#310352
(10) D’fhonn réim a chur ar fáil lena n-áiritheofar go mbeidh rochtain iomlán agus fhollasach ann ar fhaisnéis a tháirgeann seirbhísí GMES agus ar shonraí a bhailítear trí bhonneagar GMES, agus an chosaint is gá á cur ar fáil don fhaisnéis agus do na sonraí sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") i ndáil le coinníollacha cláraithe agus ceadúnaithe d’úsáideoirí GMES agus maidir le critéir chun rochtain ar shonraí agus ar fhaisnéis GMES a shrianadh, agus beartais sonraí agus faisnéise na soláthróirí sonraí is gá do GMES á gcur san áireamh, agus gan dochar do rialacha ná do na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme maidir leis na bonneagair spáis agus leis na bonneagair in situ atá faoi rialú náisiúnta.
(10) For the purpose of providing for a framework ensuring full and open access to information produced by GMES services and data collected through GMES infrastructure, while providing for the necessary protection of that information and data, the Commission should be empowered to adopt delegated acts in accordance with Article 290 of the Treaty on the Functioning of the European Union (TFEU) in respect of registration and licensing conditions for GMES users and of criteria for restriction of access to GMES data and information, while taking into account the data and information policies of providers of data needed for GMES, and without prejudice to national rules and procedures applicable to space and in-situ infrastructures under national control.