Dhá sholas dhearga leictreachais agus iad ag scalladh gach re seal agus solas ómrach leictreachais amháin agus iad go léir suite ar gach post maighdeoige cuaille bactha nó ina chóngar agus ag lonrú amach ón gcrosaire feadh an bhóthair, agus beidh na soilse dearga sin dhá throigh óna chéile agus ocht dtroigh ar a laghad os cionn dromchla an bhóthair agus comhráta gealánach idir caoga agus seachtó saighneán sa nóiméad acu agus beidh an solas ómrach sin daingnithe ar an bpost céanna faoi na soilse dearga agus é seacht dtroigh ar a laghad os cionn dromchla an bhóthair.
Two red electric lights, flashing alternately, and one amber electric light, all located on or adjacent to each barrier pivot post and shining outwards from the crossing along the road, such red lights to be two feet apart and not less than eight feet above the road surface and to have a combined flashing rate of between fifty and seventy flashes per minute and such amber light to be fixed on the same post below the red lights and not less than seven feet above the road surface.