#1177270
(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin Seanaoise, 1908 go 1962, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1963, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1962, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1963, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1962, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1963, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Acht 1942, forléireofar é ina theannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíochta), 1942 agus 1963, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1957, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1962, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1963, a ghairm díobh le chéile.
(2) This Act, in so far as it amends and extends the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1962, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1963, and in so far as it amends and extends the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1962, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1963, and in so far as it amends and extends the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1962, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1963, and in so far as it amends and extends the Act of 1942, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Insurance (Intermittent Unemployment) Acts, 1942 and 1963, and in so far as it amends and extends the Social Welfare (Children's Allowances) Acts, 1944 to 1957, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Social Welfare (Children's Allowances) Acts, 1944 to 1963, and in so far as it amends and extends the Social Welfare Acts, 1952 to 1962, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Social Welfare Acts, 1952 to 1963.