Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

42 toradh in 25 doiciméad

  1. #458129

    Ne bis in idem

    Ne bis in idem

    AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CIONTA GADAÍOCHTA AGUS CALAOISE), 2001

  2. #1675648

    Ba cheart prionsabal ne bis in idem a urramú.

    The principle of ne bis in idem should be respected.

    Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #1725153

    más rud é go mbeadh forghníomhú an ordaithe calctha in aghaidh an phrionsabail ne bis in idem;

    executing the freezing order would be contrary to the principle of ne bis in idem;

    Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta

  4. #1725262

    más rud é go mbeadh forghníomhú an ordaithe coigistíochta in aghaidh an phrionsabail ne bis in idem;

    executing the confiscation order would be contrary to the principle of ne bis in idem;

    Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta

  5. #1961961

    Ne bis in idem

    Ne bis in idem

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  6. #2871152

    go mbeadh forghníomhú an ordaithe in aghaidh an phrionsabail ne bis in idem;

    the execution of the order would be contrary to the principle of ne bis in idem;

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  7. #680778

    Ba cheart don chóras sin prionsabal ne bis in idem a urramú, ar prionsabal é lena leagtar síos nach féidir smachtbhannaí a fhorchur faoi dhó maidir leis an gcion céanna.

    Such a system should also respect the ne bis in idem principle whereby sanctions cannot be imposed twice for the same offence.

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha

  8. #736872

    I gcás smachtbhannaí eile, ba cheart lánurraim a thabhairt don phrionsabal go dtoirmisctear duine a thriail nó a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem).

    For other sanctions, the principle of prohibition of being tried or punished twice in criminal proceedings for the same criminal offence (ne bis in idem) should be fully respected.

    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

  9. #1616272

    Tionscnamh ón bPoblacht Heilléanach d’fhonn Creat-Chinneadh ón gComhairle a ghlacadh i dtaobh an phrionsabail ne bis in idem a chur chun feidhme mar aon le nóta faisnéise míniúcháin.

    INITIATIVE OF THE HELLENIC REPUBLIC WITH A VIEW TO ADOPTING A COUNCIL FRAMEWORK DECISION CONCERNING THE APPLICATION OF THE NE BIS IN IDEM PRINCIPLE TOGETHER WIT EXPLANATORY INFORMATION NOTE.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  10. #1960903

    go measann an Stát iarrtha go mbeadh forghníomhú na hiarrata bunoscionn leis an bprionsabal ne bis in idem;

    the requested State considers that executing the request would be contrary to the principle of ne bis in idem;

    Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt , agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

  11. #2048485

    D’fhéadfaí neamhchomhlíonadh a bheith faoi réir pionóis i gcásanna ar leith ach an prionsabal ne bis in idem agus prionsabal na comhréireachta a urramú, agus a áirithiú go gcuirfear pionós den sórt sin teip chórasach san áireamh.

    Non-compliance in individual cases could be subject to penalties while respecting the principles of ne bis in idem and of proportionality and ensuring that such penalties take account of systematic failure.

    Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  12. #2443832

    I gcás ina bhfeidhmíonn na Ballstáit dlínse, níor cheart dóibh bearta forfheidhmiúcháin ná pionóis a fhorchur níos mó ná uair amháin as an iompar céanna, i gcomhréir leis an bprionsabal ne bis in idem.

    Where Member States exercise jurisdiction, they should not impose enforcement measures or penalties more than once for the same conduct, in line with the principle of ne bis in idem.

    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #2870873

    Ba cheart go bhféadfadh an t-údarás forfheidhmiúcháin ordú a dhiúltú i gcás ina mbeadh forghníomhú an ordaithe sin contrártha do phrionsabal ne bis in idem.

    It should be possible for the enforcing authority to refuse an order where the execution of such order would be contrary to the principle of ne bis in idem.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  14. #458131

    Cuirfidh na Ballstáit an riail ‘ne bis in idem’ i bhfeidhm ina ndlíthe coiriúla náisiúnta; faoin riail sin, ní fhéadfar duine a bhfuil a thriail críochnaithe faoi dheireadh i mBallstát amháin a ionchúiseamh i mBallstát eile i leith na bhfíoras céanna, ar chuntar gur forghníomhaíodh aon phionós a gearradh, go bhfuil sé á fhorghníomhú fós nó nach féidir é a fhorghníomhú a thuilleadh faoi dhlíthe Bhallstát a ghearrtha.

    Member States shall apply in their national criminal laws the ‘ne bis in idem’ rule, under which a person whose trial has been finally disposed of in a Member State may not be prosecuted in another Member State in respect of the same facts, provided that if a penalty was imposed, it has been enforced, is actually in the process of being enforced or can no longer be enforced under the laws of the sentencing State.

    AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CIONTA GADAÍOCHTA AGUS CALAOISE), 2001

  15. #458441

    — Airteagal 7, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh prionsabal “ne bis in idem” infheidhme freisin ar dhaoine dlítheanacha agus go mbeidh aon dearbhú de réir bhrí Airteagal 7(2) den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an bPrótacal seo mura sonrófar a mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Phrótacal seo a thabhairt,

    — Article 7, on the understanding that the ne bis in idem principle also applies to legal persons, and that, unless otherwise indicated at the time the notification provided for in Article 16 82) of this Protocol is being given, any declaration within the meaning of Article 7 (2), of the Convention shall also apply to this Protocol,

    AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (CIONTA GADAÍOCHTA AGUS CALAOISE), 2001

  16. #681342

    Ba cheart pionóis atá bunaithe ar an Rialachán Airgeadais agus ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 araon a fhorchur ar bhealach comhleanúnach agus prionsabal ne bis in idem á urramú.

    Penalties that are based both on the Financial Regulation and on Regulation (EU, Euratom) No 1141/2014, should be imposed in a coherent way and should respect the principle of ne bis in idem.

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1142/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha

  17. #685323

    Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus prionsabal ne bis in idem.

    This Regulation respects the fundamental rights and observes the principles recognised by the Charter of Fundamental Rights of the European Union, in particular the right to respect for private and family life (Article 7), the right to the protection of personal data (Article 8), the right to an effective remedy and to a fair trial (Article 47) and the principle of ne bis in idem.

    Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) 

  18. #694354

    Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart meas a bheith ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, cearta na cosanta agus prionsabal ne bis in idem, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.

    This Regulation respects the fundamental rights and observes the principles recognised in the Charter of Fundamental Rights of the European Union, in particular the right to the protection of personal data, the right to respect for private and family life, the rights of the defence and the principle of ne bis in idem, the freedom to conduct a business, the right to property, the right to an effective remedy and to a fair trial.

    Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  19. #706916

    Níor cheart, áfach, gurb é an toradh a bheadh ar phionóis choiriúla a fhorchur le haghaidh sáruithe ar rialacha náisiúnta den sórt sin agus a bheadh ar phionóis riaracháin a fhorchur go sárófaí prionsabal ne bis in idem, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais é.

    However, the imposition of criminal penalties for infringements of such national rules and of administrative penalties should not lead to a breach of the principle of ne bis in idem, as interpreted by the Court of Justice.

    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

  20. #736882

    I bhfianaise na ndlínsí iomadúla a d'fhéadfadh bheith ann do chionta coiriúla trasteorann a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-urramaítear prionsabal ne bis in idem ina iomláine agus an dlí náisiúnta lena ndéantar an Treoir seo a thrasuí á chur i bhfeidhm.

    Given the possibility of multiple jurisdictions for cross-border criminal offences falling under the scope of this Directive, the Member States should ensure that the principle of ne bis in idem is respected in full in the application of national law transposing this Directive.

    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

  21. #736898

    Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo agus cloítear léi leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) agus go háirithe an ceart chun saoirse agus slándála, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon le prionsabal ne bis in idem.

    This Directive respects fundamental rights and observes the principles recognised in particular by the Charter of Fundamental Rights of the European Union (the ‘Charter’) and in particular the right to liberty and security, the protection of personal data, the freedom to choose an occupation and right to engage in work, the freedom to conduct a business, the right to property, the right to an effective remedy and to a fair trial, the presumption of innocence and the right of defence, the principles of the legality and proportionality of criminal offences and sanctions, as well as the principle of ne bis in idem.

    Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil

  22. #1607242

    Iniúchadh AE - JAI (2003)3 2003/0811/CNS Tionscnamh ón bPoblacht Heilléanach d’fhonn Creat-Chinneadh ón gComhairle a ghlacadh i dtaobh an phrionsabail ne bis in idem a chur chun feidhme.

    EU SCRUTINY - JAI (2003)3 2003/0811/CNS INITIATIVE OF THE HELLENIC REPUBLIC FOR THE ADOPTION OF A FRAMEWORK DECISION OF THE COUNCIL ON THE APPLICATION OF THE NE BIS IN IDEM PRINCIPLE.

    Riar na hOibre (Dáil Éireann/Seanad Éireann)

  23. #1693893

    Ba cheart pionóis atá bunaithe ar an Rialachán seo agus ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 araon a fhorchur ar bhealach comhleanúnach agus prionsabal ne bis in idem á urramú.

    Penalties that are based both on this Regulation and on Regulation (EU, Euratom) No 1141/2014 should be imposed in a coherent way and should respect the principle of ne bis in idem.

    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012

  24. #1724978

    Ba cheart don Rialachán seo a cheadú go bhféadfadh na húdaráis forghníomhaitheacha gan orduithe coigistíochta a aithint ná a fhorghníomhú ar bhonn an phrionsabail ne bis in idem, ar bhonn cearta na ndaoine dá ndéantar difear nó ar bhonn an chirt a bheith i láthair ag an triail.

    This Regulation should permit the executing authorities not to recognise or execute confiscation orders on the basis of the principle of ne bis in idem, on the basis of the rights of affected persons or on the basis of the right to be present at the trial.

    Rialachán (AE) 2018/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d'orduithe calctha agus d'orduithe coigistíochta

  25. #1861687

    Ba cheart gealltanais sheanbhunaithe i dtaobh chearta bunúsacha an duine aonair, lena n‐áirítear go gcloífí anois agus feasta leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus go dtabharfaí éifeacht don Choinbhinsiún, agus go dtabharfaí cosaint leordhóthanach i dtaca le sonraí pearsanta, dhá réamhchoinníoll riachtanacha chun an comhar atá á bheartú ag na Páirtithe a chumasú, agus an prionsabal trasnáisiúnta ne bis in idem agus cearta nós imeachta a bheith ina dtaca freisin leis an gcomhpháirtíocht sin.

    It should also be underpinned by long-standing commitments to the fundamental rights of individuals, including continued adherence and giving effect to the ECHR, and adequate protection of personal data, which are both essential prerequisites for enabling the cooperation envisaged by the Parties, and to the transnational ne bis in idem principle and procedural rights.

    Dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire

  26. #1898827

    Chun críoch chur i bhfeidhm an cheanglais maidir le neamhdhúbláil imscrúduithe, ba cheart a mheas gurb é a chiallaíonn an coincheap “na fíricí céanna”, i bhfianaise chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar an bprionsabail ne bis in idem, gurb ionann nó gurb ionann nach mór na fíricí ábhartha atá á n-imscrúdú agus go dtuigtear iad sa chiall gurb ann d'imthosca nithiúla a bhfuil dlúthbhaint acu ó thaobh ama agus spáis de.

    For the purpose of the application of the requirement of non-duplication of investigations, the notion of ‘same facts’ should be considered, in light of the case-law of the Court of Justice of the European Union (CJEU) on the ne bis in idem principle, to mean that the material facts under investigation are identical or substantially the same and understood in the sense of the existence of a set of concrete circumstances which are inextricably linked in time and space.

    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2223 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, a mhéid a bhaineann le comhoibriú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus éifeachtacht imscrúduithe na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise

  27. #2048479

    Maidir le soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil aon bhunaíocht san Aontas aige agus nach n-ainmníonn ionadaí dlíthiúil, ba cheart, in ainneoin sin, dlínse a bheith ag aon Bhallstát agus dá bhrí sin, ba cheart don Bhallstát a bheith in ann pionóis a fhorchur, ar choinníoll go n-urramaítear an prionsabal ne bis in idem.

    With regard to a hosting service provider which has no establishment in the Union and does not designate a legal representative, any Member State should, nevertheless, have jurisdiction and therefore be able to impose penalties, provided that the principle of ne bis in idem is respected.

    Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  28. #2443893

    Mar sin féin, le forchur pionós coiriúil de dheasca sáruithe ar na rialacha náisiúnta sin agus le forchur pionós riaracháin gaolmhar, níor cheart sárú ar an bprionsabal ne bis in idem, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, teacht as sin.

    However, the imposition of criminal penalties for infringements of such national rules and of related administrative penalties should not lead to a breach of the principle of ne bis in idem, as interpreted by the Court of Justice of the European Union.

    Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (an Dara Treoir NIS) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  29. #2527527

    Cinntítear le Rialachán (CE) Uimh. 2157/1999 (BCE/1999/4) go n-urramófar prionsabal ne bis in idem maidir le nósanna imeachta maidir le sárú agus foráiltear nach bhféadfar níos mó ná nós imeachta maidir le sárú amháin a thionscnamh i gcoinne an ghnóthais chéanna bunaithe ar an fíricí céanna.

    Regulation (EC) No 2157/1999 (ECB/1999/4) ensures that the principle of ne bis in idem is respected with regard to infringement procedures and provides that no more than one infringement procedure may be initiated against the same undertaking based on the same facts.

    Rialachán (AE) 2022/1917 ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Meán Fómhair 2022 maidir le nósanna imeachta um shárú i gcásanna neamhchomhlíonta ceanglas tuairiscithe staidrimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2010/10 (BCE/2022/31)

  30. #2527538

    Áfach, ba cheart go mbeadh dóthain cumarsáide ann idir an NCB inniúil agus an NCA ábhartha maidir leis na bearta nach mór a ghlacadh de réir an chreata seo, d’fhonn a chinntiú go gcomhlíontar prionsabal ne bis in idem.

    There should, however, be sufficient communication between the competent NCB and the relevant NCA regarding the measures that need to be taken in accordance with this framework, in order to ensure compliance with the principle of ne bis in idem.

    Rialachán (AE) 2022/1917 ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Meán Fómhair 2022 maidir le nósanna imeachta um shárú i gcásanna neamhchomhlíonta ceanglas tuairiscithe staidrimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh BCE/2010/10 (BCE/2022/31)

  31. #2529058

    Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leagan síos freisin i dtaca le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí agus le sárú ar na rialacha nós imeachta faoi réir tréimhsí teorann iomchuí, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus ne bis in idem.

    To that end, appropriate levels of fines and periodic penalty payments should also be laid down for non-compliance with the obligations and breach of the procedural rules subject to appropriate limitation periods, in accordance with the principles of proportionality and ne bis in idem.

    Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  32. #2553547

    Chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal ne bis in idem, agus go háirithe chun a sheachaint go ngearrfar smachtbhannaí níos mó ná uair amháin ar an sárú céanna ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart do gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige a inniúlacht a fheidhmiú i leith na soláthraithe sin na húdaráis eile go léir, lena n-áirítear an Coimisiún, a chur ar an eolas, gan aon mhoill mhíchuí, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise a bhunaítear chun críocha an Rialacháin seo.

    In order to ensure that the principle of ne bis in idem is respected, and in particular to avoid that the same infringement of the obligations laid down in this Regulation is sanctioned more than once, each Member State that intends to exercise its competence in respect of such providers should, without undue delay, inform all other authorities, including the Commission, through the information sharing system established for the purpose of this Regulation.

    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  33. #2553555

    Ar mhaithe le héifeachtúlacht, chun dúbláil a sheachaint agus chun comhlíonadh phrionsabal ne bis in idem a áirithiú, ba cheart gur faoin gCoimisiún a bheadh sé a mheas más dóigh leis gurb iomchuí na hinniúlachtaí comhroinnte sin a fheidhmiú i gcás ar leith agus, a luaithe a thionscnóidh sé imeachtaí, níor cheart go mbeadh na Ballstáit in ann é sin a dhéanamh a thuilleadh.

    In the interest of efficiency, to avoid duplication and to ensure compliance with the principle of ne bis in idem, it should be for the Commission to assess whether it deems it appropriate to exercise those shared competences in a given case and, once it has initiated proceedings, Member States should no longer have the ability to do so.

    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  34. #2553601

    A luaithe is a thionscnaíonn an Coimisiún na himeachtaí, ba cheart cosc a chur ar na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena mbaineann a gcumhachtaí iniúchta agus forfheidhmithe a fheidhmiú i leith iompar bainteach sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chun dúbláil, neamhréireachtaí agus rioscaí ó dhearcadh an phrionsabail ne bis in idem a sheachaint.

    Once the Commission initiated the proceedings, the Digital Services Coordinators of establishment concerned should be precluded from exercising their investigative and enforcement powers in respect of the concerned conduct of the provider of the very large online platform or of very large online search engine, so as to avoid duplication, inconsistencies and risks from the viewpoint of the principle of ne bis in idem.

    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  35. #2553625

    Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leagan síos freisin i dtaca le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí agus le sárú ar na rialacha nós imeachta faoi réir tréimhsí teorann iomchuí, i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus ne bis in idem.

    To that end, appropriate levels of fines and periodic penalty payments should also be laid down for non-compliance with the obligations and breach of the procedural rules, subject to appropriate limitation periods in accordance with the principles of proportionality and ne bis in idem.

    Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  36. #2835865

    Urramaítear leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail a dtugtar aitheantas dóibh i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47) agus prionsabal ne bis in idem.

    It respects the fundamental rights and observes the principles recognised by the Charter of Fundamental Rights of the European Union, in particular the right to respect for private and family life (Article 7), the right to the protection of personal data (Article 8), the right to an effective remedy and to a fair trial (Article 47) and the principle of ne bis in idem.

    Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  37. #2870802

    Is prionsabal bunúsach dlí san Aontas é an prionsabal ne bis in idem, arna aithint leis an gCairt agus arna fhorbairt ag cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    The principle of ne bis in idem is a fundamental principle of law in the Union, as recognised by the Charter and developed by the case law of the Court of Justice of the European Union.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  38. #2870804

    I gcás ar bith, níl Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ná Ordú Caomhnaithe Eorpach le heisiúint, i gcás ina bhfuil forais ag an údarás eisiúna a chreidiúint go mbeadh sé sin contrártha don phrionsabal ne bis in idem.

    In any case, a European Production Order or a European Preservation Order is not to be issued where the issuing authority has grounds to believe that this would be contrary to the ne bis in idem principle.

    Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla

  39. #3003636

    Leis an Rialachán sin, cuirtear ar chumas Eurojust cur chuige níos réamhghníomhaí a ghlacadh agus seirbhísí níos fearr a sholáthar do na Ballstáit, mar shampla trína mholadh go gcuirfí tús le himscrúduithe agus trí riachtanais chomhordúcháin, cásanna lena bhféadfaí prionsabal ne bis in idem a shárú agus bearnaí ionchúisimh a shainaithint.

    That Regulation enables Eurojust to take a more proactive approach and to provide better services to the Member States, for example by suggesting the initiation of investigations and identifying coordination needs, cases that potentially breach the principle of ne bis in idem and prosecution gaps.

    Rialachán (AE) 2023/2131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le malartú digiteach faisnéise i gcásanna sceimhlitheoireachta

  40. #3140173

    Chun a áirithiú go n-urramófar prionsabal ne bis in idem, agus go háirithe chun nach ngearrfar pionós níos mó ná uair amháin ar an sárú céanna ar na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart do Bhallstát a bhfuil sé beartaithe aige a inniúlacht a fheidhmiú maidir le páirtí sáraitheach nach bhfuil bunaithe sa Aontas agus nár ainmnigh ionadaí dlíthiúil san Aontas, gach údarás eile, lena n-áirítear an Coimisiún, a chur ar an eolas faoi gan moill mhíchuí.

    In order to ensure that the principle of ne bis in idem is respected, and in particular to avoid that the same infringement of the obligations laid down in this Regulation is penalised more than once, a Member State that intends to exercise its competence in relation to an infringing party that is not established and has not designated a legal representative in the Union should, without undue delay, inform all data coordinators as well as the Commission.

    Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí)

  41. #3221788

    I gcás ina bhforchuireann na Ballstáit pionóis choiriúla agus riaracháin araon i leith an tsáraithe chéanna, níor cheart go mbeadh sé mar thoradh ar na pionóis sin, go ndéanfaí sárú ar an gceart nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla mar gheall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem), de réir mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é.

    Where Member States impose both criminal and administrative penalties for the same infringement, those penalties should not lead to a breach of the right not to be tried or punished twice in criminal proceedings for the same criminal offence (ne bis in idem), as interpreted by the Court of Justice of the European Union.

    Rialachán (AE) 2024/573 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014

  42. #3224112

    I gcás ina bhforchuireann na Ballstáit pionóis choiriúla agus riaracháin araon i leith an tsáraithe chéanna, níor cheart go mbeadh sé mar thoradh ar na pionóis sin, go ndéanfaí sárú ar an gceart nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla mar gheall ar an gcion coiriúil céanna (ne bis in idem), de réir mar atá léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é.

    Where Member States impose both criminal and administrative penalties for the same infringement, those penalties should not lead to a breach of the right not to be tried or punished twice in criminal proceedings for the same criminal offence (ne bis in idem), as interpreted by the Court of Justice of the European Union.

    Rialachán (AE) 2024/590 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2024 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009