Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

cuir

cur

báire

ar

52 toradh in 52 doiciméad

  1. #1269417

    Rud eile a d’fhoghlaim mé ó GAA Nua an oíche faoi dheireadh go bhfuil laghdú 18 soicind anois ar an am a thógann sé ar Stephen Cluxton an liathróid a chiceáil amach – ó 30 soicind go dtí 12 agus glacaim leis go hiomlán go bhfuil athrú ó bhun agus chun feabhais curtha ag cúl báire Bhaile Átha Cliath ar an ngné sin den chluiche.

  2. #1353934

    Maidir leis an staidéar nua, i dtús báire, bhailigh an fhoireann ó Ospidéal Rhode Island, a bhí ag iarraidh a theacht ar fhrithbheathaigh úra, 82,000 ceimiceán sintéiseach le chéile.  Chun frithbheathaigh nua a aithint i measc na gceimiceán, tháinig siad ar na ceimiceáin a mharaigh Staphylococcus aureus ach nár chuir isteach ar ainmhithe.  Sin iad na tréithe a mbeifeá ag súil leo i bhfrithbheathach.

  3. #1653089

    Chuir an drochaimsir isteach air i dtús báire ach deir sé go mbíonn aimsir na Súdáine go dona freisin "ach ar chaoi éagsúil ar fad".

  4. #1297530

    Rinne údaráis na Gearmáine iarracht an botún a cheilt ar dtús báire.  Rinneadh iarracht fiú an mheallán a chur ar Winston Churchill, a bhí ceaptha - an lá sin - an 3ú Meán Fómhair 1939 ina Chéad Tiarna na hAimiléarachta.  Winston Churchill, Céad-Thiarna na hAimiléarachta na linne sin Dúirt na Gearmánaigh gur ordaigh Churchill d'fhomhuireán na Breataine an Athenia a chur faoi ionas go gcuirfí brú ar Mheiriceá a ndílseacht a léiriú.

  5. #744927

    Bhí feachtasaíocht inmheánach an Pháirtí Dhaonlathaigh chomh fíochmhar sin go raibh faitíos ar dhaoine go scoiltfí é, ach i ndeireadh báire, agus an troid thart, chuir Hillary a cumhacht ar fáil do Barack Obama agus bhain sé an Teach Bán amach.

  6. #1364380

    “De thoradh maoiniú breise a bheith curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus an cúnamh caipitil breise a bheidh mo Roinn in ann a chur ar fáil don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, beimid in ann cuidiú tuilleadh leis an earnáil sin, agus i ndeireadh báire, le teaghlaigh óga na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

  7. #1525549

    Tá faobhar curtha ar na sceana cheana féin do choimhlint na cáinaisnéise idir an Iodáil agus an tAontas, ach is cosúil go bhfuil an tAontas ag lorg báire na fola freisin i gcás na hEilvéise agus iad ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar an socrú leis an tír sin – socrú a cheapann an Coimisiún a bheith rófhabhrach do thír na nAlpa.

  8. #1819351

    Is deacair breith a thabhairt ar chuid mhaith des na hathruithe atá á gcur i bhfeidhm ar an gcluiche nó go bhfeictear i gceart le linn cluichí móra iad ach deinim amach go gcuirfeadh lucht leanúna Chiarraí fáilte roimis an athrú is déanaí toisc iad ag cáiseamh le tamall ná fuil a gcúl báire féin, Shane Ryan, ag dul i muinín an chic fhada nuair a bhíonn caoi aige chuige.

  9. #1851490

    I dtús báire bhailigh ceannairí na bpáirtithe le chéile ar an gCreagán chun a ndiongbháilteacht nach mbeadh an lámh in uachtar ag lucht foréigin a léiriú agus ansin, ar shochraid neamhghnách an iriseora san Ardeaglais Phrotastúnach i mBéal Feirste, chuir seanmóir an tsagairt Chaitlicigh, an tAthair Martin Magill tine fúthu.

  10. #1964153

    Chuirfinn iomlán mo mhuiníne san iománaí is laige ar pháirc na himeartha in áit an té nár thóg an camán riamh nó a d’éirigh as an iomáint toisc nach bhfuair sé nó sí a rogha áit imeartha sa bháire.” “Nuair a tugadh faoin chóilíneachas agus faoin choncas a dhéanamh ar an tír seo an chéad lá in Éirinn is trí chur chuige “scar agus treascair” a rinneadh é agus bímid i gcónaí i mbaol na botúin chéanna a dhéanamh arís agus arís.

    Teanga gan Teorainn: Nótaí: Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge agus Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha – Éanna Ó Caollaí

  11. #284410

    Is í an Teachta Parlaiminte, Annabelle Ewing, ó Pháirtí Naisiúnta na hAlban, a tharraing aird ar an easpa aitheantais seo i dtosach báire agus tá fáilte curtha aici roimh fhógra an SSE.

  12. #1669697

    Chuir Ciara Nic Gabhann spéis i scéal an ghrá a cuireadh ar fionnraí san Ostáir seachtó bliain ó shin agus a bhláthaigh i ndeireadh báire san Úcráin le deireanas.

  13. #1763345

    Mhaígh rialtas na hIaráice gur léirigh a bhás go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir agus a chuid comrádaithe mallaithe.

  14. #1912551

    Cuarbhóthar don Spidéal á mholadh Dúirt an Comhairleoir Contae Thomas Welby gur cheart bóthar nua a chur as Bearna taobh thiar den Spidéal ar dtús báire sula gcuirfí an bóthar an bealach ar fad go Scríb.

  15. #1963979

    Ag tagairt do imlitir ón Eaglais i 2016 a bhain leis an éileamh ar sheirbhísí Eaglasta trí mheán na Gaeilge, dúirt sé: “I ndeireadh báire is dóigh liom gur ag an Ardeaspag atá an chumhacht sa mhéid is nach bhfuiltear ag cloí leis na prionsabail a bhí leagtha síos aige san imlitir, sé sin, nach féidir deireadh á chur le hAifreann (Gaeilge) gan dul i dteagmháil leis roimh ré.” Ainmníodh Dún Laoghaire san imlitir mar cheann de sé lárionaid do phobal na Gaeilge agus luadh ann “nach gcuirfí ar ceal aon Aifreann Gaeilge gan dul i gcomhairle liomsa agus leis an gCoiste Tréadach”.

    ‘Tá fúinn leanúint ar aghaidh’: Aighneas faoin Aifreann i nGaeilge i nDún Laoghaire fós gan réiteach – Éanna Ó Caollaí

  16. #1991349

    I gCaibidil V 'Ar Chuir Tusa Báire?' cuireann Róise in iúl do Labhras Óg a thábhachtaí atá an teanga don náisiún:

    Iniúchadh ar thionchar an Phiarsaigh ar Mháire agus é ag scríobh Mo Dhá Róisín (1921)

  17. #293427

    B’in deireadh leis an teacht aniar ag An Fhairche, faraor, agus nuair a d’aimsigh Oileán Ciarraí cúl agus pointe in am cúitimh, chuir sé cuma aontaobhach ar chlár na scór i ndeireadh báire.

  18. #578919

    Ba mhinic leis an bpleanálaí sinsearach a theacht amach i mo theannta agus mé a chur ar an eolas i dtaobh cén fáth go dtabharfaí cead tógála nó go ndiúltófaí é. Shábháil sin mórchuid deacrachtaí ní ba dhéanaí mar gurbh é díol an deabhail margadh a bheith déanta agus cáipéisí dlí a bheith curtha in ord agus gan i ndán dhuit ach diúltú i ndeireadh báire.

  19. #583766

    Chuir Siúnac fios ar Phlásán le corriompú a bhaint as mo dhuine bocht sna ciomacha agus m’anam go raibh lucht na cabaíola ag rá go mbeadh sé ag baint corriompú as Siúnac chomh maith cé go raibh sé curtha ina leith ag cuid de na buachaillí báire go mba cigire tónach a bhí ann.

  20. #871586

    Ach ba iad na plandálacha a cuireadh i bhfeidhm sa séú agus sa seachtú haois déag a chniog cine Gael ar fad: i dtús báire i gCúige Laighean, ansin sa Mhumhain agus in Ulaidh ina dhiaidh sin, agus Plandáil Chromail, an phlandáil ba éifeachtaí plean, a raibh mar aidhhm oscailte aige cinedhíothú agus creideamhdhíothú iomlán a chur i bhfeidhm.

  21. #1051840

    Is gá go soiléireofaí dúinn as an nua ár bpríomhdhualgais dhaonna dá chéile inniu, go gclaochlófaí sa spiorad muid uile agus go gcuirfí ar ár gcumas síolta an daonnachais shaibhrithe a chur inár measc féin in Éirinn i dtús báire.

  22. #1121959

    I dtus báire bhí sé ina bhall d’​eite chlé Pháirtí an Lucht Oibre ach i 1955 chláraigh sé mar bhall den Pháirtí Cumannach agus b’​in a chuir tús lena chaidreamh ar George Thomson.

  23. #1289340

    Mar chúl báire a chaith sé na blianta deireanacha agus is cuimhin liom buille saor 100 méadar a chuir sé thar an trasnán i gcluiche leathcheannais Chonnacht in aghaidh Bhaile Átha an Rí i 1998 agus cúpla sábháil den scoth a rinne sé ar iarrachtaí de chuid Eugene Cloonan ag an tráth céanna den chomórtas an bhliain dár gcionn.

  24. #1342433

    Ar ndóigh ní fhéadfadh Billy Kelleher agus a leithéidí gearán a dhéanamh faoi sheasamh Martin maidir le ginmhilleadh de, mar ba é Kelleher féin a chuir an polasaí sin chun tosaigh i dtús báire, ach tá olc á chur ag Martin orthu siúd a bhfuil an seandearcadh acu agus orthu siúd a bhí ag moladh anuraidh go dtabharfaí faoi Fhine Gael.

  25. #1751407

    Más mar sin atá nach gceapfá go bhfaighfí liathróid eile, ceann nach bhfuil ar tí pléascadh i lámha an chúl báire cuir i gcás, nó nuair atá an lán tosaí á chiceáil thar an trasnán.

  26. #1985139

    Mar shampla, nuair atá an teannas in intinn na pearsan láir ar a bharr idir éileamh a fhorchinnteachtaí cultúir agus an beart reiligiúnda is dual dó, dar leis, níor chóir go gceapfadh an léitheoir go bhfuil báire na coimhlinte curtha ó thús.

    PRÓISEAS NA CUMADÓIREACHTA IN AN BRANAR GAN CUR