Gaois

This is a static copy of data that is exported from IATE on an occasional basis. It should not be assumed that information provided about an entry here will always correspond to the current version of the entry in IATE. That current version can be checked by clicking on the link on the upper right hand side of each entry. More information »

1 result

  1. LAW|rights and freedoms
    ábhar leasa phoiblí Reference Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Context 'D’fhéadfadh imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí drochthionchar a bheith acu ar chreidiúnacht agus clú daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí agus d’fhéadfaí a gcuid acmhainní airgeadais agus acmhainní eile a ídiú leis na himeachtaí sin. Mar thoradh ar na himeachtaí sin, d’fhéadfaí moill a chur ar fhoilsiú faisnéise maidir le hábhar leasa phoiblí nó d’fhéadfaí é a chosc ar fad. Is féidir éifeacht mhór dhiúltach a bheith ag fad na nósanna imeachta agus ag an mbrú airgeadais ar dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh éifeacht dhíspreagtha a bheith ag cleachtais den sórt sin maidir lena gcuid oibre agus iad ag déanamh féinchinsireacht ar a gcuid oibre ar eagla imeachtaí cúirte a d’fhéadfadh tarlú sa todhchaí, rud a fhágann go mbaintear den díospóireacht phoiblí, rud a dhéanann dochar don tsochaí ar fad.' Reference "Treoir (AE) 2024/1069 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’), CELEX:32024L1069/GA"
    Definition aon ábhar a dhéanann difear don phobal a mhéid a fhéadfaidh leas dlisteanach a bheith ag an bpobal ann, amhail sna réimsí seo a leanas: (a) cearta bunúsacha, sláinte phoiblí, sábháilteacht, an comhshaol nó an aeráid; (b) gníomhaíochtaí duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh ar pearsa phoiblí é nó í san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach; (c) ábhair atá á mbreithniú ag comhlacht reachtach, feidhmeach nó breithiúnach, nó aon imeacht oifigiúil eile; (d) líomhaintí maidir le héilliú, calaois, nó maidir le haon chion coiriúil eile nó cionta riaracháin i ndáil leis na hábhair sin; (e) gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chosaint, lena n-áirítear próisis dhaonlathacha a chosaint ar chur isteach míchuí, go háirithe tríd an mbréagaisnéis a chomhrac Reference "Treoir (AE) 2024/1069 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’), CELEX:32024L1069/GA"
    matter of public interest
    en
    Definition matter which affects the public to such an extent that the public may legitimately take an interest in it, in areas such as: (a) fundamental rights, public health, safety, the environment or the climate; (b) activities of a natural or legal person that is a public figure in the public or private sector; (c) matters under consideration by a legislative, executive, or judicial body, or any other official proceedings; (d) allegations of corruption, fraud, or of any other criminal offence, or of administrative offences in relation to such matters; (e) activities aimed at protecting the values enshrined in Article 2 of the Treaty on European Union, including the protection of democratic processes against undue interference, in particular by fighting disinformation Reference "Directive (EU) 2024/1069 on protecting persons who engage in public participation from manifestly unfounded claims or abusive court proceedings (‘Strategic lawsuits against public participation’)"