Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae Laoise
25 Samhain 2015
Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Contae Laoise a théann siar i bhfad. D’fhág gach ré a rian ar an gcontae – na taoisigh Ghaelacha, na Normannaigh, na manaigh, na hÚgónaigh, na tiarnaí talún agus lucht Chonradh na Talún. Ní haon ionadh go leagtar béim ar chúrsaí talún agus cumhachta sna cuntais a fhaightear sna seacht n-imleabhar déag ó Chontae Laoise i mBailiúchán na Scol.