#2734320
Tar éis iarratas a fháil ó Laboratoire Lescuyer (an t-iarratasóir), iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 14(1), pointe (a) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus a bhfuil iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh mar chuid de, ceanglaíodh ar an Údarás tuairim a thabhairt uaidh maidir leis an mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte a bhaineann le teaglaim ina bhfuil eastóscán tirim duilleog bliosáin arna chaighdeánú de réir aigéid chaifeilcuineacha, monachoilín K i rís giosta dheirg, poiliciosanóil a dhíorthaítear ó chána siúcra, olagaiméirí próiciainíodólacha as coirt an phéine mhuirí Fhrancaigh, eastóscán tirim gairleoige arna chaighdeánú de réir alaicine, d-α-tócaifeiril hidriginsucsainéit, ribeaflaivin agus heicsinicitíonáit ionóisíotóil (atá mar chuid de tháirge an iarratasóra Limicol®) agus laghdú ar na tiúchaintí colaistéaróil lipide íseal-dlúis san fhuil.
Following an application from Laboratoire Lescuyer (‘the applicant’), submitted pursuant to Article 14(1), point (a), of Regulation (EC) No 1924/2006 and including a request for the protection of proprietary data, the Authority was required to deliver an opinion on the scientific substantiation of a health claim related to the combination of artichoke leaf dry extract standardised in caffeoylquinic acids, monacolin K in red yeast rice, sugar-cane derived policosanols, procyanidolic oligomers from French maritime pine bark, garlic dry extract standardised in allicin, d-α-tocopheryl hydrogen succinate, riboflavin and inositol hexanicotinate (contained in applicant’s product Limicol®) and the reduction of blood LDL-cholesterol concentrations.