Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

15 toradh in 12 doiciméad

  1. #2382972

    Cur chun feidhme éifeachtach Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a áirithiú.

    Ensure the effective implementation of the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities.

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive an 22 Lúnasa 2022 maidir leis an gClár Oibre Comhlachais AE-Poblacht na Moldóive 2022 [2022/1997]

  2. #650086

    Ba cheart do CSE tacú le comhlíonadh oibleagáid an Aontais faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas maidir le hoideachas, le hobair agus le fostaíocht agus inrochtaineacht inter alia.

    The ESF should support the fulfilment of the Union's obligation under the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities with regard inter alia to education, work, employment and accessibility.

    Rialachán (AE) Uimh 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 . maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle

  3. #667454

    cearta daoine faoi mhíchumas mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas;

    the rights of persons with disabilities, as set out in the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities;

    Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain

  4. #2052622

    Tá an Rialachán seo i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas freisin.

    This Regulation is also in line with the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities.

    Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  5. #3111929

    Tá an tAontas Eorpach, laistigh dá inniúlacht, agus na Ballstáit uile ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

    The Union, within its competence, and all Member States are parties to the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities.

    Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn

  6. #1943972

    Mar a leagtar amach i bpáipéar machnaimh an Choimisiúin maidir le gné shóisialta na hEorpa an 26 Aibreán 2017, sa teachtaireacht maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcreat an Aontais maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus i dteachtaireacht an 14 Eanáir 2020 dar teideal ‘Strong Social Europe for Just Transitions’ [Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa], is príomhthosaíocht de chuid an Aontais é Aontas atá níos cuimsithí agus níos cothroime a thógáil chun dul i ngleic leis an éagothromaíocht agus beartais maidir le cuimsiú sóisialta san Eoraip a chothú.

    As set out in the Commission’s Reflection paper on the social dimension of Europe of 26 April 2017, the Communication on European Pillar of Social Rights, the Union framework for the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities and the Communication on ‘Strong Social Europe for Just Transitions’ of 14 January 2020, building a more inclusive and fair Union is a key priority for the Union to tackle inequality and foster social inclusion policies in Europe.

    Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017

  7. #2066265

    Ba cheart don Chlár urraim a thabhairt do na prionsabail a leagtar amach i dTreoirlínte 2017 de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Linbh a Chur chun Cinn agus a Chosaint agus in Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

    The Programme should respect the principles set out in the 2017 EU Guidelines for the Promotion and Protection of the Rights of the Child and in Article 9 of the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities.

    NoDG-2021-32021R0888_EN-GA-DWN

  8. #2066303

    Ba cheart bearta speisialta a chur i bhfeidhm chun cuimsiú sóisialta agus, go háirithe, rannpháirtíocht daoine óga faoi mhíbhuntáiste, a chur chun cinn, lena n-áirítear cóiríocht réasúnta a chur ar fáil chun cur ar chumas na ndaoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go héifeachtach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar bhonn comhionann le daoine eile i gcomhréir le hAirteagal 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle.

    Special measures should be put in place to promote social inclusion and, in particular, the participation of disadvantaged young people, including the provision of reasonable accommodation to enable people with disabilities to effectively participate in solidarity activities on an equal basis with others in accordance with Article 27 of the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities and with Council Directive 2000/78/EC.

    NoDG-2021-32021R0888_EN-GA-DWN

  9. #2082826

    Le CSE+, ba cheart dóibh a áirithiú, freisin, go gcuirtear chun cinn comhionannas deiseanna do chách, gan aon idirdhealú, i gcomhréir le hAirteagal 10 CFAE, go gcuirtear chun cinn cuimsiú daoine faoi mhíchumas sa tsochaí ar aon bhonn le daoine eile, agus go rannchuidítear le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas a glacadh an 13 Nollaig 2006 i Nua-Eabhrac.

    They should also ensure that the ESF+ promotes equal opportunities for all, without discrimination in accordance with Article 10 TFEU, promotes the inclusion in society of persons with disabilities on equal basis with others and contributes to the implementation of the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities adopted on 13 December 2006 in New York.

    Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013

  10. #2089278

    Maidir le bonneagar i réimse na sláinte, ní mór díriú ar shamhlacha a fhorbairt lena n-aistreofar ó chúram institiúideach go cosc, cúram príomhúil agus cúram pobalbhunaithe agus seirbhísí a thacaíonn le cúram daonlárnach comhtháite agus maireachtáil neamhspleách, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

    Regarding infrastructure in the health area, the focus must be on developing models moving from institutional care to prevention, primary care and community-based care and services supporting integrated person-centred care and independent living, in line with the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1078 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na treoirlínte infheistíochta maidir le Ciste InvestEU

  11. #2375546

    Reachtaíocht a chomhchuibhiú le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas chomh maith lena Phrótacal Roghnach agus comhlacht comhordaithe a bhunú le haghaidh saincheisteanna a bhaineann le cearta daoine atá faoi mhíchumas;

    Harmonise legislation with the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities as well as its Optional Protocol and establish a coordinating body for issues related to the rights of persons with disabilities;

    Moladh Uimh. 1/2022 ó Chomhairle Comhlachais Ae-an tSeoirsia an 16 Lúnasa 2022 maidir le Clár Oibre Comhlachais AE-an tSeoirsia 2021-2027 [2022/1422]

  12. #2441483

    Ba cheart a shonrú sna caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta freisin an fhaisnéis ba cheart do ghnóthais a nochtadh maidir le cearta an duine, saoirsí bunúsacha, prionsabail dhaonlathacha agus caighdeáin dhaonlathacha arna mbunú sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Eorpach na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, coinbhinsiúin bhunúsacha EIS, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Cairt Shóisialta na hEorpa, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    The sustainability reporting standards should also specify the information that undertakings should disclose with regard to the human rights, fundamental freedoms, democratic principles and standards established in the International Bill of Human Rights and other core UN human rights conventions, including the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities, the UN Declaration on the Rights of Indigenous Peoples, the UN Convention on the Rights of the Child, the ILO Declaration on Fundamental Principles and Rights at Work, the fundamental conventions of the ILO, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the European Social Charter, and the Charter of Fundamental Rights of the European Union.

    Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  13. #2441826

    urraim do chearta an duine, saoirsí bunúsacha, prionsabail dhaonlathacha agus caighdeáin a bhunaítear sa Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine agus croíchoinbhinsiúin eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus coinbhinsiúin bhunúsacha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Cairt Shóisialta na hEorpa, agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

    respect for the human rights, fundamental freedoms, democratic principles and standards established in the International Bill of Human Rights and other core UN human rights conventions, including the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities, the UN Declaration on the Rights of Indigenous Peoples, the International Labour Organization’s Declaration on Fundamental Principles and Rights at Work and the fundamental conventions of the International Labour Organization, the European Convention for the protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, the European Social Charter, and the Charter of Fundamental Rights of the European Union;

    Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, a mhéid a bhaineann le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  14. #3112053

    De réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ciallaíonn ‘cóiríocht réasúnach’ modhnú agus coigeartuithe is gá agus is iomchuí nach bhforchuireann ualach díréireach ná míchuí, i gcás inar gá i gcás ar leith, chun a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas go bhfuil siad ag tairbhiú do chearta uile an duine agus do na saoirsí bunúsacha uile nó go bhfuil na cearta sin agus na saoirsí sin á bhfeidhmiú ar bhonn comhionann le daoine eile.

    According to the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities, ‘reasonable accommodation’ means necessary and appropriate modification and adjustments not imposing a disproportionate or undue burden, where needed in a particular case, to ensure to persons with disabilities the enjoyment or exercise on an equal basis with others of all human rights and fundamental freedoms.

    Moladh (AE) 2023/2836 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2023 maidir le ról gníomhach agus rannpháirtíocht éifeachtach na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sna próisis ceaptha beartas poiblí a chur chun cinn

  15. #2071897

    Leis an Ionstraim, ba cheart doiciméid ábhartha bheartais a chur san áireamh, lena n-áirítear leasuithe a dhéanfar orthu amach anseo amhail: Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh stádas Dídeanaithe, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, Clár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt (CIDF), Clár oibre gníomhaíochta Bhéising, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, Coincheap AE maidir le Tacaíocht a thabhairt do Dhí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh, an Cur Chuige Cuimsitheach maidir le cur chun feidhme Rúin 1325 (2000) agus 1820 (2009) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe (RCSNAnna) maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil san Aontas Eorpach, an Coincheap maidir le hIdirghabháil AE agus Acmhainneachtaí Idirphlé AE a Neartú, Conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le Coinbhleacht a Chomhrac, Creat Straitéiseach AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas agus na Pleananna Gníomhaíochta atá bunaithe air sin, Conclúidí ón gComhairle an 14 Samhain 2016 maidir le Creat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála lena bhformhuinítear an Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal Elements for an EU-wide strategic framework to support Security Sector Reform [Gnéithe de Chreat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála], Straitéis de chuid an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha agus a n-armlón, treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine, coinbhinsiúin ábhartha eile de chuid na Náisiún Aontaithe; Coinbhinsiúin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach maidir le Sábháilteacht Núicléach.

    The Instrument should take into account relevant policy documents, including future revisions thereof, such as: the UN Convention relating to the Status of Refugees, the UN Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination against Women, the UN Convention on the Rights of the Child, the Programme of Action of the International Conference on Population and Development (ICPD), the Beijing Platform for Action, the UN Convention on the Rights of Persons with Disabilities, the EU Concept for Support to Disarmament, Demobilisation and Reintegration, the Comprehensive approach to the EU implementation of the United Nations Security Council Resolutions (UNSCRs) 1325 (2000) and 1820 (2009) on women, peace and security, the Concept on Strengthening EU Mediation and Dialogue Capacities, the Council conclusions of 20 June 2011 on conflict prevention, the EU Strategic Framework on Human Rights and Democracy and the Action Plans based thereon, the Council conclusions of 14 November 2016 on EU-wide strategic framework to support Security Sector Reform endorsing the Joint Communication on ‘Elements for an EU-wide strategic framework to support Security Sector Reform’, the EU strategy against illicit firearms, small arms and light weapons and their ammunition, the EU Human Rights guidelines, other relevant UN conventions and the International Atomic Energy Agency Convention on Nuclear Safety.

    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)