Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

21 toradh in 9 ndoiciméad

  1. #1714028

    Is ionann déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fharasbairr teasa úsáidigh nó an fharasbairr leictreachais agus déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an teasa nó an leictreachais arna sheachadadh chuig an bpróiseas táirgeachta breosla bithmhaise agus déantar é a chinneadh ón ríomh ar dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa ó gach ionchur agus gach astaíocht, lena n-áirítear an bunábhar agus astaíochtaí CH4 agus N2O, chuig agus ón aonad comhghiniúna, coire nó fearas eile a sheachadann teas nó leictreachas chuig an bpróiseas táirgeachta breosla.

    The greenhouse gas intensity of excess useful heat or excess electricity is the same as the greenhouse gas intensity of heat or electricity delivered to the biomass fuel production process and is determined from calculating the greenhouse gas intensity of all inputs and emissions, including the feedstock and CH4 and N2O emissions, to and from the cogeneration unit, boiler or other apparatus delivering heat or electricity to the biomass fuel production process.

    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn ((Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE))

  2. #2941418

    Méadú ar fhuinneamh in-athnuaite agus laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa in earnáil an iompair

    Increase of renewable energy and reduction of greenhouse gas intensity in the transport sector

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  3. #2993849

    An mhodheolaíocht chun déine gás ceaptha teasa an fhuinnimh arna úsáid ag long ar bord a bhunú

    Methodology for establishing the greenhouse gas intensity of the energy used on board by a ship

    Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

  4. #1713820

    Is ionann déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an fharasbairr teasa úsáidigh nó an fharasbairr leictreachais agus déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an teasa nó an leictreachais arna sheachadadh chuig an bpróiseas táirgeachta breosla agus déantar é a chinneadh ón ríomh ar dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa ó gach ionchur agus gach astaíocht, lena n-áirítear an bunábhar agus astaíochtaí CH4 agus N2O, chuig agus ón aonad comhghiniúna, coire nó fearas eile a sheachadann teas nó leictreachas chuig an bpróiseas táirgeachta breosla.

    The greenhouse gas intensity of excess useful heat or excess electricity is the same as the greenhouse gas intensity of heat or electricity delivered to the fuel production process and is determined from calculating the greenhouse intensity of all inputs and emissions, including the feedstock and CH4 and N2O emissions, to and from the cogeneration unit, boiler or other apparatus delivering heat or electricity to the fuel production process.

    Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn ((Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE))

  5. #2941446

    ‘I gcás ina bhfuil sciar na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha i mBallstát teoranta do sciar níos ísle ná 7 % nó i gcás ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), a laghdú dá réir sin, i bhfianaise an rannchuidithe a bheadh déanta ag na breoslaí sin ó thaobh an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Chun críoch na sprice maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa, measfaidh na Ballstáit go sábhálfaidh na breoslaí sin 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa.’;

    ‘Where the share of biofuels and bioliquids, as well as of biomass fuels consumed in transport, produced from food and feed crops in a Member State is limited to a share lower than 7 % or a Member State decides to limit the share further, that Member State may reduce the minimum share of renewable energy or the greenhouse gas intensity reduction target referred to in Article 25(1), first subparagraph, point (a), accordingly, in view of the contribution those fuels would have made in terms of the minimum share of renewable energy or greenhouse gas emissions savings. For the purpose of the greenhouse gas intensity reduction target, Member States shall consider those fuels save 50 % greenhouse gas emissions.’;

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  6. #2431267

    Is sa Bhulgáir atá an geilleagar is déine ó thaobh carbóin de san Aontas, agus déine na ngás ceaptha teasa níos mó ná ceithre huaire níos airde ná meán an Aontais.

    Bulgaria has the most carbon-intensive economy in the Union, with greenhouse gas intensity more than four times higher than the Union average.

    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta Athchóirithe na Bulgáire in 2022 agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár 2022 na Bulgáire um Chóineasú

  7. #2928890

    (30) Is sa Bhulgáir atá an geilleagar is déine ó thaobh carbóin de san Aontas fós, agus déine na ngás ceaptha teasa níos mó ná ceithre huaire níos airde ná meán an Aontais.

    (30) Bulgaria continues to have the most carbon-intensive economy in the Union, with greenhouse gas intensity more than four times higher than the Union average.

    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta na Bulgáire um Athchóiriú 2023 agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár um Chóineasú na Bulgáire 2023

  8. #2941456

    Chun an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a)(ii), beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

    For the calculation of the greenhouse gas intensity reduction referred to in Article 25(1), first subparagraph, point (a)(ii), the following rules shall apply:

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  9. #1730351

    an dul chun cinn a bhfuiltear ag súil leis chuig geilleagar ina mbeidh astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa lena n-áirítear déine na ngás ceaptha teasa, déine CO2 na holltáirgeachta intíre, meastacháin ghaolmhara ar infheistíocht fhadtéarmach, agus straitéisí do thaighde, d'fhorbairt agus do nuálaíocht ghaolmhar;

    expected progress on transition to a low greenhouse gas emission economy, including greenhouse gas intensity, CO2 intensity of gross domestic product, related estimates of long-term investment, and strategies for related research, development and innovation;

    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((Téacs atá ábhartha maidir le LEE))

  10. #2082472

    Beidh na críocha sin ar na cinn is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, bunaithe ar na torthaí eacnamaíocha agus sóisialta de dheasca an aistrithe, go háirithe maidir leis an oiriúnú measta oibrithe nó caillteanas measta post i dtáirgeadh agus úsáid breoslaí iontaise agus na riachtanais maidir le claochlú ó bhonn ar phróisis táirgthe na saoráidí tionsclaíocha sin a bhfuil an déine gás ceaptha teasa is airde acu.

    Those territories shall be those most negatively affected, based on the economic and social impacts resulting from the transition, in particular with regard to the expected adaptation of workers or job losses in fossil fuel production and use and the transformation needs of the production processes of industrial facilities with the highest greenhouse gas intensity.

    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

  11. #2847999

    Más as an eangach leictreachais a thógtar an leictreachas a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a tháirgeadh agus nach meastar é a bheith go hiomlán in-athnuaite, ba cheart meándéine carbóin an leictreachais a thomhlaítear sa Bhallstát ina dtáirgtear an breosla a chur i bhfeidhm, ós rud é gurb í an meándéine sin an tuairisc is fearr ar dhéine gás ceaptha teasa an phróisis iomláin.

    If the electricity used to produce renewable liquid and gaseous transport fuels of non-biological origin is taken from the electricity grid and is not considered as fully renewable, the average carbon intensity of electricity consumed in the Member State where the fuel is produced should be applied, given that that best describes the greenhouse gas intensity of the whole process.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte

  12. #2940878

    Trí chead a thabhairt do na Ballstáit rogha a dhéanamh idir sprioc iompair a shloinntear mar sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa nó mar sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite, tugtar solúbthacht iomchuí do na Ballstáit chun a mbeartais a dhearadh chun an t-iompar a dhícharbónú.

    Allowing the Member States to choose between a transport target expressed as a greenhouse gas intensity reduction target or as a share of the consumption of renewable energy provides the Member States with an appropriate degree of flexibility to design their policies to decarbonise transport.

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  13. #2940900

    Mura ndéanfaidh siad iad a áireamh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh an sprioc fuinneamhbhunaithe a laghdú nó an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa a laghdú, ar an tuiscint go bhfuil laghdú 50 % ann ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le bithbhreoslaí a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, rud a chomhfhreagraíonn do na gnáthluachanna a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na gconairí táirgthe is ábhartha i gcás bithbhreoslaí a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, chomh maith le híostairseach na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhfuil feidhm aici maidir le formhór na suiteálacha a tháirgeann bithbhreoslaí den sórt sin.

    If they do not count them, Member States should be able to choose to reduce the energy-based target or to reduce the greenhouse gas intensity reduction target accordingly, assuming that biofuels produced from food and feed crops save 50 % greenhouse gas emissions, which corresponds to the typical values set out in an annex to this Directive for the greenhouse gas emissions savings of the most relevant production pathways of biofuels produced from food and feed crops as well as the minimum greenhouse gas emissions savings threshold that applies to most installations producing such biofuels.

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  14. #2940903

    Trí sprioc an iompair a leagan síos mar sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa, is gá foráil a dhéanamh maidir le modheolaíocht lena gcuirtear san áireamh go laghdaíonn cineálacha éagsúla fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite méideanna éagsúla astaíochtaí gás ceaptha teasa agus, dá bhrí sin, go rannchuidíonn siad ar bhealach éagsúil le sprioc ar leith.

    Setting the transport target as a greenhouse gas intensity reduction target makes it necessary to provide for a methodology that takes into consideration that different types of energy from renewable sources save different amounts of greenhouse gas emissions and, therefore, contribute differently to a given target.

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  15. #2941422

    laghdú 14,5 % ar a laghad ar dhéine gás ceaptha teasa faoi 2030, i gcomparáid leis an mbonnlíne a leagtar amach in Airteagal 27(1), pointe (b), i gcomhréir le conair tháscach arna leagan síos ag an mBallstát;

    greenhouse gas intensity reduction of at least 14,5 % by 2030, compared to the baseline set out in Article 27(1), point (b), in accordance with an indicative trajectory set by the Member State;

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  16. #2941426

    Tuairisceoidh na Ballstáit, ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna dtíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite laistigh den olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair, lena n-áirítear in earnáil an iompair mhuirí, agus ar an laghdú a dhéantar leo ar dhéine gás ceaptha teasa.

    Member States shall, in their integrated national energy and climate progress reports submitted pursuant to Article 17 of Regulation (EU) 2018/1999, report on the share of renewable energy within the final consumption of energy in the transport sector, including in the maritime transport sector, as well as on their greenhouse gas intensity reduction.

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  17. #2941444

    Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite agus ar an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i dtomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den olltomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an olltomhaltais a bheidh in earnáil an iompair sa Bhallstát sin.’

    For the calculation of a Member State’s gross final consumption of energy from renewable sources referred to in Article 7 and of the minimum share of renewable energy and the greenhouse gas intensity reduction target referred to in Article 25(1), first subparagraph, point (a), the share of biofuels and bioliquids, as well as of biomass fuels consumed in transport, where produced from food and feed crops, shall be no more than one percentage point higher than the share of such fuels in the final consumption of energy in the transport sector in 2020 in that Member State, with a maximum of 7 % of final consumption of energy in the transport sector in that Member State.’

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  18. #2941447

    Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí in-athnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite nó ar an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), an sciar de bhithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a tháirgtear ó bharra bia agus beatha a dtugtar faoi deara ina leith gur cuireadh síneadh suntasach leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, ní sháróidh an sciar sin leibhéal tomhaltais breoslaí den sórt sin sa Bhallstát sin in 2019, mura ndeimhnítear iad mar bhithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid de bhun na míre seo.’

    For the calculation of a Member State’s gross final consumption of energy from renewable sources referred to in Article 7 and the minimum share of renewable energy and the greenhouse gas intensity reduction target referred to in Article 25(1), first subparagraph, point (a), the share of high indirect land-use change-risk biofuels, bioliquids or biomass fuels produced from food and feed crops for which a significant expansion of the production area into land with high-carbon stock is observed shall not exceed the level of consumption of such fuels in that Member State in 2019, unless they are certified to be low indirect land-use change-risk biofuels, bioliquids or biomass fuels pursuant to this paragraph.’

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  19. #2941469

    cinntear an laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa ó úsáid fuinnimh in-athnuaite trí na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus leictreachais in-athnuaite a sholáthraítear do gach modh iompair a roinnt ar an mbonnlíne; féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

    the greenhouse gas intensity reduction from the use of renewable energy is determined by dividing the greenhouse gas emissions savings from the use of biofuels, biogas, renewable fuels of non-biological origin and renewable electricity supplied to all transport modes by the baseline; Member States may take into account recycled carbon fuels.

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle

  20. #3244479

    Dá réir sin, déanfar an choibhéis stócaiméadrach hidrigine a tháirgfí ón méid céanna CO sin trí imoibriú aistrithe uisce chuig gás a chur leis an ainmneoir agus déine astaíochtaí gás ceaptha teasa na foshuiteála á ríomh.’;

    Correspondingly, the stoichiometric equivalent of hydrogen that would be produced from that same amount of CO via a water-gas shift reaction shall be added to the denominator when calculating the greenhouse gas intensity of the sub-installation.’;

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/873 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2024 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais maidir le leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce comhchuibhithe

  21. #2941449

    ‘Faoin 1 Meán Fómhair 2023, athbhreithneoidh an Coimisiún na critéir a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo ar bhonn na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil agus glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35 chun na critéir sin a leasú, i gcás inarb iomchuí, agus chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí chonair a áireamh chun laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar an rannchuidiú le sprioc fhoriomlán an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus leis an sciar íosta d’fhuinneamh in-athnuaite agus leis an sprioc maidir le laghdú ar dhéine gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 25(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ar rannchuidiú é a thagann ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard indíreach maidir le hathrú ar thalamhúsáid agus a dtugtar faoi deara gur cuireadh síneadh suntasach ar an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige. Beidh an t-athbhreithniú sin bunaithe ar leagan athbhreithnithe den tuarascáil maidir le leathnú an bhunábhair arna tíolacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír den mhír seo.

    ‘By 1 September 2023, the Commission shall review the criteria laid down in the delegated act referred to in the fourth subparagraph of this paragraph on the basis of the best available scientific data and shall adopt delegated acts in accordance with Article 35 in order to amend those criteria, where appropriate, and to supplement this Directive by including a trajectory to gradually decrease the contribution to the overall Union target set in Article 3(1) and to the minimum share of renewable energy and the greenhouse gas intensity reduction target referred to in Article 25(1), first subparagraph, point (a), of high indirect land-use change-risk biofuels, bioliquids and biomass fuels produced from feedstock for which a significant expansion of the production into land with high-carbon stock is observed. That review shall be based on a revised version of the report on feedstock expansion submitted in accordance with the third subparagraph of this paragraph. That report shall, in particular, assess whether the threshold on the maximum share of the average annual expansion of the global production area in high carbon stocks should be reduced on the basis of objective and scientific based criteria and taking into consideration the Union’s climate targets and commitments.

    Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle