Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

comhaontaigh

comhaontú

bonn

35 toradh in 34 doiciméad

  1. #1509685

    Tá na heasaontóirí poblachtacha ag iarraidh an tsíocháin agus an Comhaontú ar ghlac muintir na hÉireann thuaidh agus theas leo i reifrinn a chur dá mbonn.

  2. #975731

    Chuir an tAontas Eorpach (AE), agus Comhaontú Aoine an Chéasta ina dhiaidh sin, bonn níos leithne faoin bplé.

    Ní mór R+D na teanga a fhorbairt láithreach – Caoilfhionn Nic Pháidín

  3. #971479

    Tugann an aighneacht le fios go gcabhródh "na bearta neamhchostasacha agus neamhthoirmeascacha sin chun leanúint den phróiseas cothaithe muiníne laistigh de Thuaisceart Éireann ar bhonn Chomhaontú Aoine an Chéasta".

    Ceapachain nua Forais deanta ach deacrachtai fos ann – Gan údar

  4. #1617146

    Bhí sé i gceist ag 180 píolóta, ar baill iad de Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann - ar brainse é den cheardchumann Fórsa - dul ar stailc i ngeall ar aighneas faoi chúrsaí pá agus coinníollacha oibre.  Bhí iarrtha ag Ryanair ar an Ard-Chúirt an urghaire a cheadú ar an mbonn go sáródh an stailc comhaontú a cuireadh i bhfeidhm tar éis roinnt stailceanna sa chomhlacht anuraidh.   Faoin gcomhaontú sin, caithfear aon aighneas idir an dá dhream a chur faoi bhráid idirghabhálaí neamhspleách agus próiseas réitigh a chur sa siúl sular féidir dul ar stailc.  Mhaígh Ryanair freisin go raibh ballóid rúnda na bpíolótaí neamhdhleathach.

  5. #377363

    Tá Sinn Féin naimhdeach do bhille McCallister agus leasaithe molta acu do gach aon fhoráil ann; maíonn siad go n-éascódh sé an bealach do riail an mhóraimh agus gur baolach go mbainfeadh sé an bonn de Chomhaontú Aoine an Chéasta.

  6. #1306845

    Mhaígh an litir go bhfacthas le blianta beaga anuas an bonn á bhaint de na hinstitiúidí polaitiúla a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an dá rialtas ar nós cuma liom faoin a ndualgais mar chosantóirí agus rathóirí an Chomhaontaithe.

  7. #1563657

    Deirtear inti freisin nach mbaineann an cúlstad an bonn de Chomhaontú Aoine an Chéasta agus nach iarracht faoi cheilt atá ann an Tuaisceart a ionghabháil.  Diúltaítear sa litir d'iarratas a rinne Rialtas na Breataine nach mbeadh an cúlstad i bhfeidhm ach ar feadh bliana.

  8. #1600196

    Tá ráite go láidir ag Nancy Pelosi, spéicéir Theach na nIonadaithe i Meiriceá, nach bhfuil aon seans ann go nglacfaidh Teach na Comhdhála le comhaontú trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain sa gcás go mbainfeadh an Breatimeacht an bonn ó Chomhaontú síochána Aoine an Chéasta.

  9. #1617213

    Dúirt an tUachtarán Macron nach bhféadfaí fáil réidh leis an gcúlstad ar oileán na hÉireann, mar atá á éileamh ag Rialtas na Breataine, mar nach bhfuil ann ach é le bonn a choinneáil faoi fhorais pholaitiúla agus faoin margadh aonair.  Dúirt an Príomh-Aire Johnson gurbh fhearr leis go mbeadh comhaontú ann ach go mbeadh an Bhreatain ag imeacht as an Aontas ar 31 Deireadh Fómhair, bíodh margadh déanta nó ná bíodh.  Mhaígh sé go raibh réitigh theicniúla ann le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.  Dúirt Uachtarán Macron arís eile nach mbeadh aon dul siar ar an gcomhaontú aistarraingte a socraíodh roimhe seo.

  10. #306819

    Seacht mbliana déag tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, is bocht an teist é ar an nuapholaitíocht gur coimhlint ar bhonn seicteach nó ar an gceist bhunreachtúil atá fós ag dó na geirbe ag ceannairí.

  11. #1142018

    “Éilíonn muid go dtabharfar an maoiniú ar ais ar bhonn láithreach agus go mbeidh páirt ag an Údarás i bplé dearfach faoi dháileadh acmhainní cothroma atá bunaithe ar éileamh reatha agus a chinntíonn go gcomhlíonann An Roinn Oideachais a dualgas dleathach le Gaeloideachas a spreagadh agus a chothú mar atá léirithe i gComhaontú Aoine an Chéasta.” Idir an dá linn, agus ag eascairt ón phlé oscailte ag an chruinniú, cuireadh tús inné le feachtas slua-mhaoinithe a rachaidh i dtreo na seirbhísí óige atá buailte.

  12. #1162240

    Mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach scór bliain ó shin a bunaíodh an Foras Teanga ina bhfuil dhá áisíneacht ar leith, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus cinneadh ón tús gur ar bhonn ‘cómhaoinithe’ a mhaoineofaí iad.

  13. #1304496

    Mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach scór bliain ó shin a bunaíodh an Foras Teanga ina bhfuil dhá áisíneacht, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus cinneadh ón tús gur ar bhonn ‘cómhaoinithe’ a mhaoineofaí iad.

  14. #1518683

    Mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach scór bliain ó shin a bunaíodh an Foras Teanga ina bhfuil dhá áisíneacht ar leith, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, agus cinneadh ón tús gur ar bhonn ‘cómhaoinithe’ a mhaoineofaí iad.

  15. #1833144

    Páirtí aontachtach is ea an NI21 ach ceann nua-aoiseach, don aonú aois is fiche (an 21 sa teideal), páirtí a sheasann leis na luachanna agus na prionsabail a bhí mar bhonn le Comhaontú Aoine an Chéasta, a deir McCrea, an ceannaire, agus McCallister, an leas-cheannaire.

  16. #1446919

    Tugann Devlin le fios go bhfuil eintiteas ar leith Éireannach á chruthú ar bhonn leanúnach ag pobal Gaeilge na hÉireann mar oidhrí an Chonartha, seachas mar oidhrí teanga agus cultúir amháin, agus gur cuid lárnach den eintiteas seo an tuiscint ar luach agus ar riachtanas na Gaeilge mar ghné éigeantach do chomhaontú cultúrtha: Scríobhadh é seo i 1972 agus níor socraíodh an cheist faoi riachtanas theanga an phobail mar shuaitheantas féiniúlachta Gaelach go fóill.

  17. #1864583

    Tá sé á thuairisciú ag comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Mícheál Lehane go mbeidh cruinniú ag ceannairí na dtrí pháirtí níos deireanaí inniu leis na haireachtaí éagsúla a phlé.  Meastar go mbeidh aire sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta i measc na gceisteanna a bheas á gcaibidil acu.  Is ar Aire Stáit atá na cúraimí sin faoi láthair.  Ní raibh aon aire sinsearach ann ón mbliain 2011, siúd is go bhfuil sé á éileamh ar bhonn leanúnach ó shin ag dreamanna éagsúla.    Tá baill na dtrí pháirtí ag vótáil ar an gcomhaontú comhrialtais le breis agus seachtain agus fógrófar an toradh amárach.