Gaois

Treo cuardaigh

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

61 toradh in 23 doiciméad

  1. #3002594

    Soithí iascaireachta atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sna limistéir dá dtagraítear in Airteagal 115(2) agus (3) leis an trealamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh a gcórais VMS agus/nó a gCórais Aitheantais Uathoibríoch (AIS) ag oibriú i gceart, agus déanfar na trealaimh iascaireachta atá ar bord nó atá in úsáid a shainaithint, a uimhriú agus a mharcáil go cuí sula dtabharfaidh siad faoi oibríocht iascaireachta nó faoi loingseoireacht sna limistéir sin.

    Fishing vessels authorised to fish in the areas referred to in Article 115(2) and (3) with the gear referred to in paragraph 1 of this Article shall have VMS and/or Automatic Identification System (AIS) working correctly, and the fishing gear on board or in use shall be duly identified, numbered and marked before starting any fishing operation or navigating in those areas.

    Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (athmhúnlú)

  2. #3002595

    Soithí iascaireachta atá feistithe gan údarú le heangacha grinneallsocraithe, eangacha tráil grinnill, spiléir shocraithe agus gaistí, ní cheadófar dóibh idirthuras a dhéanamh tríd an Limistéar Srianta Iascaigh ach amháin má leanann siad cúrsa díreach faoi luas leanúnach nach lú ná 7 muirmhíle agus VMS agus/nó AIS gníomhach a bheith ar bord acu, agus mura ndéanann siad aon chineál gníomhaíochtaí iascaireachta.

    Fishing vessels equipped with bottom set nets, bottom trawl nets, set longlines and traps without authorisations shall be allowed to transit through the Fisheries Restricted Area only if they follow a direct course at a constant speed of not less than 7 knots and with VMS and/or AIS active on board, and if they do not carry out fishing activities of any kind.

    Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (athmhúnlú)

  3. #3116529

    Le Cinneadh (CBES) 2023/1217, cuirtear toirmeasc freisin ar rochtain ar chalafoirt agus ar loic i gcríoch an Aontais ag soithí a bhfuil cúis réasúnach ag na húdaráis inniúla amhras a bheith orthu go bhfuil siad ag cur isteach go neamhdhleathach ar a gcóras aitheantais uathoibríoch (AIS) ar bord loinge nó go bhfuil siad á mhúchadh nó á dhíchumasú ar bhealach eile agus táirgí amhola agus peitriliam Rúiseacha á n-iompar de shárú ar Rialachán SOLAS V/19 pointe 2.4.

    Decision (CFSP) 2023/1217 also prohibits access to ports and locks in the territory of the Union by vessels which competent authorities have reasonable cause to suspect of illegally interfering with, switching off or otherwise disabling their shipborne automatic identification systems (AIS) when transporting Russian crude oil and petroleum products in breach of SOLAS Regulation V/19, point 2.4.

    Rialachán (AE) 2023/1214 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

  4. #3116530

    Níl feidhm ag an toirmeasc sin i gcás inar féidir AIS ar bord loinge a mhúchadh go dlisteanach i gcomhréir le comhaontuithe, rialacha nó caighdeáin idirnáisiúnta lena bhforáiltear do chosaint faisnéise loingseoireachta, amhail loingseoireacht trí uiscí ardriosca slándála.

    That prohibition does not apply in circumstances where the shipborne AIS can be legitimately turned off in accordance with international agreements, rules or standards that provide for the protection of navigational information, such as navigation through high-security-risk waters.

    Rialachán (AE) 2023/1214 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

  5. #3116535

    Ba cheart don Choimisiún, agus cúnamh á fháil aige ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA), tacú leis na húdaráis inniúla, inter alia, trí fhaireachán a dhéanamh ar aistrithe ó long go long a bhfuil amhras fúthu agus ar theagmhais ina gcuirtear isteach ar, ina múchtar nó ina ndíchumasaítear go neamhdhleathach AIS ar bord loinge, agus fógra a thabhairt ina leith, agus trí mhalartú faisnéise a éascú bunaithe ar Chóras an Aontais um Malartú Faisnéise Muirí (‘SafeSeaNet’), lena gcumasaítear faisnéis a fháil, a stóráil, a aisghabháil agus a mhalartú chun críche sábháilteachta muirí, slándála calafoirt agus muirí, cosanta comhshaoil mhuirí agus éifeachtúlachta tráchta muirí agus iompair mhuirí.

    The Commission, with the assistance of the European Maritime Safety Agency (EMSA), should support the competent authorities through, inter alia, the monitoring and notification of suspicious ship-to-ship transfers and incidents of illegally interfering with, switching off or otherwise disabling of the shipborne AIS, and facilitating the exchange of information based on the Union Maritime Information and Exchange System (‘SafeSeaNet’), which enables the receipt, storage, retrieval and exchange of information for the purpose of maritime safety, port and maritime security, marine environment protection and the efficiency of maritime traffic and maritime transport.

    Rialachán (AE) 2023/1214 ón gComhairle an 23 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

  6. #3137122

    Chun imthosca eisceachtúla a bhaineann le sábháilteacht nó slándáil an chriú ar shoitheach iascaireachta a chur san áireamh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú ar an oibleagáid AIS dá dtagraítear in Airteagal 6a de Threoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a choinneáil in oibríocht leanúnach, faoi choinníollacha áirithe.

    To take into account exceptional circumstances relating to the safety or security of the crew of a fishing vessel, a derogation from the obligation of maintaining in continuous operation the AIS referred to in Article 6a of Directive 2002/59/EC of the European Parliament and of the Council should be provided for, under certain conditions.

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  7. #3137538

    I gcomhréir le hAirteagal 6a de Threoir 2002/59/CE, feisteofar soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá níos faide ná 15 mhéadar ar fhad ina iomláine le córas sainaitheanta uathoibríoch (AIS) a thiocfaidh leis na caighdeáin dá dtagraítear sa Treoir sin agus ní mór é a choimeád i mbun oibríochta leanúnaí.

    In accordance with Article 6a of Directive 2002/59/EC, Union fishing vessels exceeding 15 metres in length overall shall be fitted with and maintain in continuous operation an automatic identification system (AIS) which meets the performance standards referred to in that Directive.

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  8. #3137539

    De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh máistir soithigh iascaireachta de chuid an Aontais an AIS a chasadh as i gcúinsí eisceachtúla nuair a mheasann an máistir go bhfuil garbhaol ann go gcuirfear sábháilteacht nó slándáil an chriú i mbaol.

    By way of derogation from paragraph 1, the master of a Union fishing vessel may switch off the AIS in exceptional circumstances when the master considers that the safety or security of the crew is imminently at risk of being compromised.

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  9. #3137540

    I gcás ina ndéanfar an AIS a chasadh as i gcomhréir leis an mír seo, déanfaidh an máistir tuairisc i leith na gníomhaíochta sin agus i leith na cúise lena déanamh a thabhairt d’údaráis inniúla a Bhallstáit Brataí agus, i gcás inarb ábhartha, d’udarais inniúla an Stáit cósta freisin.

    Where the AIS is switched off in accordance with this paragraph, the master shall report that action and the reason for doing so to the competent authorities of its flag Member State and, when relevant, also to the competent authorities of the coastal State.

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  10. #3139050

    cur isteach ar shuiteáil nó ar fheidhmiú an chórais um fhaireachán soithí, AIS, an logleabhair iascaireachta, an chianfhaireacháin leictreonaigh, an córas meáite, an ghléis faireacháin ar chumhacht innill leanúnach nó aon chóras faireacháin is infheidhme den Bhallstát, lena n-áirítear é a mhúchadh, ach amháin i gcás ina n-údaraíonn na húdaráis inniúla é;

    interference with the installation or functioning of the vessel monitoring system, AIS, fishing logbook, REM system, weighing system, continuous engine power monitoring device or any other applicable monitoring system of the Member State, including its switch off, except where authorised by the competent authorities;

    Rialachán (AE) 2023/2842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2016/1139, (AE) 2017/2403 agus (AE) 2019/473 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialú ar iascach

  11. #3139052

    teip údaráis na mBallstát a chur ar an eolas faoi mhífheidhmiú an chórais um fhaireachán soithí, an córais aitheantais uathoibríoch, an logleabhair iascaireachta, córais an chianfhaireacháin leictreonaigh, nó aon fheiste nó córas faireacháin eile de réir a cheanglaítear faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh;

    failure to notify the MS authorities about malfunctioning of the vessel monitoring system, AIS, fishing logbook, REM system, or any other monitoring device or system as required under the rules of the common fisheries policy;