart againn gan glacadh leis sin.

  3. #903565

    Níos measa fós, tráth a bhfuil seanchóras polaitiúil na tíre in aimhréidh, tá Sinn Féin freisin ag dul dá dtreoir.  Bhí an ceart acu, mar is léir anois, cur i gcoinne conarthaí Eorpacha ar nós Nice, Liospóin agus an Comhshocrú Fioscach, ach ní bhainfidh siad leas as an méid sin óir tá siad ag maíomh anois gur chóir seasamh leis an Aontas i gcoinne na Breatimeachta is iad ar son lámh a bheith ag an Aontas i gcúrsaí cánach an stáit seo.

  4. #263457

    Bhí baint mhór ag cuid de cheannairí an Éirí Amach le Conradh na Gaeilge agus lena nuachtán 'An Claidheamh Soluis'.  Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Cóilín Ó Cearbhaill nach bhfuil aon tionscadal sa chlár comórtha "a láidreoidh an Ghaeilge mar theanga phobail, cur chuige a luífeadh le fís cheannairí 1916." Deir an Rialtas gur dréachtchlár atá ann go fóill.  Chomh maith leis sin, cháin an Conradh an suíomh idirlín atá bunaithe ag an Rialtas don chomóradh.

  5. #897746

    I litir a chuir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, chuig Kevin O’Sullivan, eagarthóir an Irish Times, mhol sé an “dea-obair” atá déanta ag eagarthóir Gaeilge an nuachtáin, Pól Ó Muirí, agus cháin sé an cinneadh an leathanach Bileog a ghearradh “tráth a bhfuil níos mó daoine ag úsáid na teanga ina ngnáthshaol”.

  6. #899034

    Ghlac an Ard-Fheis go léir cé is moite de theachtaire amháin leis an leasrún agus rinne an cathaoirleach gearán faoin dream a bhíonn gach bliain ag cáineadh an Chonartha roimh aimsire na hArd-Fheise.

  7. #1081642

    Bhí Mícheál Ó Maoláin, Árannach a bhí fós gníomhach sa Chonradh, ina rúnaí air, agus mar choiste bhí Séamus Ó Tallamhain, fear a throid san Éirí Amach agus ball an-ghníomhach den Choiste Gnótha, Beaumont, Protastúnach a bhí gníomhach mar an gcéanna, agus Seán Ó hUadhaigh, a bhí éirithe as an gConradh tar éis gur cáineadh é i dtaca le halt a 13 (lch 43).

  8. #1081651

    Mar a léirigh Aindrias Ó Muimhneacháin ina leabhar faoi stair an Chonartha 1922-32, Dóchas agus Duainéis, níor éirigh leis an eagraíocht aon réiteach a fháil ar an gceist sin agus dheighil na baill ghníomhacha, cuid díobh ag cur muinín sa rialtas agus cuid eile á cháineadh go géar faoi easpa gnímh, dar leo.

  9. #1164914

    Tá cinneadh Fhoras na Gaeilge “teacht chun tosaigh” nó teacht roimh éileamh atá déanta ag Conradh na Gaeilge ar an Rialtas, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna heagraíochtaí Gaeilge, cáinte ag Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn.

  10. #1164924

    Tá cinneadh Fhoras na Gaeilge “teacht chun tosaigh” nó teacht roimh éileamh atá déanta ag Conradh na Gaeilge ar an Rialtas, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh sna heagraíochtaí Gaeilge, cáinte ag Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn.

  11. #1325276

    Dar le Ó hÉallaithe nár dhein Conradh na Gaeilge ‘tada’ tar éis dóibh an rún a rith ag Ard-Fheis an Spidéil in 1980 ag tacú leis an éileamh ar stáisiún nua agus tagann fearg fós air nuair a chuimhníonn sé ar rún eile a cuireadh síos ag Ard-Fheis an Chonartha in 1988 ag cáineadh chraoladh na teilifíse bradaí ó Ros Muc.

  12. #1414460

    Cháin an Direánach féin, i litir chuig An Glór (1941a: 4), ‘seasamh lúb lagach’ an Chonartha agus bhí a dheartháir, Tomás, níos binbí fós nuair a scríobh go raibh ‘arm seo an Chonnartha in ainm agus a bheith ag caitheamh saighead leis an námhaid le leath-chéad bliadhan, agus is mó an méid saighead atá ’na gcraiceann agus ’na gconablach féin indiu ná sa námhaid’ (1942: 1).

  13. #1462214

    Ag an am céanna chuir an tionchar a bhí aige mar eagarthóir an pháipéir isteach ar chraobhacha áirithe, go mórmhór Chraobh an Chéitinnigh, agus ba mhinic an páipéar nó an t-eagarthóir ina ábhar cáinte ag baill na Craoibhe seo, nó ag a gcairde, ag Ard-Fheiseanna an Chonartha.

  14. #1541314

    Ag labhairt dó ag seoladh oifigiúil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Muineachán tráthnóna, thug Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léasadh teanga do dhaoine a bhíonn ag cáineadh Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí  eile agus gan, dar leis, moltaí fiúntacha acu féin.

  15. #1560502

    Bhí comhlacht David McCourt páirteach sa ghrúpa a chuir isteach ar an gconradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus cáineadh Denis Naughten faoin gcruinniú a bhí aige leis i Nua-Eabhrac níos túisce i mbliana.  Bhí sé ráite ag Denis Naughten nach leis an tairiscint a phlé a bhí an cruinniú aige le David McCourt.  Sa Dáil tráthnóna, dúirt sé gur seirbhís leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann ba mhó ba chás leis riamh.

  16. #1620580

    Is furasta monatóireacht a dhéanamh de chéin ar dhaoine aosta le teicneolaíocht nua-aimseartha atá ag brath ar sheirbhís leathanbhanda, a dúirt sé.  D'éirigh Denis Naughten as a phost mar Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil anuraidh i bhfianaise conspóide faoi na teagmhálacha a bhí aige leis an bhfear gnó Meiriceánach David McCourt.  Bhí comhlacht David McCourt páirteach sa ghrúpa a chuir isteach ar an gconradh don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda agus cáineadh Denis Naughten faoi chruinniú a bhí aige leis i Nua-Eabhrac.

  17. #1627396

    Caitliceach dílis cráifeach ab ea an Piarsach, ach níor fhág sé sin nach bhféadfadh sé an chléir agus an cliarlathas a cháineadh faoi gan tacú le polasaithe an Chonartha i dtaobh na Gaeilge.

  18. #263456

    Níl aitheantas ceart á thabhairt don Ghaeilge i gcomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca, a deir Conradh na Gaeilge. Seoladh an clár comórtha aréir, agus tá an Rialtas cáinte ag an gConradh faoi 'laghad na dtionscadal Gaeilge' a fógraíodh ann.  Deir an Conradh go ndéanann gnéithe den chlár comórtha neamart sa Ghaeilge, ar cheann de bhunchlocha na Réabhlóide Náisiúnta í.

  19. #273295

    Idir an dá linn tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar chinneadh Ollscoil Uladh deireadh a chur leis an gcúrsa lánaimseartha BA sa nGaeilge a bhí ar fáil san Ollscoil.  Tá Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar an Roinn is mó i Scoil na dTeangacha san Ollscoil agus thart ar 500 mac léinn i mbun staidéir ar an teanga ar chúrsaí éagsúla.

  20. #275580

    Dúradh go raibh deacrachtaí ann theacht ar chomhaontú faoi chonradh nua do Walsh.  Cáineadh Sport Ireland i ráiteas an IABA agus dúradh nach é leas dhornálaíocht na hÉireann an chloch is mó atá ar a bpaidrín.

  21. #294930

    Cháin Conradh na Gaeilge  agus Gael Linn an moladh cheana féin agus léirigh na an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) a n-amhras faoi inné.

  22. #805651

    Roimh an Ard-Fheis d’fhoilsigh ‘An Craoibhín’ litir ag freagairt lucht a cháinte i Sinn Féin agus phléigh sé na hábhair uile a bhí i gceist acu agus an ról a bhí aige i gcur i gcrích chuspóirí Chonradh na Gaeilge, an troid a rinne sé ar son táillí do mhúineadh na Gaeilge, an troid ar son na Gaeilge éigeantaí san Ollscoil agus a thuras go Meiriceá ina measc.Chríochnaigh sé ag rá go bhfaca sé fás na gluaiseachta ó thús agus gur mhothaigh sé go raibh sí níos láidre anois ná mar a bhí riamh.Ba mhaith ab eol do Chonraitheoirí an tábhacht a bhain leis mar uachtarán agus ag Ard-Fheis 1913, socraíodh go gcuirfí an obair ar ceal go dtiocfadh sé.

  23. #833884

    Cháin siad Mac Aonghusa, ag rá nár thug muintir Chonamara “cead d’aon duine, ag feis ná ag dáil, a dhul a’ stealladh bréag ina n-ainm.…” Thug Ó Cadhain, stiúrthóir Mhuintir na Gaeltachta freagra scríofa ar Mhac Aonghusa sa gcéad eagrán eile den Éireannach….’ Le linn d’Ó Cadhain a bheith ag múineadh ar an gCarn Mór cuireadh i gceannas ar Chathlán na Gaillimhe de na hÓglaigh é, agus bhí sé freisin ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag an am.

  24. #964656

    Mar agóid ina éadan sin, tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil feachtais le tabhairt ar vótóirí gan tacaíocht a thabhairt d'Fhine Gael agus tá achainí ar líne ag Glór na nGael ag cáineadh pholasaí an pháirtí.

    Dushlan Gael – Gan údar

  25. #990081

    Chuir ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte roimh an cheapachán ach cháin sé an Rialtas fosta, á rá go mbeadh “deis ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, thuaidh agus theas, a bhfearg agus a ndíomá a chur in iúl ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, fearg agus díomá i dtaca leis an tslí a chaith an Rialtas ó dheas leis an gCoimisinéir Teanga reatha go háirithe”.

    Rónán Ó Domhnaill le bheith ina Choimisinéir nua Teanga – Gan údar

  26. #991240

    Cháin Conradh na Gaeilge na leasuithe a bhí molta sa cháipéis sceite mar nach raibh aon soláthar inti a chinnteodh go mbeadh gach seirbhís á cur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta “gan ceist, gan coinníoll” agus mar nach raibh aon spriocanna inchreidte tugtha inti maidir le hearcaíocht daoine le Gaeilge san earnáil phoiblí.

    Reachtaíocht teanga le foilsiú gan mhoill – Gan údar

  27. #1081658

    Mhol daoine áirithe an rialtas, cháin daoine eile é, mhol fear amháin go gcuirfí fios ar De Valera le go gcosnódh sé easpa gnímh an rialtais os comhair choiste den Chonradh, ó tharla Dev a bheith ina bhall den eagraíocht… Tá blas an diansmachta le fáil ar chuid de na díospóireachtaí a tharla, blas nárbh annamh i ndíospóireacht phoiblí na linne sin ar cheisteanna eile, ní miste a rá.

  28. #1099517

    Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: ‘Is tromchúiseach an cáineadh ar an Rialtas é gur mhothaigh an t-ombudsman do chearta teanga, atá ceaptha ag Uachtarán na hÉireann, nach raibh de rogha aige ach seasamh siar óna phost tráth gur chosúil go bhfuil dhá choiscéim á dtógaint ar gcúl in aghaidh gach céim chun tosaigh maidir le cur chun cinn na Gaeilge san earnáil phoiblí.

  29. #1102457

    D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh an bhfógra go raibh Coimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, ceaptha, ach cháin an eagraíocht an Rialtas go láidir toisc nár fógraíodh go bhfuil moltaí an iar-Choimisinéara á dtógáil ar bord acu, ná níltear ag gníomhú orthu láithreach.

  30. #1154599

    “Ní hé seo an chéad uair go bhfuil rialtas na Breataine cáinte ag coiste idirnáisiúnta mar seo i ngeall ar an easpa dul chun cinn ar cheist na Gaeilge ach tá súil againn, agus aird dírithe ar cheist na Gaeilge faoi láthair, go bhfuil deis ann soláthar sásúil a chur i bhfeidhm gan a thuilleadh mhoille,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer.

  31. #1154682

    Cháin eagraíochtaí teanga agus lucht an Ghaeloideachais cinntí Weir go géar i gcaitheamh na bliana seo caite agus mhaígh Conradh na Gaeilge go raibh na cinntí sin “ag teacht salach ar an dualgas reachtúil” atá ar an Roinn Oideachais maidir le “spreagadh agus éascú fhorbairt na Gaelscolaíochta” ó thuaidh.

  32. #1193532

    Is ea, agus chuathas níos faide ná sin, nó ba é an port a bhí ag cuid de na cairde móra sin, nó go gcaithfí deireadh a chur leis an gcáin íseal corparáideach a ghearrtar anseo in Éirinn, cé gur thug siad gealltanas dúinn agus muid ag ullmhú don dara vóta anseo ar Chonradh Liospóin, nach dtarlódh a leithéid.

  33. #1201969

    Is ea, agus chuaigh siad níos faide ná sin, nó ba é an port a bhí ag cuid de na cairde móra sin, ná go gcaithfí deireadh a chur leis an gcáin íseal chorparáide a ghearrtar anseo in Éirinn, cé gur thug siad gealltanas dúinn agus muid ag ullmhú don dara vóta anseo ar Chonradh Liospóin, nach dtarlódh a leithéid.

  34. #1265359

    Glacadh sna ceannteidil le go leor de na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge i dtaobh na reachtaíochta nua agus tugadh suntas don difear idir na ceannteidil nua agus ceannteideal a foilsíodh in 2014 ach ar caitheadh i dtraipisí iad nuair a deineadh cáineadh géar orthu.

  35. #1267725

    Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur léirigh cás Líofa “thar aon chás eile” an “géarghá” hAcht Teanga ó thuaidh.” Rinneadh cáineadh láidir ar chinneadh Paul Givan deireadh a chur leis an scéim sparánachta dhá lá roimh an Nollaig anuraidh.

  36. #1294019

    Tar éis a insealbhaithe ar an mhí seo caite, thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios gurbh é an Roinn Cultúir a thabharfaí ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi; ba chinneadh é a cháin Conradh na Gaeilge.