Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

9 dtoradh in 2 dhoiciméad

  1. #2396046

    Tá sé ríthábhachtach go nglacann Coiste CC a chuid cinntí ar bhealach trédhearcach agus éifeachtúil, agus go dtugann baill den Choiste CC an tacaíocht is mó is féidir do na cinntí sin.

    It is of utmost importance that the HS Committee take its decisions in a transparent and efficient way, and that such decisions receive maximum support from the members of the HS Committee.

    Cinneadh (AE) 2022/983 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le formheas dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe

  2. #2396043

    Meastar go bhformheasfaidh Comhairle EDC dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Choiste CC ag a seisiúin i mí an Mheithimh (an 139ú seisiún agus an 140ú seisiún ar 23-25 Meitheamh 2022).

    The WCO Council is expected to approve draft amendments to the Rules of Procedure of the HS Committee at its June sessions (139th and 140th sessions on 23-25 June 2022).

    Cinneadh (AE) 2022/983 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le formheas dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe

  3. #3008372

    Is ionstraimí treorach le haghaidh bhearta taraife an Aontais iad tuairimí maidir le haicmiú arna bhformheas ag Coiste CC na hEagraíochta Domhanda Custaim.

    Classification opinions approved by the HS Committee of the World Customs Organization are guidance instruments for Union tariff measures.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2217 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 901/2007 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

  4. #2396041

    De bhun Airteagal 6(6) den Choinbhinsiún, déanfaidh an Coiste um an gCóras Comchuibhithe (“an Coiste CC”) a chuid Rialacha Nós Imeachta féin a chur le chéile trí chinneadh a ghlacfar le méid nach lú ná dhá thrian de na vótaí a cuireadh i leith a chuid ball.

    Pursuant to Article 6(6) of the Convention, the Harmonized System Committee (‘the HS Committee’) is to draw up its own Rules of Procedure by decision taken by not less than two-thirds of the votes attributed to its members.

    Cinneadh (AE) 2022/983 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le formheas dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe

  5. #2396044

    Tá dréachtleasuithe den chineál sin le formheas ar bhonn togra a tharraing Comhairle CC suas agus a críochnaíodh le linn a 64ú seisiún (18-27 Meán Fómhair 2019) agus a 68ú seisiún (6-28 Meán Fómhair 2021).

    Such draft amendments are to be approved on the basis of a proposal drawn up by the HS Committee and finalised during its 64th (18-27 September 2019) and 68th (6-28 September 2021) sessions.

    Cinneadh (AE) 2022/983 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le formheas dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe

  6. #2396047

    Toisc go bhfuil Comhairle EDC leis na dréachtleasuithe sin ar Rialacha Nós Imeachta Choiste CC a fhormheas, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste EDC a bhunú, mar a luaithe a fhormheasfar é, beidh éifeachtaí dlí ag na Rialacha Nós Imeachta leasaithe ar an Aontas agus féadfaidh siad tionchar a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, go háirithe Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle.

    Since the draft amendments to the Rules of Procedure of the HS Committee are to be approved by the WCO Council, it is appropriate to establish the position to be taken on the Union’s behalf in the WCO Council, as once approved, the amended Rules of Procedure will have legal effects in the Union and be capable of influencing the content of Union law, in particular Annex I to Council Regulation (EEC) No 2658/87.

    Cinneadh (AE) 2022/983 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le formheas dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe

  7. #2396048

    Ba cheart gurbh é seasamh an Aontais tacaíocht a thabhairt do na dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Choiste CC, agus le haon oiriúnuithe eagarthóireachta nó teanga a d’fhéadfaí a mheas a bheith riachtanach,

    The Union’s position should be to support the draft amendments to the Rules of Procedure of the HS Committee, as well as any minor editorial or linguistic adaptations that may be deemed necessary,

    Cinneadh (AE) 2022/983 ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le formheas dréachtleasuithe ar Rialacha Nós Imeachta an Choiste um an gCóras Comhchuibhithe

  8. #3008367

    Le linn an 71u seisiún dá chuid i mí an Mhárta 2023, d’fhormheas Coiste um an gCóras Comhchuibhithe (Coiste CC) na hEagraíochta Domhanda Custaim tuairim 1211.90/1 maidir le haicmiú, lena n-aicmítear ‘tae rooibos’, a dhéantar as duilleoga triomaithe an toir rooibos (Aspalathus linearis) agus a úsáidtear chun insiltí luibhe a dhéanamh.

    During its 71st session in March 2023, the Harmonized System Committee (HS Committee) of the World Customs Organization approved classification opinion 1211.90/1 classifying ‘rooibos tea’, made from the dried leaves of the rooibos bush (Aspalathus linearis) used for making herbal infusions.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2217 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 901/2007 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte

  9. #3008370

    I bhfianaise shaintréithe ‘tae rooibos’, atá comhionann nó thar a bheith cosúil leis an táirge ar a dtugtar tuairisc i Rialachán (CE) Uimh. 901/2007, níl aicmiú taraife an táirge, mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, i gcomhréir le tuairim 1211.90/1 Choiste CC maidir le haicmiú.

    Given the identical or very similar characteristics of the ‘rooibos tea’ with the product described in Regulation (EC) No 901/2007, the tariff classification of the product as set out in the Annex to that Regulation is not in accordance with HS Committee classification opinion 1211.90/1.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2217 ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2023 lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 901/2007 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte