Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

12 toradh in 7 ndoiciméad

  1. #1860763

    SNInna

    SNEs

    Togra le haghaidh CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Oibre Straiteiseach um Nualaíocht na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) 2021-2027: Borradh a chur faoi Thallann Nuálaíochta agus faoi Chumas Nuálaíochta na hEorpa

  2. #2627735

    á thabhairt dá haire barúil na Cúirte nach bhfuil córas rialaithe ex ante ná ex post i bhfeidhm ag an Údarás chun a fhíorú cibé an bhfuil méid na gcostas a aisíoctar leis na húdaráis náisiúnta nó a iarrann na húdaráis náisiúnta maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNEanna) mar a comhaontaíodh; á thabhairt dá haire maidir leis sin gur aisíoc an tÚdarás olltuarastal bheirt SNE ó dhá údarás náisiúnta éagsúla i leith thréimhse iomlán a n-iasachta, lenar íocadh na méideanna EUR 71875 agus EUR 74880 roimh ré leis na húdaráis náisiúnta faoi seach gan fíorú iomchuí a bheith déanta go raibh an méid a bhí le haisíoc cruinn, agus leis sin gur nochtadh an tÚdarás don riosca go bhféadfadh aisíoc ar chostas foirne SNEanna a bheith á ríomh ar bhonn costais mhíchruinne, nó nach bhféadfaí athruithe ar chostais foirne ina dhiaidh sin a ghabháil agus dul i ngleic leo in am; á thabhairt dá haire gur geal léi freagairt an Údaráis ar bharúlacha na Cúirte trí rialuithe i gcomhaontuithe SNEanna amach anseo a threisiú.

    Notes the Court’s observation that the Authority has neither an ex ante nor an ex post control system in place to verify whether the amount of costs reimbursed to and requested by the national authorities for seconded national experts (SNEs) is as agreed; notes in relation to this that in 2020 the Authority reimbursed the gross salary of two SNEs from two different national authorities for the full period of their secondment, with the concerned amounts of EUR 71875 and EUR 74880 paid in advance to the respective national authorities without appropriate verification of the correctness of the amount reimbursed, thus exposing the Authority to the risk that the reimbursement for the staff cost of SNEs may be calculated on the basis of inaccurate costs, or that subsequent staff cost changes may not be captured and addressed on time; welcomes the Authority’s response to the Court’s observations by enhancing the controls for future SNEs’ agreements;

    Rún (AE) 2022/1759 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2020

  3. #2626283

    ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ag deireadh 2020, a d’fhostaigh an Chúirt 925 bhall foirne ar an iomlán, lenar cuimsíodh 669 n-oifigeach, 158 ngníomhaire shealadacha, 83 ghníomhaire ar conradh agus 15 saineolaí náisiúnta ar iasacht (SNInna); á thabhairt faoi deara gur 97,2 % a bhí sa mheánráta fostaíochta in 2020; á chur in iúl gur mór aici an dea-leibhéal leanúnach gníomhaíochtaí earcaíochta in 2020 agus 62 fhostaí nua, lenar cuimsíodh 18 n-oifigeach, 21 ghníomhaire sealadach, 20 gníomhaire ar conradh agus 3 SNI, earcaithe (i gcomparáid le 77 in 2019);

    Notes that, at the end of 2020, the Court employed in total 925 members of staff, consisting of 669 officials, 158 temporary agents, 83 contractual agents and 15 seconded national experts (SNEs); observes that the average occupation rate in 2020 was 97,2 %; appreciates the continued good level of recruitment actions in 2020 with 62 new employees recruited, consisting of 18 officials, 21 temporary agents, 20 contractual agents and 3 SNEs (compared to 77 in 2019);

    Rún (AE) 2022/1702 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn V — an Chúirt Iniúchóirí

  4. #3050563

    ag tabhairt dá haire go ndéantar foráil leis an bplean bunaíochta foirne do 39 ngníomhaire shealadacha, 15 ghníomhaire ar conradh agus 2 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNEanna), is é sin 56 bhall foirne san iomlán; ag tabhairt dá haire go raibh 50 duine i bpoist an 31 Nollaig 2021: 36 as 39 ngníomhaire shealadacha (GSanna) (92,30 %), 13 as 15 ghníomhaire ar conradh (86,70 %) agus 1 as 2 SNE (50 %); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le GSanna, go raibh na poist fholmha le líonadh in 2022 toisc go raibh dhá nós imeachta roghnúcháin fós ar siúl agus, in 2022, go raibh 1 phost SNE le ciorrú;

    Notes that the staff establishment plan provides for 39 temporary agents, 15 contract agents and 2 seconded national experts (SNEs), in total 56 staff members; notes that, on 31 December 2021 there were 50 positions occupied: 36 out of 39 temporary agents (TAs) (92,30 %), 13 out of 15 contract agents (86,70 %) and 1 out of 2 SNEs (50 %); notes, in addition, that, as regards TAs, the empty posts were to be filled in 2022 as two selection procedures were on-going and that, in 2022, 1 SNE post was to be cut;

    Rún (AE) 2023/1960 ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Bealtaine 2023 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach – IHI (roimh an 30 Samhain 2021 Comhghnóthas an Tionscnaimh um Míochaine Nuálach 2) don bhliain airgeadais 2021

  5. #690271

    Cabhróidh dhá SNI leis na hoifigigh agus na baill foirne sealadacha sna cúraimí seo a leanas agus cabhróidh siad leis an nGníomhaireachta lena cuid gníomhaíochtaí a fhorbairt de réir bheartais an AE, lena n-áirítear trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe saineolaithe.

    Two SNEs will support the officials and temporary staff in the above tasks and assist the Agency in developing its activities in line with EU policies, including by participating in experts meetings.

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB 

  6. #312463

    (18) Féadfaidh an SEGS, i gcásanna sonracha, leas a bhaint as líon teoranta saineolaithe náisiúnta speisialtaithe ar iasacht (SNEanna), a thabharfar ar iasacht d’fhonn cúraimí sonracha a chomhlíonadh, go háirithe cúraimí a bhaineann le bainistiú géarchéime nó feidhmeanna míleata, agus ba cheart go mbeadh údarás ag an Ardionadaí orthu.

    (18) The EEAS may, in specific cases, have recourse to a limited number of specialised seconded national experts (SNEs), seconded with a view to their performing specific tasks, in particular tasks relating to crisis management or military functions, over whom the High Representative should have authority.

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1080/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal sin

  7. #691600

    Chuige sin, lehiarratas de 48 GS fadaithe faoi 2 go 6 SNI i 2019 (ag brath ar chumaisan BS), tá cur chuige Europol thar a bheith réasúnta agus iarracht á déanamhfreastal ar mhian shaoránach an AE le linn déine buiséadaí.

    In that regard,with a request of 48 TA augmented by 2 to 6 SNEs in 2019 (depending onthe MS capabilities), Europol’s approach is more than reasonable when trying tomeet the EU citizen expectation in a time of budget austerity.

    Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar agus Oiliúint na Seirbhísí Forfheidhmithe Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/371/CGB agus Cinneadh 2005/681/CGB 

  8. #2626285

    á chur in iúl gur díol sásaimh di gurb amhlaidh, ar an iomlán, a d’fhostaigh an Chúirt cion comhionann ban agus fear sa lucht saothair in 2020, agus 475 bhean agus 435 fhear ann as 910 fostaí; ag tabhairt dá haire gur mhná iad 51,63 % den lucht saothair iomlán lena n-áirítear comhaltaí den Chúirt agus SNInna; á thabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar sciar na mban sa bhainistíocht, 34,82 % in 2020 i gcomparáid le 30,43 % in 2019; á thabhairt faoi deara gur mná iad tuairim is trian de na príomhbhainisteoirí (17 as 47) agus na stiúrthóirí (3 as 10);

    Welcomes that, overall, the Court employed equal proportions of women and men in the workforce in 2020, with 475 women and 435 men out of 910 employees; notes that women made up 51,63 % of the overall workforce including members of the Court and SNEs; observes an increase in the share of women in management, 34,82 % in 2020 compared to 30,43 % in 2019; observes that about a third of principal managers (17 out of 47) and directors (3 out of 10) are women;

    Rún (AE) 2022/1702 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn V — an Chúirt Iniúchóirí

  9. #2626760

    ag tabhairt dá haire, ar an iomlán, go raibh fórsa oibre SEGS in 2020 comhdhéanta de 4643 dhuine (i gcomparáid le 4474 in 2019) agus gur bhronn an t-údarás buiséadach 178 gcoibhéis lánaimseartha nua i ngeall ar na cúraimí breise a bhí air; ag tabhairt dá haire, ag deireadh na bliana 2020, go raibh fórsa oibre SEGS comhdhéanta de 1277 n-oifigeach, 1091 ghníomhaire áitiúla, 539 ngníomhaire ar conradh, 472 shaineolaí náisiúnta ar iasacht (SNEnna) agus 370 gníomhaire sealadach, mar aon le pearsanra tacaíochta eile (i.e. foireann sheachtrach, oiliúnaithe agus gairmithe sóisearacha);

    Notes that, overall, the EEAS working force in 2020 was made up of 4643 people (compared to 4474 in 2019) and that the budgetary authority granted 178 new full-time equivalents in consideration of its additional tasks; notes that at the end of 2020, the workforce of the EEAS was made up of 1277 officials, 1091 local agents, 539 contract agents, 472 seconded national experts (SNEs) and 370 temporary agents, along with other support personnel (i.e. external staff, trainees and junior professionals);

    Rún (AE) 2022/1712 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

  10. #2626763

    á thabhairt chun suntais go bhfuil timpeallacht idirnáisiúnta luaineach agus líon méadaitheach géarchéimeanna os comhair an Aontais, lena bhfágtar go bhfuil méadú tagtha ar an éileamh ar an Aontas ról tábhachtach a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire go mbeidh méadú comhfhreagrach foirne mar bhonn taca le ról feabhsaithe SEGS chun dul i ngleic le dúshláin nua amhail bréagaisnéis; ag tacú le hiarraidh SEGS ar an údarás buiséadach go mbeidh ann d’acmhainní daonna leordhóthanacha chun éifeachtacht an Aontais mar ghníomhaí domhanda a áirithiú; á chur i bhfios, go háirithe, an gá práinneach atá le húsáid a bhaint as acmhainní atá ar fáil go solúbtha amhail líon níos airde de SNInna ó na Ballstáit chun go mbeidh siad in ann freastal ar iarrataí nua;

    Highlights that the Union is confronted with a volatile international environment and an increasing number of crises, which has led to increasing demands on the Union to play an important role at an international level; notes that the enhanced role of the EEAS in dealing with new challenges such as disinformation is to be supported by a corresponding staff increase; supports the EEAS’ call on the budgetary authority for sufficient human resources in order to ensure that the Union is effective in delivering as a global actor; underlines, in particular, the urgent need to use flexibly available resources such as a higher number of SNEs from Member States to be in a position to cater to new requests;

    Rún (AE) 2022/1712 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

  11. #2626772

    á chur in iúl gurb eol di iarrachtaí SEGS ionadaíocht fhóinteach gheografach a bhaint amach agus inniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí á n-urramú ag an am céanna; á chur in iúl an athuair gur ábhar imní di ionadaíocht gheografach fhoireann SEGS, go háirithe maidir le poist na gceann toscaireachtaí, na meánbhainistíochta agus na bainistíochta sinsearaí agus á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, an soláthar riachtanach SNInna breise chun aghaidh a thabhairt ar ualach oibre SEGS atá ag dul i méid; ag tabhairt faoi deara go raibh náisiúnaigh ó na Ballstáit uile san áireamh ar fhoireann SEGS ag deireadh 2020 agus á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne SEGS Líonra Acmhainní Daonna na mBallstát a choimeád ar an eolas faoi chomhdhéanamh na foirne, folúntais a fhoilsiú agus iarrachtaí náisiúnta a chur chun cinn chun líon na n-iarrthóirí a mhéadú;

    Is aware of the EEAS efforts to achieve a meaningful geographical representation while respecting the competences and merits of candidates; reiterates its concern about the geographical representation in the EEAS staff, especially concerning the positions of heads of delegations, middle and senior management and stresses, in this regard, the necessary provision of additional SNEs to face the EEAS’ increasing workload; observes that at the end of 2020 EEAS staff included nationals from all Member States and welcomes the efforts made by the EEAS to keep the Human Resources Network of Member States informed about the composition of staff, to publish vacancies and to promote national efforts to increase the number of candidates;

    Rún (AE) 2022/1712 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, Roinn X — an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

  12. #2627736

    á thabhairt dá haire gur thug an tÚdarás faoi mheasúnú bliantúil ar chreat rialaithe inmheánaigh an Údaráis, agus gur tháinig ar an gconclúid go bhfuil gach comhpháirt agus prionsabal curtha chun feidhme agus go bhfuil ag feidhmiú mar atá beartaithe, le roinnt feabhsuithe de dhíth; ag meabhrú thoradh na Cúirte maidir le méid na gcostas a aisíocadh leis na húdaráis náisiúnta agus arna n-iarraidh ag na húdaráis náisiúnta i leith SNEanna agus á thabhairt dá haire go bhféadfadh gurb ionann toradh seo na Cúirte, ar ghlac an tÚdarás leis, is laige i bprionsabal rialaithe inmheánaigh 10 (Gníomhaíochtaí rialaithe a mhaolaíonn rioscaí a roghnú agus a fhorbairt) agus i bprionsabal 12 (Gníomhaíochtaí rialaithe a úsáid trí bheartais agus nósanna imeachta) agus a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar fheidhmiú chomhpháirt rialaithe inmheánaigh 3 (Rialú gníomhaíochtaí); á thabhairt dá haire freisin toradh na Cúirte maidir le soláthar, a bhféadfadh gurb ionann é is laige sna prionsabail rialaithe inmheánaigh chéanna; á iarraidh ar an Údarás a mhíniú don údarás um urscaoileadh mar a rinneadh na laigí arna sainaithint ag an gCúirt a bhreithniú i measúnú rialaithe inmheánaigh an Údaráis agus fós gur tháinig ar an gconclúid go raibh gach comhpháirt agus prionsabal ag feidhmiú mar a bhí beartaithe;

    Notes that the Authority carried out the annual assessment of its internal control framework, concluding that all components and principles are implemented and function as intended, with a number of improvements required; recalls the Court’s finding on the amount of costs reimbursed to and requested by the national authorities for SNEs and notes that this finding of the Court, which was accepted by the Authority, potentially constitutes a weakness in internal control principle 10 (Select and develop control activities that mitigate risks) and principle 12 (Deploy control activities through policies and procedures), which potentially call into question the functioning of internal control component 3 (Control activities); further recalls the finding of the Court on procurement, that also potentially constitutes a weakness in the same internal control principles; calls on the Authority to explain to the discharge authority how the weaknesses identified by the Court were considered in the Authority’s internal control assessment and why it still concluded that all components and principles function as intended;

    Rún (AE) 2022/1759 ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (EIOPA) don bhliain airgeadais 2020