Beathaí nua curtha le Ainm.ie
18 Samhain 2016
Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (www.ainm.ie) le déanaí. Mórshaothar luachmhar léinn é an cnuasach beathaisnéisí seo a chuimsíonn breis is 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis.