Gaois

Cóip statach de shonraí a easpórtáiltear ó IATE ó am go chéile atá sa chnuasach seo. Níor cheart glacadh leis gurb ionann i gcónaí an t-eolas a thugtar faoi iontráil anseo agus a bhfuil sa leagan reatha den iontráil ar IATE. Is féidir an leagan reatha sin a cheadú ach cliceáil ar an nasc atá ar thaobh na láimhe deise ag barr gach iontrála. Breis eolais »

1 toradh

  1. LAW|rights and freedoms
    ábhar leasa phoiblí Tagairt Faomhadh an téarma seo mar chuid de Thionscadal Lex
    ga
    Comhthéacs 'D’fhéadfadh imeachtaí cúirte i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí drochthionchar a bheith acu ar chreidiúnacht agus clú daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí agus d’fhéadfaí a gcuid acmhainní airgeadais agus acmhainní eile a ídiú leis na himeachtaí sin. Mar thoradh ar na himeachtaí sin, d’fhéadfaí moill a chur ar fhoilsiú faisnéise maidir le hábhar leasa phoiblí nó d’fhéadfaí é a chosc ar fad. Is féidir éifeacht mhór dhiúltach a bheith ag fad na nósanna imeachta agus ag an mbrú airgeadais ar dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh éifeacht dhíspreagtha a bheith ag cleachtais den sórt sin maidir lena gcuid oibre agus iad ag déanamh féinchinsireacht ar a gcuid oibre ar eagla imeachtaí cúirte a d’fhéadfadh tarlú sa todhchaí, rud a fhágann go mbaintear den díospóireacht phoiblí, rud a dhéanann dochar don tsochaí ar fad.' Tagairt "Treoir (AE) 2024/1069 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’), CELEX:32024L1069/GA"
    Sainmhíniú aon ábhar a dhéanann difear don phobal a mhéid a fhéadfaidh leas dlisteanach a bheith ag an bpobal ann, amhail sna réimsí seo a leanas: (a) cearta bunúsacha, sláinte phoiblí, sábháilteacht, an comhshaol nó an aeráid; (b) gníomhaíochtaí duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh ar pearsa phoiblí é nó í san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach; (c) ábhair atá á mbreithniú ag comhlacht reachtach, feidhmeach nó breithiúnach, nó aon imeacht oifigiúil eile; (d) líomhaintí maidir le héilliú, calaois, nó maidir le haon chion coiriúil eile nó cionta riaracháin i ndáil leis na hábhair sin; (e) gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a chosaint, lena n-áirítear próisis dhaonlathacha a chosaint ar chur isteach míchuí, go háirithe tríd an mbréagaisnéis a chomhrac Tagairt "Treoir (AE) 2024/1069 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil do rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne na rannpháirtíochta poiblí’), CELEX:32024L1069/GA"
    matter of public interest
    en
    Sainmhíniú matter which affects the public to such an extent that the public may legitimately take an interest in it, in areas such as: (a) fundamental rights, public health, safety, the environment or the climate; (b) activities of a natural or legal person that is a public figure in the public or private sector; (c) matters under consideration by a legislative, executive, or judicial body, or any other official proceedings; (d) allegations of corruption, fraud, or of any other criminal offence, or of administrative offences in relation to such matters; (e) activities aimed at protecting the values enshrined in Article 2 of the Treaty on European Union, including the protection of democratic processes against undue interference, in particular by fighting disinformation Tagairt "Directive (EU) 2024/1069 on protecting persons who engage in public participation from manifestly unfounded claims or abusive court proceedings (‘Strategic lawsuits against public participation’)"