Gaois

Modh cuardaigh

Scag na torthaí

Bailiúcháin

Foirmeacha na bhfocal

táille

bus

30 toradh in 27 doiciméad

  1. #261077

    Ní féidir leis an Aire Iompair arduithe ar tháillí busanna agus traenacha a chur as an áireamh a deir sé.

  2. #261362

    D'fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair inniu go gcaithfear na táillí bus, tram agus iarnróid a ardú toisc fóirdheontais Stáit a bheith á laghdú.

  3. #288652

    Tá muintir na hÉireann sásta íoc as ticéid thraenach agus bhus; tuigeann siad nach mbeadh córas iompar poiblí ann gan táillí.

  4. #1129572

    ‘Ag dul chuig an scoil ar an gCeathrú Rua as Doire Fhátharta ar an mbus a bhí Baba maidin nuair a d’​íoc Johnny táille an bhus di ....

  5. #262994

    An Luas, Bus Átha Cliath, Bus Éireann agus Iarnród Éireann ar fad atá i gceist.  Tiocfaidh ardú de bheagnach 40% ar tháillí Bhus Éireann do dhaoine a íocfas in airgead tirim i gcomparáid leis an mbliain 2012.

  6. #1810998

    Tá sé tugtha le fios ag Teachta Dála Shinn Féin i nDún na nGall Pearse Doherty go bhfuil deimhniú faighte aige ón Aire Oideachais Joe McHugh go bhfaighidh teaghlaigh aisíocaíocht ar tháillí busanna scoile ó tharla scoileanna na tíre a bheith dúnta.

  7. #789789

    D’fhan sé ina sheasamh ag crosbhóthar, ag machnamh faoin gcruachás ina raibh sé – más cruachás a bhí ann dáiríre: bhí sé leis féin i mbaile mór strainséartha gan ina phóca ach táille an bhus, ach bhí éadroime ina cheann, an éadroime chéanna a mhothaigh sé an lá a tharraing sé doras árasán Dheirdre ina dhiaidh don uair dheireanach.

  8. #892401

    "Íocann an Stát  beagnach chúig uaire níos mó in aghaidh an duine bunaithe ar an daonra, le Bus Átha Cliath ná mar a íocann siad le Bus Éireann agus dá bharr sin tá seirbhísí Bhus Éireann thar a bheith easnamhach", a deir Ó Cuív.  "Tá táillí Bhus Éireann ar na seirbhísí tuaithe i bhfad níos airde ná mar atá ar na seirbhísí idir na cathracha agus na bailte móra agus níl aon tseirbhís ar fáil do mhicléinn atá ag  freastal ar an gColáiste i nGaillimh le theacht  abhaile ar an mbus, ó chaithfeas sé an 6.00 tráthnóna", a deir sé.

  9. #977158

    Nuair a bhíos óg ba é adeireadh mo mháthair liom, nuair a bhínn ag iarraidh an táille bhus chun na scoile a mhealladh uaithi, ba é a dhearbhaíodh sí ná go gcaillfinn cumas na gcos ar fad mura mbainfinn úsáid astu go rialta agus go dtí an lá atá inniu ann siúlaim i gcónaí mara rogha ar leas a bhaint as córas taistil ar bith eile.

    Paidir 'nua' an spóirt – Éadhmonn Mac Suibhne

  10. #1018359

    Cad fúthu seo: táille breise íseal-úsáide orthu sin nach gcuireann go leor draimhíle ar fáil gach seachtain; orthu siúd nach gcuireann go leor séarachais ar fáil; nach gcaitheann go leor uisce gach seachtain; nach ndéanann turais ar bhusanna poiblí go rialta nó nach mbíonn ag breathnú ar an teilifís nó ag úsáid an teilefóin phoiblí ach corruair.

    Gradam shotal na bliana – Seán Ó Héalaí

  11. #1602263

    “Tá roinnt nithe eile ardaithe liom maidir leis an tseirbhís seo.  Ar an gcéad dul síos ní thagann an chéad bhus go Gaillimh ar maidin in am do dhaoine atá ag dul chuig léachtaí luatha i GMIT agus freisin níl na seirbhísí díreacha ó GMIT agus go GMIT le bheith ann níos mó.” Dúirt Ó Cuív freisin gur “scannal” iad na táillí bus a ghearrtar ar an tseirbhís seo agus ar sheirbhísí tuaithe eile ar fud na tíre.

  12. #1656271

    Cuimsíonn táille an turais an ticéad bus síos go dtí na bláir shneachta, cead isteach go Páirc Náisiúnta Kosciusko agus cead ardaitheora, chomh maith le húsáid scíonna, maidí agus buataisí sciála don lá ar fad.

  13. #1786455

    An bunrud a spreag é, nuair a chuaigh mé abhaile ar an bhus cúpla uair, agus níor iarradh aon táille orm, mheas mé, ‘tá rud éigin saoifiúil ag tarlú anseo!’ Gné na státseirbhíse, is dóigh go mbaineann sé le Brian Ó Nualláin.

  14. #1793323

    Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.m.

  15. #1908515

    "Íocann an Stát  beagnach chúig uaire níos mó in aghaidh an duine bunaithe ar an daonra, le Bus Átha Cliath ná mar a íocann siad le Bus Éireann agus dá bharr sin tá seirbhísí Bhus Éireann thar a bheith easnamhach", a deir Ó Cuív.  "Tá táillí Bhus Éireann ar na seirbhísí tuaithe i bhfad níos airde ná mar atá ar na seirbhísí idir na cathracha agus na bailte móra agus níl aon tseirbhís ar fáil do mhicléinn atá ag  freastal ar an gColáiste i nGaillimh le theacht  abhaile ar an mbus, ó chaithfeas sé an 6.00 tráthnóna", a deir sé.

  16. #1920545

    Táillí bus le laghdú i Múscraí Tá sé curtha in iúl ag an dTeachta Dála Aindrias Ó Muimhneacháin, Chúil Aodha, go bhfuil laghadú 46% i dtáillí bus i ndán do phaisinéirí Bhaile an Chollaigh in oirthear Mhúscraí ón gcéad lá don Nollaig.

  17. #1935346

    Busanna scoile Tá sé tugtha le fios ag an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil deimhniú faighte ón Aire Oideachais Joe Mc Hugh go bhfaighidh teaghlaigh aisíoc ar tháillí na mbusanna scoile mar gheall ar an víreas corónach.

  18. #1908514

    Busanna  Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nár mhór athstruchturú iomlán a dhéanamh ar sheirbhísí fóirdheontais agus ar tháillí Bhus Éireann mar chuid den pholasaí athnuachan tuaithe.

  19. #1887649

    Agóid Uisce Tá sé ráite ag na dreamannaí atá ag eagrú daoine le dul ar an agóid taobh amuigh den Dáil faoi na táillí uisce amárach go mbeidh 11 bus ar fáil acu i gContae na Gaillimhe le daoine a thabhairt go Baile Átha Cliath.

  20. #1907023

    Bus Éireann  Tá sé i gceist ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh teagmháil a dhéanamh le Bus Éireann i nGaillimh an tseachtain seo féachaint le meabhair a bhaint as na sceidil agus na táillí don chóras bus poiblí i gConamara.  Fuair sé clamhsán ó dhuine den phobal faoin gcostas ard atá ar thicéad don bhus idir Casla agus cathair na Gaillimhe i gcomparáid le bealaí eile ar nós idir Gaillimh agus Luimneach.  Creideann an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil éagóir á déanamh ar mhuintir Chonamara ó thaobh na seirbhíse poiblí seo go háirithe nuair atá praghas ticéad idir Gaillimh agus Luimneach níos saoire.

  21. #1887673

    Tá an t-airgead ceadaithe le seirbhísí sláinte agus sábháilteachta a fheabhsú  ag an Aerfort.  Agóid Tá na céadta as Dun na nGall i láthair i mBaile Átha Cliath inniu don agóid náisiúnta in éadan na dtáillí uisce. D'fhág 5 bhus déag an contae ar maidin agus thaisteal cuid mhór fosta ina gcuid carranna féin. Dúirt Oifigeach Caidreamh Poiblí on Ghrúpa Cearta Uisce an Comhairleoir Gary Doherty go léiríonn an scaifte mór as an chontae a thaisteal go Baile Átha Cliath inniu an míshuaimhneas atá ar dhaoine sa chontae maidir le táillí uisce.  Taisme Bóthair Maraíodh bean 86 bliain d'aois i dtaisme bóthair  ar Bhealach Bhun Dobhráin aréir. Tharla an taisme ar 20 bomaite go dtín 7 ag Bealach Bhun Dobhráin. Bhí an bhean ag siúl nuair a bhuail carr í. Tugadh í go hOtharlann Shligigh ach fuair si bas gan mhoill i ndiaidh daoithe an Otharlann a bhaint amach . Ta an bealach druidte faoi láthair.