#461140
11.—D’ainneoin fhorálacha an Achta Cróinéirí, 1962, i gcás ina ndéanfar taisí íospartaigh a shuíomh de thoradh ar an bpróiseas, féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi é, a ordú go ndéanfaidh cróinéir seachas an cróinéir a mbeidh na taisí ina luí laistigh dá cheantar nó dá ceantar ionchoisne a chur ar bun i ndáil leis an mbás, agus air sin déanfaidh an cróinéir a n-ordófar dó nó di amhlaidh an t-ionchoisne a chur ar bun sa tslí chéanna le hionchoisne a chuirfí ar bun dá mbeadh na taisí ina luí laistigh dá cheantar nó dá ceantar.
11.—Notwithstanding the provisions of the Coroners Act, 1962, where the remains of a victim have been located resulting from the process, the Minister may, if he or she so thinks proper, direct that a coroner, other than the coroner in whose district the remains are lying, shall hold an inquest in relation to the death, and thereupon the coroner so directed shall hold the inquest in like manner as if the remains were lying within his or her district.