#460854
11.—(1) Más rud é, ar aon slí, go dtarlóidh aon deacracht maidir le haon fhoráil den Chuid seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh a fheictear dó nó di a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an deacracht sin a dhíchur, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh nó chun a hoibriú a áirithiú nó a éascú agus féadfar, le haon rialacháin den sórt sin, aon fhoráil den Chuid seo a mhodhnú a mhéid is riachtanach nó is fóirsteanach chun aon fhoráil den sórt sin a thabhairt in éifeacht chun na gcríoch réamhráite, ach ní dhéanfar aon rialacháin faoin alt seo i ndáil le haon fhoráil den Chuid seo tar éis 3 bliana, dar tosach an lá a thiocfaidh an fhoráil i ngníomh, a bheith caite.
11.—(1) If, in any respect, any difficulty arises in bringing any provision of this Part into operation or in relation to the operation of any such provision, the Minister may, by regulations, do anything which appears to him or her to be necessary or expedient for removing that difficulty, for bringing that provision into operation or for securing or facilitating its operation, and any such regulations may modify any provision of this Part so far as may be necessary or expedient for carrying such provision into effect for the purposes aforesaid, but no regulations shall be made under this section in relation to any provision of this Part after the expiration of 3 years commencing on the day on which the provision came into operation.