#1395113
Tá an tuiscint seo le brath go soiléir sa mhéid a scríobh an dialannaí Éireannach, Amhlaoidh Ó Súilleabháin, sa bhliain 1831, ar chluinstin dó go raibh an Ghaeilge á labhairt ag dúchasaigh ar oileán Mhontsarat: 'cia dubh bán iad is ionúin liomsa clanna Gael'.