#1420750
Chun cur leis an imní a bhaineann le ráiteas an Phríomhchonstábla, tá scéalta eile ag teacht ó Londain faoi bhaill pharlaiminte laistigh den Pháirtí Caomhach atá ag lua go bhféadfaí leasú nó maolú a dhéanamh ar théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta, go haontaobhach fiú, i dtreo nach mbeadh ar chumas an dara páirtí, Sinn Féin mar shampla, an Feidhmeannas a scor ar chúis amháin nó eile.