#1700247
In aon chás ina mbeidh ceart oidhre ghinearálta, nó an neasghaoil nó na neasghaolta, nó aicme, ag brath ar an bhforléiriú a dhéanfaidh an Chúirt ar ionstraim agus nach eol nó gur deacair a fhionnadh cé hé nó cé hiad an t-oidhre ginearálta, an neasghaol nó na neasghaolta, nó an aicme sin, agus go measfaidh an Chúirt gur caoithiúil, d'fhonn caiteachas a shábháil nó ar chúis éigin eile, go ndéanfar na ceisteanna forléiriúcháin a chinneadh sula mbeidh an t-oidhre ginearálta, an neasghaol nó na neasghaolta, nó an aicme sin, fionnta trí fhiosrúchán nó ar shlí eile, féadfaidh an Chúirt duine nó daoine éigin a cheapadh chun feidhmiú ar son an oidhre ghinearálta, an neasghaoil nó na neasghaolta, nó na haicme sin, agus beidh breithiúnas na Cúirte i láthair na ndaoine sin ina cheangal ar an oidhre ginearálta, ar an neasghaol nó na neasghaolta, nó ar an aicme a mbeifear ag feidhmiú ar a shon nó ar a son amhlaidh.
In any case in which the right of an heir-at-law, or the next-of-kin, or a class, shall depend upon the construction which the Court may put upon an instrument and it shall not be known or shall be difficult to ascertain who is or are such heir-at-law or next-of-kin or class, and the Court shall consider that in order to save expense or for some other reason it will be convenient to have the questions of construction determined before such heir-at-law, next-of-kin or class shall have been ascertained by means of inquiry or otherwise, the Court may appoint some one or more persons to represent such heir-at-law, next-of-kin or class, and the judgment of the Court in the presence of such persons shall be binding upon the heir-at-law, next-of-kin or class so represented.