Gaois

Cóip statach de shonraí a easpórtáiltear ó IATE ó am go chéile atá sa chnuasach seo. Níor cheart glacadh leis gurb ionann i gcónaí an t-eolas a thugtar faoi iontráil anseo agus a bhfuil sa leagan reatha den iontráil ar IATE. Is féidir an leagan reatha sin a cheadú ach cliceáil ar an nasc atá ar thaobh na láimhe deise ag barr gach iontrála. Breis eolais »

1 toradh

  1. EUROPEAN UNION|European construction|European Union
    tionscadal leasa fhrithpháirtigh Tagairt Téarmeolaithe COM-GA
    ga
    Úsáid sa teanga Ba cheart an leagan seo a úsáid de ghnáth, seachas i gcomhthéacs tagairtí don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
    Comhthéacs Ba cheart do na Ballstáit pointí teagmhála aonair a dhearadh chun ceadanna a dheonú le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail leasa choitinn agus tionscadail leasa fhrithpháirtigh a cheanglaítear le Treoir (AE) 2018/2001 agus le Rialachán (AE) 2022/869, faoi seach, ar bhealach lena ndéanfaí líon na n-údarás lena mbaineann a theorannú go dtí an líon is gá. Ba cheart do na Ballstáit an éifeachtúlacht a uasmhéadú, agus na tairbhí a bhaineann le saineolas teicneolaíoch, comhshaoil agus dlíthiúil a chomhchruinniú á gcur san áireamh. Tagairt "Moladh (AE) 2024/1343 ón gCoimisiún maidir le dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna le haghaidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus tionscadail bhonneagair ghaolmhara"
    tionscadal leasa choitinn Tagairt "Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 171"
    ga
    Úsáid sa teanga Ba cheart an leagan seo a úsáid i gcomhthéacs tagairtí don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
    Comhthéacs Féadfaidh an tAontas a chinneadh comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa choitinn a chur ar aghaidh agus idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú. Tagairt "Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Airteagal 171"
    project of mutual interest | PMI
    en
    projet d'intérêt commun
    fr