Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

4 thoradh in 2 dhoiciméad

  1. #1806150

    Is éard a bheith i gcumasctháirge leasachán táirge leasacháin AE atá comhdhéanta de dhá tháirge leasacháin AE, nó níos mó, ó PFC 1 go PFC 6 ar léiríodh go bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag gach táirge leasacháin atá ina gcomhábhar sa chumasc i gcomhréir leis an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme maidir leis an táirge leasacháin AE sin atá ina chomhábhar.

    A fertilising product blend shall be an EU fertilising product composed of two or more EU fertilising products of PFC 1 to PFC 6 for which the compliance with the requirements of this Regulation of each component EU fertilising product in the blend has been demonstrated in accordance with the conformity assessment procedure applicable to that component EU fertilising product.

    Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  2. #2135089

    Suim an chion coibhneasta atá ag gach táirge leasacháin AE atá ina chomhábhar, agus an tsuim sin a iolrú faoin lamháltas don PFC le haghaidh an táirge leasacháin sin: sin é atá sa lamháltas féin.

    the tolerance is the sum of the relative proportion of each component EU fertilising product multiplied by the tolerance for the PFC for that fertilising product.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1768 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2021 lena leasaítear, chun críoch a n-oiriúnaithe don dul chun cinn teicniúil, Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  3. #1806151

    Ní athróidh an cumasc nádúr aon cheann de na táirgí leasacháin AE atá ina gcomhábhar agus ní bheidh éifeacht dhíobhálach aige ar shláinte an duine, na n-ainmhithe agus na bplandaí, ar shábháilteacht, ná ar an gcomhshaol, faoi dhálaí stórála nó úsáide réasúnta intuartha an chumasctháirge leasacháin.

    The blending shall not change the nature of each component EU fertilising product and shall not have an adverse effect on human, animal or plant health, on safety, or on the environment, under reasonably foreseeable conditions of storage or use of the fertilising product blend.

    Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #1806155

    Urramóidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann cumasctháirgí leasacháin ar fáil ar an margadh forálacha seo a leanas an Rialacháin seo i dtaca leis an dearbhú comhréireachta AE do gach táirge leasacháin AE ar comhábhar ann é agus don chumasc féin chomh maith:

    Economic operators making fertilising product blends available on the market shall respect the following provisions of this Regulation with regard to the EU declaration of conformity of each component EU fertilising product as well as of the blend: