Ceardlann Logainmneacha 2024
24 Meitheamh 2024
Caitear súil siar sa bhlagmhír seo ar an gCeardlann Logainmneacha a reáchtáladh an mhí seo caite.
24 Meitheamh 2024
Caitear súil siar sa bhlagmhír seo ar an gCeardlann Logainmneacha a reáchtáladh an mhí seo caite.
15 Eanáir 2024
Sa bhlagmhír seo tá radharc beag ar chuid de na nithe a bheas ar bun ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2024.
9 Eanáir 2023
Caitear súil chun cinn sa bhlagmhír seo ar roinnt den obair a bheidh idir lámhá againn i gcaitheamh na bliana seo.
13 Eanáir 2022
Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2022. Tá forbairtí suntasacha poiblí beartaithe againn, agus go leor oibre eile ag dul ar aghaidh taobh thiar de na cuirtíní.
16 Lúnasa 2021
Sa bhlagmhír seo, pléifear an cleachtas feirmeoireachta ar a dtugtar ‘an buailteachas’ agus lorg an traidisiúin sin ar an bhailiúchán logainmneacha Mionlogainmneacha Cheantar Ghleann Átha, Contae Dhún na nGall atá ar fáil ar Meitheal Logainm.ie.
1 Feabhra 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
12 Deireadh Fómhair 2020
Tá lúcháir ar ghrúpa taighde Gaois agus ar an mBrainse Logainmneacha, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, a fhógairt go bhfuil an chéad leagan poiblí de Chomhéadan Feidhmchláir (API) Logainm ar fáil anois.
30 Márta 2020
Rinneadh nuashonrú teicniúil ar Logainm.ie le déanaí a chuireann go mór le hinchuardaitheacht shaibhreas an bhunachair. Mar chuid den fhorbairt seo, a rinneadh ar mhaithe le feidhmiúlacht na n-uirlisí geoshuímh a fheabhsú, cuireadh c.14,000 sráid nua leis an mbunachar agus cuireadh geochód le c.16,000 sráid eile a bhí sa bhunachar cheana.
27 Eanáir 2020
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2020.
29 Aibreán 2019
Is maith an scéalaí an aimsir, mar a deir an seanfhocal, ach is maith an scéalaí na mionainmneacha go deimhin freisin! Bíonn neart eolais le fáil iontu, mar shampla eolas faoin tírdhreach, eolas faoi stair na lonnaíochta, na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, agus eolas faoi na daoine a bhí ina gcónaí san áit. Is uirlis sluafhoinsithe í Meitheal Logainm.ie chun mionainmneacha agus na sonraí a bhaineann leo a stóráil, a chaomhnú agus a roinnt.
1 Eanáir 2019
Tá pleananna móra againn do 2019!
17 Nollaig 2018
Cuireadh go leor i gcrích in oifigí Gaois i rith 2018.
29 Meitheamh 2018
Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh thiar thall, tá Corn an Domhain faoi lán seoil, tá an ghrian ag taitneamh agus tá an saol mór ag baint sult as tráthnónta fada an tsamhraidh. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don samhradh nó do ghné áirithe a bhaineann le míonna an tsamhraidh agus le cúrsaí aimsire.
17 Meitheamh 2018
Eagraíodh ceardlann dhátheangach in Fiontar & Scoil na Gaeilge, an 17 & 18 Bealtaine 2018, chun cúrsaí mionlogainmneacha a phlé agus chun spléachadh a thabhairt ar an obair agus ar an taighde atá ar siúl sa réimse. Bhí idir bhaill de chumainn áitiúla oidhreachta agus staire, léachtóirí, mic léinn, múinteoirí, staraithe, taighdeoirí agus tíreolaithe i láthair ag an ócáid agus déantar achoimre sa bhlagmhír seo ar imeachtaí na ceardlainne.
4 Bealtaine 2018
Cuireadh tús leis an tionscadal Logainm breis is deich mbliana ó shin agus seoladh an chéad leagan den bhunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann, logainm.ie, i nDeireadh Fómhair 2008. Is bunachar é seo a chruthaigh Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta) chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar agus a bhainistiú.
7 Márta 2018
Tá foireann Mheitheal Logainm.ie ag tabhairt cuireadh do dhaltaí iar-bhunscoileanna sonraí maidir le mionainmneacha i gceantar na scoile (nó in aice le háit chónaithe na ndaltaí) a ionchur ar Mheitheal Logainm.ie. Cuirfear na bailiúcháin is fearr ar phríomhleathanach an tsuímh agus déanfar iad a phoibliú ar na meáin shóisialta. Cuirfear duaiseanna de luach €300 agus €150 ar fáil don dá bhailiúchán is fearr. Beidh na duaiseanna le dáileadh ag an múinteoir/scoil.
3 Eanáir 2018
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Seo thíos spléachadh beag ar a mbeidh ar na bacáin ag foireann na dtionscadal i mbliana.
18 Nollaig 2017
Ní áibhéil a rá go raibh 2017 gnóthach anseo in oifigí na dtionscadal.
13 Nollaig 2017
Tá oícheanta fada an gheimhridh buailte linn agus tá na hullmhúcháin don Nollaig faoi lánseol i láthair na huaire. Tá na siopaí maisithe agus tá soilse ildaite crochta ar na sráideanna agus ar chuid mhór tithe araon. Agus Lá Nollag ag teannadh linn, caitear súil sa bhlagmhír seo ar roinnt logainmneacha ina ndéantar tagairt don Nollaig nó do ghné áirithe a shamhlaítear leis an bhféile seo de ghnáth. Tá eolas i dtaca leis na mílte logainmneacha stóráilte i mBunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) agus roghnaítear dornán díobh anseo le cíoradh i gcaitheamh laethanta beaga na Nollag.
24 Lúnasa 2017
Cé go mbíonn cúrsaí níos ciúine san ollscoil i gcaitheamh an tsamhraidh, bíonn an fhoireann taighde anseo in Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG) ag obair leo go dícheallach i gcónaí. D’éirigh le baill den fhoireann freastal ar roinnt comhdhálacha le linn an tsamhraidh chun gnéithe éagsúla den obair agus den taighde a bhíonn idir lámha againn ó lá go lá a chur i láthair. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den ábhar a pléadh in áiteanna difriúla le déanaí.