Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

spreacadh

62 toradh in 38 doiciméad

  1. #1689524

    Más féidir linn spreacadh a chothú sa duine eile, nach bhfuil sé chomh maith againn a dhéanamh amhlaidh agus amharc amach don duine nach bhfuil an spreacadh agus fuinneamh ann mar ba cheart.

  2. #801147

    Agus ba chosúil gur dhuine é Seán Mháirtín Antoine Seoighe nár chúlaigh riamh ó dheiseanna lena neart agus a spreacadh a chruthú don phobal agus don saol mór.

  3. #1101390

    Teacht aniar agus spreacadh Ach, nach bhfuiltear ag déanamh dearmad ar neart, ar theacht aniar, agus ar spreacadh, an chine s’againne: cine a mhair agus a tháinig slán ó ionradh na nDanar agus na Normannach; cine a tháinig slán ó ár agus ó shléacht an Ghorta Mhóir, agus cine a tháinig trí chogadh na saoirse agus trí chogadh na gcarad; cine ar éirigh leo teacht i dtír tar éis chruatan agus chéasadh chúlu eacnamaíochta thríochaidí an ocrais, agus ochtóidí an ghanntain; cine a bhfuil scileanna, clisteacht, agus teacht aniar gan teorainn iontu.

  4. #1668964

    Ar mhodh agus ar shiocair éicin nach dtuigim, braithim go bhfuil spreacadh fanta in go leor againn in Éirinn le gníomh úr aisteach éicin a dhéanamh go fóill.

  5. #578409

    Rugadh Máirtín Ó Cadhain ag am den tsaol a raibh anmheas ar fhear maith láí nó sleán nó speile agus cé go raibh dalladh téagair agus dalladh spreactha ann le bualadh faoina leithéid d’obair, níorbh fhiú cac an deabhail ar phortach ná i ngarraí é. Ba iad Pádraic agus Máire a rinne an obair agus bhí mórchuid oibre le déanamh le greim a choinneáil i mbéal muirín chomh mór sin.

  6. #114251

    Cuireann sí iachall orm tréimhsí a chaitheamh ‘i mo dhíthreabhach’ ar mo mharana san uaigneas ag sú isteach brí agus fuinneamh agus spreacadh glóir agus niamhracht Dé a bhíonn ag lonrú trí áilleacht an domhain nádúrtha.

  7. #266186

    An plean atá aige, a deir sé, ná an plódú a laghdú ar dtús ar mhaithe le sábháílteacht othar, agus ansin níos deireanaí sa bhliain spreacadh a chur faoi ghníomhaíocht na n-ospidéal, le hamanta feithimh a chiorrú.

  8. #619141

    Neadracha éanlaithe mara le feiceáil go fairsing ar stuaic ní ba leithne a bhí ag gobadh amach os cionn farraige cháite.Níor áit do chroí fabhtach é. Tonnchrith le mothú i spreacadh na haille nuair a bhrisfeadh maidhm a droim istigh san uachais a bhí tochlaithe ag an síor-rómhar faoi bhun na stuaice.

  9. #737519

    Chuidigh an obair a dhéanadh sé ar na láithreacha tógála le neart agus spreacadh a chothú sna géaga agus sna guaillí, ach níorbh aon chabhair dó na sosanna idir na troideanna, cuid acu fada go leor, le smacht a choinneáil ar a mheáchan ná le barr slachta a chur ar na scileanna agus ar a chumas aclaíochta, go háirithe ós rud é gur duine lách cuideachtúil é an Mainníneach ar bhreá leis comhluadar a chairde a thaithíodh tithe ósta Boston.