Léim go dtí an príomhábhar
CORPAS NA GAEILGE COMHAIMSEARTHA
Torthaí (89)
Is ionann é ar bhealach agus bheith ag faire ar chiteal ag fiuchadh.
Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007.
Leathanach: 245
Bhí mná ag fiuchadh uisce is fir ag réiteach sleánna.
Lorcán S. Ó Treasaigh: Cnoc na Lobhar. Cois Life 2007.
Leathanach: 123
Tá an seomra breá te, prátaí ar fiuchadh os cionn tine craosaí.
Antain Mac Lochlainn: Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain. Cois Life 2006.
Leathanach: 067
Cén tairseach atá le baint amach go dtosóidh an coire ag fiuchadh arís?
Liam Ó Muirthile: Rogha Alt. Cois Life 2014.
Leathanach: 010
Bhí mé féin ag fiuchadh le cantal ag éisteacht léi.
Bíodh cead labhartha ag Bob Quinn!
Dáta: 2014-12-03
Bhí mé spadhartha faoi seo, mo chuid fola ag fiuchadh mar a thosódh pota cnag fataí ag fiuchadh nuair a d’fhadófaí an tine faoi.
Joe Steve Ó Neachtain: Ag Caint Linn Fhéin. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 139
Bhí citeal agus soláthairtí eile sa seomra agus chuir Trevor féin an t-uisce ag fiuchadh.
Anna Heussaff: Buille Marfach. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 098
Bhí sé seasta i leataobh ón gcur i gcéill agus fiuchadh feirge air.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 028
An fhuil ag fiuchadh ina chuisleacha.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 098
Dar leis, bhí pobal na cathrach ag fiuchadh mar gheall ar iompar fhórsaí na Corónach.
Cormac Ó Comhraí: Sa Bhearna Bhaoil Gaillimh 1913-1923. Cló Iar-Chonnacht 2016.
Leathanach: 173
Bhí Réamonn ar fiuchadh le fearg agus le náire.
Anna Heussaff: Scáil an Phríosúin. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 239
Bhí Ruairí ar fiuchadh.
Na Beacha: Gearrscéal. Feasta 53 (12), 8-11. Mícheál Ó Laoghaire.
Leathanach: 8-11
Dáta: 2000-12-01
Seift a bhí ar fiuchadh ina hintinn le cur aici faoina bráid.
Anna Heussaff. Bás Tobann. Cois Life 2004.
Leathanach: 185
‘Tá a fhios go maith agam nach mbíonn an t-uisce ar fiuchadh agat.
Nochtadh na Fírinne. Feasta 58 (8), 7-10. Bríd Dáibhís.
Leathanach: 7-10
Dáta: 2005-08-01
Tuilleadh smaointe sneachtúla ar fiuchadh.
Ar strae sa sneachta – Micheál W. Ó Murchú
Dáta: 2011-01-25
Faoi láthair, tá Nua Eabhrac ar fiuchadh; tá teas ag éirí ó na cosáin.
Boladh rubair agus Gershwin – Ailbhení Ghearbhuigh
Dáta: 2008-07-09
Coirí ar fiuchadh de dhroim na tine.
Dréachta Chrích Fódla: iml. 1. Feasta 60 (5), 41-46. Pádraig Ó Cíobháin.
Leathanach: 41-46
Dáta: 2007-05-01
‘Tá a fhios go maith agam nach mbíonn an t-uisce ar fiuchadh agat.
Nochtadh na Fírinne. Feasta 67 (2), 7-10. Bríd Dáibhis.
Leathanach: 7-10
Dáta: 2014-02-01
Chuir sí pota uisce ar an tine agus bhain sí fiuchadh as.
An rud is annamh is iontach: Fuair mé cnámha an scéil seo i Rann na Feirste nuair a bhí mé óg.. An tUltach 86 (10), 26. Richard Holden.
Leathanach: 26
Dáta: 2009-10-01
Chuir sí an tae isteach sa phota agus bhain sí fiuchadh as arís.
An rud is annamh is iontach: Fuair mé cnámha an scéil seo i Rann na Feirste nuair a bhí mé óg.. An tUltach 86 (10), 26. Richard Holden.
Leathanach: 26
Dáta: 2009-10-01
Ní raibh i mbun an choire ach uisce ar fiuchadh.
Peadar Ó Cualáin. Bithiúnaigh. Leabhar Breac 2012.
Leathanach: 020
Bhí sé ag fiuchadh le fearg nó bhí sé ar mire.
Nach deas é? Bhí sé ar steallaí dearga mire…: Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga – Seosamh Ó Cuaig
Dáta: 2018-05-29
Chuaigh sí síos an staighre go dtí an chistin is chuir sí an citeal ar fiuchadh.
Alan Desmond. Gaeilge agus Grá. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 017
Áthas orthu faoin toradh, mar dhea, ach fiuchadh feirge orthu.
Mícheál Ó Ruairc. Pónairí ar Thósta: dialann mic léinn ollscoile. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 113
Tá sé deacair orm labhairt óir tá mo scornach lán le mothúcháin mar a bheadh pota lán le huisce ag fiuchadh.
Ag máirseáil i dtreo na gréine
Dáta: 2007-02-01
Ghlan an solas leictreach bíogadh scáileanna a thí féin chun siúil, agus chuir an chumhacht an t-uisce ag fiuchadh i gciteal.
Liam Ó Muirthile: Aois Fir. Cois Life 2015.
Leathanach: 063
Binn i ndiaidh binne ag guailleáil ó thuaidh, an fharraige ar fiuchadh na céadta méadar laistíos, macalla toll na dtonn ag fógairt go raibh an léibheann ina chlár mór tumtha.
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Leathanach: 093
Chlaon an chíle, an t-uisce ag fiuchadh…agus b'in chucu í ag iomrascáil san uisce mar a bheadh rón sáite, dar le Brian, an chéasla ina muirgha.
Dermot Somers: Ar Muir is ar Sliabh. Cois Life 2009.
Leathanach: 099
Le piobair dhearga, oinniúin agus fiuchadh fada bhí mná gorma na linne in ann blas éigin a thabhairt don fheoil a chaith an fear geal i leataobh.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 120
Cuireann an eachtra seo mo chuid fola féin ag fiuchadh, ach drochsmaoineamh ceart a bheadh ann do gringo a ladar a chur isteach sa scéal.
Alex Hijmans: Favela. Cois Life 2009.
Leathanach: 150
Ní chleachtaimis feoil amh, na prátaí nach raibh ar fiuchadh le fada, ná glasraí crua a bhrisfeadh na fiacla id dhrandal.
MO ROGHA BIA… le Alan Titley
Dáta: 2015-01-11
Is é bainisteoir Thiobraid Árannba thúisce ag gearán, agus é ag fiuchadh le fearg le taispeántas David Coldrick.
Cúig rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na sraithe an deireadh seachtaine seo
Dáta: 2015-02-03
Leathlíon sé an citeal agus chuir ar an tine é agus ní fada go raibh sé ar fiuchadh aige.
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (20 Feabhra 1915)
Dáta: 2015-02-20
Ní raibh de chuimhne agam ach go gcaithfinn a seachaint, Na súile beaga sin aici ina caora ruamanta a chuirfeadh Fiuchadh san uisce i gcorp an gheimhridh istigh.
FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Alan Titley – An Bhean Feasa
Dáta: 2015-07-27
"Beidh brú mór ar mhná tí an cheantair" a deir sí, má chaitear a bheith ag fiuchadh an uisce sa Samhradh.
Cúrsaí uisce ina ábhar cainte san iarthar
Dáta: 2016-04-04
Ba é seo Éirí Amach na Cásca an athuair ag cur na fola ag fiuchadh trí mo chuisleacha.
Joe Steve Ó Neachtain: Ag Caint Linn Fhéin. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 068
Bhí leigheas ar scornach tinn sa mbláthach ach an gruth agus meadhg a dhealú óna chéile tar éis fiuchadh sa sáspan.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 018
Ní túisce a thóin ar an splanc ná bhain teas na tine giúin cheolmhar as nó go raibh sé ina stealladh fiuchadh.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 062
D’fhadaigh sí greallach agus chroch sí an citeal agus ní i bhfad nó go raibh sé ag gleáradh fiuchadh.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 064
Bhí an citeal ag bruithínteacht fiuchadh, an taephota ag fanacht agus crúib tae caite ar a thóin ag Biddy agus í réitithe le streall as a ghob a thabhairt dhó.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 093
Má bhí, d’fhág sí pota ag fiuchadh ar an tine agus dinnéar do Mhuiris istigh ann.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 114
Má bhí, d’fhág sí pota ag fiuchadh ar an tine agus dinnéar do Mhuiris istigh ann.
Mícheál Ó Ruairc: Daoine a Itheann Daoine. Cló Iar-Chonnacht 2010.
Leathanach: 114
Thosaigh olc is éad ag coipeadh is ag fiuchadh istigh ina chuid fola, ina chuislí, ina chroí.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 051
Leis sin d’at an gléas mór suas, a chuid fola ag téamh, ag fiuchadh is ag coipeadh a chuid féitheacha.
Mícheál Ó Conghaile: Diabhlaíocht Dé. Cló Iar-Chonnacht 2015.
Leathanach: 139
Cineál fiuchadh a fuair sé mar fhreagra mar a bheadh streall as an gciteal tar éis titim sa ngríosach.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 034
Sa deireadh, cuireadh amach é. Troigh cantail air, shuigh Seán ar bhalla íseal a bhí trasna an bhóthair, a chuid fola ag fiuchadh.
Rónán Mac Con Iomaire: Rocky Ros Muc. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 141
Tá ceo na maidine ag scaipeadh anois, agus teas na gréine ag fiuchadh an drúchta de dhuilleoga na gcrann.
Cuairt an Phápa. Feasta 68 (4), 6-8. Colm Ó Ceallacháin.
Leathanach: 6-8
Dáta: 2015-04-01
Ní raibh ina fhocail seisean ach clúdach ar phota a phearsantachta, na huiscí ag beiriú laistíos, an fíorscéal ar fiuchadh laistigh.
Ní Neosfainn Cé Mé. Feasta 68 (4), 16. Sorcha de Brún.
Leathanach: 16
Dáta: 2015-04-01
Ní gá a rá go raibh an sceimhle ar fiuchadh sa tseomra, is an t-uafás ag siúl na slí.
Scéal náireach na sclábhaithe Éireannacha – Alan Titley
Dáta: 2013-02-13
Ach sa bheagán atá againn uaidh “bhí an Spiorad ar fiuchadh” ann, mar a scríobh sé féin.
Ní neart go Pádraigí – Pomuiri
Dáta: 2013-03-12
Nuair a chuir an t-aire a ladhar san uisce le déanaí maidir le deontais stáit a bhaint de scoileanna na dtáillí, ba dhóbair don uisce fiuchadh, agus músclaíodh bagairt díleann.
Cothrom, mar dhea – Le Alan Titley
Dáta: 2003-08-27
Ní raibh tine ar lasadh ná citeal ag fiuchadh, ní raibh an gadhar ag cartadh sa ngarraí ná an cat á searradh féin.
AH91 Arís: Gearrscéal nua le Bridget Bhreathnach. Comhar 76 (8), 13-14. Bridget Bhreathnach.
Leathanach: 13-14
Dáta: 2016-08-01
Tá ceo na maidine ag scaipeadh anois, agus teas na gréine ag fiuchadh an drúchta de dhuilleoga na gcrann.
Colm Ó Ceallacháin. I dtír mhillis na mbeo. Cois Life 2017.
Leathanach: 014
Ón lá ar tógadh an dún, tá coire ag fiuchadh ann le bia agus le mír don slua.
Diarmuid Johnson. Conaire Mór. Leabhar Breac 2017.
Leathanach: 079
Sa mhullach ar na seancheisteanna faoi rúin na bpáirtithe abhus, dea-rúin nó a mhalairt, tá comhábhair nua ag fiuchadh sa bpota anois.
Beidh aird ar an DUP fad is atá gá leo ach níor mhór dóibh a bheith cúramach…: Tráth na gceisteanna é i gcónaí don DUP agus do Shinn Féin – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2017-06-21
Go hidirnáisiúnta, agus géarchéimeanna éagsúla ag fiuchadh, go bhfuil ceannairí stuama, cumasacha, láidre in oifigí móra an domhain……Teach Bán, Uimhir 10 agus i mBeirlín.
‘Beidh sé go deas a bheith ag breathnú ar Ghaillimh ag buachan an dara ceann as a chéile ☺’ – súil chun cinn ar 2018 le Cormac Ó hEadhra: Sa tsraith seo féachann Tuairisc.ie chun cinn ar 2018 i dteanna daoine aitheanta. An babhta seo is é láithreoir gradamúil ‘Cormac ag a Cúig’ atá linn... – Gan údar
Dáta: 2017-12-29
Tá aighnis ag fiuchadh freisin faoi thinte cnámh – go bunúsach faoi mhéid agus láithreacha na dtinte a rinne damáiste do thithe agus d’árasáin anuraidh agus an bhliain roimhe sin.
Ní comhartha dóchais é roimh shéasúr na dtinte cnámh go bhfuil dílseoirí ag díriú ar eastát comhroinnte: Léiríonn iompar dílseoirí áirithe go bhfuil doicheall orthu roimh cheantair nach mbeadh smacht ar bith acu air – Póilín Ní Chiaráin
Dáta: 2018-06-06
Nuair a bhíodh an mhin ag fiuchadh ar an dtine do chaithidís dorn eile mine uirthi chun í a dhéanamh ramhar.
Ó DHÚCHAS: Cad a bhíodh ar chlár bia an Bhlascaoid sna 1930idí?: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol – Máire Ní Fhinneadha
Dáta: 2018-06-15
Nuair a thiocfas an lá sin, is beag cupán tae a dhéanfar idir Londain agus Vladivostok nach le gás Gazprom a chuirfear an t-uisce ag fiuchadh dó.
Vladimir Putin agus Miotaseolaíocht na Rúise ...: An clúmhilleadh agus an lámh láidir; is fada an dá mhodh oibre sin i bhfeidhm i Moscó, a deir Diarmuid Johnson. Comhar 78 (1), 9-11. Gan ainm.
Leathanach: 9-11
Dáta: 2018-01-01
An paisean ag fiuchadh in aghaidh údarás na hinstitiúide, an mhian ag coimhlint leis an dualgas agus an t-aicsean sin uilig suite i gclós clochair téama an dráma.
Aisteoirí an Spidéil ar stáitse i gColáiste Chonnacht anocht: Lá Fhéile Míchíl, dráma le hEoghan Ó Tuairisc faoin gCogadh Cathartha in Éirinn á léiriú ag aisteoirí an Spidéil i gColáiste Chonnacht anocht – Gan údar
Dáta: 2019-03-08
Is é Alasdair a thug CD Daniel O’Donnell do Mhaighread, ach níorbh fhéidir léi siúd na deora a chosc, í ina suí léi féin sa chistin ag feitheamh leis an chaife fiuchadh ar feadh síoraíochta.
Antain Mac Lochlainn: Malairt Scéil - Nuascéalaíocht as Albain. Cois Life 2006.
Leathanach: 055
“Cuireann sé an fhuil ag fiuchadh agus ag coipeadh i gcuislí duine ar chloisteáil dó an íde agus an masla agus an tarcaisne a caitheadh ar na hÉireannaigh bochta a bhí i Learpholl ar a mbealach go dtí Meiriceá.
An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (27 Samhain 1915)
Dáta: 2015-11-27
Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair ghalghuail fúthu go mbíd ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirfhiuchadh trí sheacht dtroithe ar fad de phíopa isteach go gloine eile.
‘Nár thaga maoile ar a fhaobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas’ – an chéad eagrán den Chlaiḋeaṁ – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2016-05-06
Dhéanfá uisce arís ar an gcuma chéanna as an ngal a bhrúchtann as srón an choire bhig nó an chitil atá ina suí go minic ag fiuchadh ar chlár an tinteáin i gcomhair na tae a dhéanamh.
‘Nár thaga maoile ar a fhaobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas’ – an chéad eagrán den Chlaiḋeaṁ – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2016-05-06
Amach de leac an teallaigh a thug sé an acmhainn grinn a bhí aige agus thabharfainnse an leabhar gur óna uncail Máirtín Beag a thug sé nó a d’fhoghlaim sé an tréith taghdach trodach a bhí ag fiuchadh thrína chuid fola i gcaitheamh a shaoil.
Joe Steve Ó Neachtain: Ag Caint Linn Fhéin. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 045
Tine mhór bhrosna anseo is ansiúd agus pota mór dubh mar a bhíodh crochta ar an lúib sa mbaile fadó ag fiuchadh os cionn na tine, gan aon drochbholadh uaidh pé ar bith cén sórt gríscíní a bhí ar a thóin.
Joe Steve Ó Neachtain: Ag Caint Linn Fhéin. Cló Iar-Chonnacht 2013.
Leathanach: 131
Ní raibh aon mheabhair mhór acu ar chócaireacht bairnigh, agus nuair a bhíodh fiuchadh faighte acu agus an sliogán fágtha acu, thosaíodh siad ag slogadh, agus ó bhí Danny bocht mantach ní raibh aon chaint ar aon changailt.
Cóil Learaí Ó Finneadha: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 131
Bidín a bhí á spadhradh nuair a rug sé ar an tlú, é ag sacadh na bhfóide go taghdach isteach i lár na gríosaí de réir mar a bhí cuimhní an tsaoil ag fiuchadh a chuid fola.
Joe Steve Ó Neachtain: Idir Neamh is Talamh. Cló Iar-Chonnacht 2014.
Leathanach: 067
Sea, agus é a ól i ndoire choille le titim na hoíche.’ ‘Bíodh an tuisce ar fiuchadh agat, agus cuir an tae isteach i mála beag línéadaigh, agus tuim an mála isteach sa gcanna.
Ar chuir Pádraic Ó Conaire tús le taemhálaí? Feasta 56 (10), 31. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 31
Dáta: 2003-10-01
Ná fágtar ró-fhada ann é — is leor dhá nóiméad má bhíonn an t-uisce ar fiuchadh i gceart — bain an mála línéadaigh as an árthach, cuir do chuid bainne nó uachtar ann agus shásódh an deoch sin thú más féidir tú a shású ar chor ar bith.’ ‘Shásaigh sé mise ar chaoi ar bith: B’iontach mura sásódh dea-thae, arán agus im úr agus uibheacha a rugadh an lá céanna mo leithéid d’fhear taistil.
Ar chuir Pádraic Ó Conaire tús le taemhálaí? Feasta 56 (10), 31. Seán Ua Cearnaigh.
Leathanach: 31
Dáta: 2003-10-01
Cuir an citeal ag fiuchadh agus faigh dhá mhuga dúinn.’ Ní raibh duine eile sa tsráid seo ’gainne a raibh thar ‘an cúpla focal’ aige agus b’áil leis i gcónaí mé a bhualadh isteach chuige agus iarracht á dhéanamh agam comhrá sa teanga a chur air, cé go bacach é ag an am.
‘Cigarettes & Whiskey & Wild, Wild Women’: Gearrscéal. Feasta 57 (9), 7-8. Seán O’Connor.
Leathanach: 7-8
Dáta: 2004-09-01
Dhá bhliain dar gcionn, agus Éire ar fiuchadh le teannas seicteach, b’é an Diúc a d’éiligh ar an Rí go síneofaí an Acht Fuascailte na gCaitliceach, nuair a bhí drogall ar Sheoirse IV an beart sin a dhéanamh.
Wellington, Bonaparte & Ról na nGael ag Waterloo. Feasta 68 (8), 12-14. Oilibhéar Ó Braonáin.
Leathanach: 12-14
Dáta: 2015-08-01
Níor aisling mheabhail a bhí ann, ná tromluí, ná rud a fuair bás aréir ar sceach, ach stiall stéige de shaol na hÉireann, slisne bagúin atá fós ar fiuchadh, cáis ar déanadh dearmad a chur ar ais sa chuisneoir, bainne ramhar nach bhféadfaí a uisciliú, meadhg a bhí riamh ag míogarnaigh gan dul as.
Lá faoin tor – Alan Titley
Dáta: 2014-10-01
“Hmmm?” Leanfaí ar aghaidh ansin go dtí na ceisteanna a bhain leis an siúcra, cén fhad ó fiuchadh an citeal sular chuir tú an t-uisce ar an tae agus an raibh aon seans ar spúnóg.
Marbh le tae nó marbh gan é, ach déanfaidh mé féin é!: An fhadhb atá ag ár gcolúnaí ná gur fhás sí aníos i dteach ina raibh gach duine an-phointeáilte faoi chúrsaí an tae – Bridget Bhreathnach
Dáta: 2017-04-06
I mo sheasamh sa gcistineach a bhí mé moch maidine, ag fanacht ar an gcaife fiuchadh is ag déanamh iontais cén sórt faeiléireachta atá ar bun againn uilig sa saol seo ar aon nós, nuair a phreab sí aníos le mo thaobh agus thosaigh do mo bhualadh le maidhm ceisteanna.
Is cuma más sa CIA, sa KGB nó sna NB (naíonáin bheaga) tú, bíodh d’obair bhaile déanta agat…: Bhí ár gcolúnaí lánchinnte de nach bhfaca sí a leithéid de slingshot riamh agus bhí sí sách cinnte de nár chaith sí amach é – Bridget Bhreathnach
Dáta: 2018-06-07
Nuair a bhíodh an t-iasc beirithe do dheinidís é a mhionú agus bhainidís as na cnámha agus chaithidís síos ar an bplúr is ar an uisce é agus chuiridís ag beiriú é os cionn na tine agus nuair a bhíodh sé ag fiuchadh do chaithidís oinniúin síos air.
Ó DHÚCHAS: Cad a bhíodh ar chlár bia an Bhlascaoid sna 1930idí?: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol – Máire Ní Fhinneadha
Dáta: 2018-06-15
Tugann sé faoi deara ansin doilbhe agus dorchacht na coille, tosaíonn sé arís ag iarraidh bealach amach as an gcoill a aimsiú nó a ghearradh, agus, nuair a theipeann air, tagann fiuchadh faitís air roimh ainmhithe allta na coille.
Léirmheas. Comhar 77 (7), 29-30. Cathal Ó Háinle.
Leathanach: 29-30
Dáta: 2017-07-01
Cad is gádh [a rádh] acht amháin go mbrisfear croidhe m’athar, agus go mbead-sa im stoc magaidh ag na cómharsain.’ Tamall níos faide ar aghaidh sa scéal, nuair atá Seán sa teach tábhairne, tuigtear gurb í an chaint mhaslaitheach fhonóideach a dhéantar faoina chás pearsanta a spreagann an fiuchadh feirge ann agus, ar ndóigh, an troid chinniúnach ina dhiaidh sin.
Gearrscéalaíocht Annraoi Uí Liatháin. Feasta 70 (11), 12. Aisling Ní Dhonnchadha.
Leathanach: 12
Dáta: 2017-11-01
Ní chuireann sé fiacail ann i gcásanna den chineál seo: caithfear an cath cóir a chur, agus moltar an té a thógas an seasamh ‘ceart’ sna cúrsaí seo, leithéid an fhir gan ainm a chomórtar i bhfeartlaoi dialainne mar ‘throdaí síor ar son na mbeo sa mbroinn le grá ar fiuchadh’ (‘16 Aibreán’, Cín Lae 1994, 22).
Ciarán Ó Coigligh. Oilithreacht. LeabhairCOMHAR 2012.
Leathanach: 003
Ní raibh Jon ag fiuchadh leis an díocas céanna, áfach, agus is dócha gurbh é ba chúis leis sin ná nár chuala sé an clampar is an tuairisceoireacht go léir a rinne meáin na Polainne ar an traein naofa seo.
Alan Desmond. Seal sa Pholainn. LeabhairCOMHAR 2007.
Leathanach: 078
Is dóigh go mba bhoichte iad na cuimhní cinn úd d’uireasa an phortaigh – púir dheataigh ag fánaíocht i spéir an tsamhraidh as an tine a bhíodh ag fiuchadh citeal le haghaidh bolgam mór tae agus blas láidir na móna air.
An portach – namhaid agus cara Chonamara: Sórt portach é talamh Chonamara uilig idir mhoingeanna agus chnocáin agus tá a lorg sin ar na bóithre – Gan údar
Dáta: 2019-03-11
Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair galghuail fúthu go mbíonn siad ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirithe trí sheacht dtroithe ar fad de phíoba isteach go gloine eile.
Gan teideal: Cothrom na seachtaine seo 130 bliain ó shin a foilsíodh An Claidheamh Soluis den chéad uair. Seo, i gcomhar le Conradh na Gaeige, leathanach tosaigh an chéad eagráin, mar a fógraíodh an iris nua a bheith ar an saol agus biseach a bheith ar an bPápa – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2019-03-21
Dhéanfá uisce arís ar an gcuma chéanna as an ngal a bhrúchtann as srón an choire bhig nó an chitil atá ina suí go minic ag fiuchadh ar chlár an tinteáin i gcomhar an tae a dhéanamh.
Gan teideal: Cothrom na seachtaine seo 130 bliain ó shin a foilsíodh An Claidheamh Soluis den chéad uair. Seo, i gcomhar le Conradh na Gaeige, leathanach tosaigh an chéad eagráin, mar a fógraíodh an iris nua a bheith ar an saol agus biseach a bheith ar an bPápa – Maitiú Ó Coimín
Dáta: 2019-03-21
Bean fhiata ar fiuchadh go fraochta.
Torann an domhain – Alan Titley
Dáta: 2007-04-11
Cuir deireadh snasta leis an mhionchaint Tá cásanna áirithe ann ina bhfuil an spruschaint riachtanach: agus tú ag fanacht le citeal fiuchadh, le ping ón oigheann micreathonnach, nó i scuaine sa bhialann oibre.
Comhairle Chabaireachta: 8 seift le mionchomhrá maith a dhéanamh! – Louise Smith
Dáta: 2017-03-07
Bhí dhá chat aige agus dhá pholl sa doras le hiad a ligean isteach – poll mór don chat mhór agus poll beag don chat bheag Thángthas air lá amháin, ubh ina lámh agus a uaireadóir ar fiuchadh ar an sorn.
Ar an lá seo: Samhain. An tUltach 91 (10), 23. Aodhán Ó Raghailligh.
Leathanach: 23
Dáta: 2014-10-01
An mó duine atá sna 'culinary unions' atá chun seasamh leis i Nevada, agus an gcuirfidh siad pota an dóchais ag fiuchadh dó arís?
Néal oíche agus tine maidine – Seán Tadhg Ó Gairbhí
Dáta: 2008-01-16
I leagan déanach an scéil léimid: I mbunleagan an scéil, is é an ní a scríobhadh ná: Tamall níos faide ar aghaidh sa scéal, nuair atá Seán sa teach tábhairne, tuigtear gurb í an chaint mhaslaitheach fhonóideach a dhéantar faoina chás pearsanta a spreagann an fiuchadh feirge ann agus, ar ndóigh, an troid chinniúnach ina dhiaidh sin.
Gearrscéalaíocht Annraoi Uí Liatháin (cuid 2): Ar ghearrscéalta an Liathánaigh féin a dhírítear sa dara cuid den alt seo. Feasta 70 (11), 12-14. Aisling Ní Dhonnchadha.
Leathanach: 12-14
Dáta: 2017-11-01
Comhábhair: • x2 Práta • x2 Ubh • x1 Oinniún • Ola olóige • Bainne Modh: • Scamh na prátaí agus cuir ar fiuchadh iad.
Bia, Díthogtha: Prátaí mar nach bhfaca tú riamh iad – Aodh Ó Corcráin
Dáta: 2013-06-13
Lógó gaois.ie
gaois.ie