#1836380
Níl an seangán ach cúpla nó trí mhilliméadar ar fhad, le ceann atá b’fhéidir, leath-mhilliméadar nó milliméadar ar leithead, agus is feirmeoir é.
Níl an seangán ach cúpla nó trí mhilliméadar ar fhad, le ceann atá b’fhéidir, leath-mhilliméadar nó milliméadar ar leithead, agus is feirmeoir é.
Tar éis nóiméid nó dhó, ní raibh fágtha idir an bheirt acu ach milliméadar.
Iarracht, seans, chun milliméadar eile a shracadh as Sinn Féin.
Beidh muid ag obair go docht go dtí an milliméadar,” a dúirt Ó Domhnaill.
Meastar go dtitfidh idir 20 agus 30 milliméadar báistí amárach agus amanathar san iarthar, agus go mbeidh an leibhéal chomh hard le 40 nó 50 milliméadar in áiteanna i gCiarraí.
Mar sin féin bhí bonn iomlán Lise ag gobadh amach san aer, gan ach milliméadar sála fostaithe.
Sa chluiche ceannais a chríochnaigh ar comhscór anuraidh, chuaigh buille saor ‘Bubbles’ O’Dwyer milliméadar amú agus an t-am caite.
Ceathanna troma toirní a bheidh ann agus d’fhéadfadh idir 25 agus 40 milliméadar báistí titim anocht agus tá an-bhaol ann go mbeidh fuarlaigh ar bhóithre.
Má shamhlaíonn tú an domhan mar liathróid peile, bhí Baumgartner níos lú na milliméadar os cionn an dromchla.
I gCora Droma Rúisc, Co Liatroma, tá foireann na Comhairle Contae ag taoscadh uisce as an tSionainn mar a bhfuil an leibhéal ardaithe 30 milliméadar ó inné.
Bhí 7.8% nach raibh aon tuairim acu agus nuair a chuirtear iadsan as an áireamh bheadh móramh bídeach, milliméadar os cionn 50%, ag na haontachtaithe.
Thug Evelyn Cusack le fios gur thit idir 40 agus 70 milliméadar báistí in imeacht dhá uair déag an chloig sa taobh ó thuaidh de Chonamara oíche sin na díle.
Thit 75 milliméadar báistí in imeacht trí huair an chloig sa Líonán an lá sin, a deir ceannasaí Met Éireann.
Tá tuilleadh báistí ar an mbealach agus measann Met Éireann go mbeidh sí chomh domhain le 80 milliméadar in áiteanna.
Bhí biaiste scórála sin ó Thiobraid Árann bun os cionn le gach a chuaigh roimhe sa chluiche agus faoi dheireadh na craoibhe, bhí Tiobraid Árann i bhfoisceacht cúpla milliméadair de chorn Liam Mhic Cárthaigh a bhreith leo.
Measaim gur ghlac an grúpa beag sin againn 5,000 pictiúr den eachtra sin amháin – gan caint ar na ceamaradóirí thall ar thaobh an dá sheastán eile – Ó Gabháin agus Cíosóg lena lionsaí fada 600 milliméadar Canon nó Nikon.
Tá fógra gaoithe a bhfuil stádas flannbhuí leis eisithe ag Met Éireann do shé chontae san iarthar idir 6 a chlog tráthnóna amárach agus 3 a chlog maidin Dé hAoine tráth a cheaptar a bhuailfeas Stoirm Lorenzo an tír seo. Is iad Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, an Clár, Gaillimh agus Maigh Eo na contaetha atá i gceist. Deir Met Éireann go mbeidh luas idir 100 agus 130 ciliméadar faoin ngaoth i gceantair cois cósta agus go ndéanfaidh an stoirm réabadh sna háiteanna sin. Tá 50 milliméadar baistí geallta san iarthar agus san iarthuaisceart agus contúirt tuillte ann dá reir.
Tá lucht meitéareolaíochta á thuar go dtitfidh idir 40 agus 60 milliméadar báistí sna ceantair sin idir 9 a chlog anocht agus 5 a chlog tráthnóna amárach agus go bhféadfadh fuarlaigh a bheith iontu.
Titfidh an bháisteach ina tulcaí sna háiteanna sin ó mheán oíche anocht go dtí breacadh an lae Dé hAoine. Meastar go bhféadfadh suas le 60 milliméadar báistí a bheith ann agus beidh fuarlaigh i roinnt ceantar. Cúige Chonnacht ar fad, Dún na nGall, an Clár, Luimneach, Ciarraí agus Corcaigh na réigiúin a bheas buailte.
Shnigh an t-uisce isteach i leathchéad teach agus ionad gnó i mbaile Bheanntraí, agus tá fuarlaigh agus smionagar ar bhóithre sa cheantar chomh maith. Buileadh Droichead na Bandan, Ros Ó gCairbre agus Dún Mánmhaí go dona freisin. Deir Comhairle Contae Chorcaí go bhfuil an baol ann fós go dtitfidh crainn i gcaitheamh na maidine. Thit idir 40 agus 50 milliméadar baistí idir 6 a chlog tráthnóna inné agus 6 a chlog ar maidin, agus deir lucht na haimsire nach bhfuil a deireadh feicithe fós againn agus an stoirm ag déanamh a bealaigh trasna na tíre inniu. Chomh maith leis na fuarlaigh, tuairiscíntear gan aon chumhacht aibhléise a bheith in áiteanna éagsúla sa tír, idir Leath Choinn agus Leath Mhogha.
Tá roinnt áiteanna i gcathair Chorcaí faoi uisce tar éis don Laoi cur thar bruach ar maidin. Tá tuilte sa chuid is mó de na príomhbhealaí i lár na cathrach - an Meal Theas, Sráid Oilibhéir Pluincéid, Sráid Marlborough, Sráid an Phrionsa, Sráid Pheambróg agus Sráid Phádraig ina measc. Suas le méadar uisce atá ar roinnt sráideanna. Meastar damáiste na milliún euro a bheith déanta do ghnóthais sa chathair de bharr na dtuilte. Tuairiscítear bóithre sa Phasáiste, i mBaile na Manach agus i mbaile Bheanntraí a bheith faoi uisce chomh maith. Tá fógra aimsire a bhfuil stádas buí ag dul leis eisithe don tír ar fad ag Met Éireann. D'fhéadfadh suas le 50 milliméadar báistí titim idir seo agus 3 a chlog tráthnóna, a deirtear.
Deir Met Éireann go dtitfidh idir 25 agus 35 milliméadar báistí i gceithre chontae in iarthar na tíre i gcaitheamh an lae - Dún na nGall, Liatroim, Maigh Eo agus Sligeach - agus go mbeidh fuarlaigh áitiúla ann. Bóthar faoi uisce i dtuaisceart Chonamara Tá fógra báistí a bhfuil stádas buí leis eisithe acu, agus beidh feidhm leis go dtí 5 a chlog tráthnóna. Leathfaidh an bháisteach soir ó dheas trasna na tíre ach triomóidh an aimsir i gcuid mhór de Chúige Laighean agus de Chúige Mumhan amach sa lá. Tá tuairim mhaith den lá amárach.
Aonad Ospíse Chiarraí i dTrá Lí D'iompaigh an tAire Stáit don Diaspora Jimmy Deenihan an fód ar láthair Aonad nua Ospíse Chiarraí i dTrá Lí tar éis méan lae inniu. Tá aonad nua cúig leapa déag le tógáil ar an láthair ar chostas 6.2 milliún Euro. Droch aimsir Tá an Stádas Buí Báistí a bhí á fhógairt do na laetheannta amach romhainn athraithe go dtí stádas oráiste ag Met Éireann do Chontaethe Chiarraí Chorcaí agus an Chláir. Tá súil go dtitfidh idir 30 agus 50 milliméadar báistí anocht agus amárach leis an mbáisteach ag bualadh Cósta Chiarraí go gairid tar éis mheán oíche anocht ag scuabadh leí soir trasna na tíre.