Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaíochta dátheangach a bhaineann le paindéim COVID-19. Breis eolais »

2 thoradh

    #413049

    ráta fir4 básmhaireachta
    ga
    Foinse Téarma.ie - An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
    ráta fir4 mortlaíochta
    ga
    Foinse Téarma.ie - An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
    ráta fir4 báis
    ga
    Foinse Téarma.ie - An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge

    líon na mbásanna i bpobal áirithe laistigh de thréimhse áirithe

    Ní bunachar básmhaireachta é an suíomh RIP.ie ach, cé nach foirfe é, glactar leis mar acmhainn fhiúntach chun an ráta básmhaireachta a scrúdú agus tá ráite ag NPHET féin go dtugann an suíomh léiriú ar thionchar an ghalair ar líon na mbásanna sa tír.

    Mheas na taighdeoirí go mairfeadh duine 50 bliain d’aois a gheobhadh níos lú ná 30% dá chuid calraí ó charbaihiodráití tuairim is ceithre bliana níos giorra ná duine den aois chéanna a gheobhadh 50% dá chuid calraí ó charbaihiodráití. Chomh maith leis sin, bhí tionchar nach beag ag foinse na próitéine ar na rátaí mortlaíochta.

    2,396 cás de Covid-19 atá deimhnithe anois in Éirinn, 2,121 cás ó dheas agus 275 ó thuaidh. 35 duine atá básaithe anois de thoradh an ghalair, 22 duine ó dheas den teorainn agus 13 duine ó thuaidh di. Is ionann sin agus ráta báis nach mór 1.5% in Éirinn.

    • Sláinte » Eipidéimeolaíocht

    #412996

    uimhir bain5 atáirgthe
    ga
    Foinse Téarma.ie - An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge
    R-uimhir bain5
    ga
    Foinse Téarma.ie - An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge

    meánlíon na gcásanna de ghalar ionfhabhtaíoch a tholgtar ó duine ionfhabhtaithe amháin

    Tá uimhir atáirgthe an ghalair seasmhach idir 0.4 – 0.8 le roinnt seachtainí. Beidh an choicís seo amach romhainn an-tábhachtach ó thaobh an scaipeadh a shrianadh, an r-uimhir a choinneáil íseal agus an víreas a chur faoi chosc.

    Dheimhnigh sé go raibh ráta scaipthe Covid-19, an r-uimhir, ag 1.2 anois agus cé gur feabhas é sin ar an scéal le roinnt seachtainí anuas dúírt sé gá an figiúr sin a laghdú tuilleadh, faoi bhun 1, le scaipeadh an ghalair sa phobal a chosc.

    Feicfimid an tseachtain seo chugainn figiúirí a thabharfaidh léargas dúinn ar an tionchar a bheidh ag Céim 1 ar na slata tomhais is tábhachtaí ó thaobh scaipeadh an ghalair. Táimid ag súil go bhfanfaidh an uimhir-r [an ráta scaipthe] faoi bhun a haon agus nach gcuirfear isteach ar an dul chun cinn atá déanta againn.