#2688342
Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (“CTA AE”), a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a choigeartú ionas go mbeidh sí i gcomhréir leis an sprioc glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030, leis an gcuspóir aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.
Therefore, the ambition of the EU Emissions Trading System (‘EU ETS’), established by Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council, should be adjusted so as to be in line with the economy-wide net greenhouse gas emission reduction target for 2030, the objective of achieving climate neutrality by 2050 at the latest and the aim of achieving negative emissions thereafter, as laid down in Regulation (EU) 2021/1119.